Rúraíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, is cnuasach scéalta laochais na meánaoise é An Rúraíocht, aitheanta tráth mar Scéalaíocht na Craoibhe Deirge/Rua. Ar cheann de na ceithre mórscéalaíochta sa tseanlitríocht na Gaeilge, insítear inti faoi laochra tradisiúnta na nUladh, as oirthir chúige Uladh agus tuaisceart chúige Laighean mar atá anois, go háirithe na contaethe Ard Mhacha, an Dúin agus . De bharr sin, tugtar the Ulster Cycle ar na scéalta as Béarla. Timpeall nó roimh an gcéad aois AD atá na scéalta suite.

Scéalta na Rúraíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn réim an rí, Conchúr Mac Neasa, ina rí thigh ag Eamhain Mhacha, atá na scéalta suite. Bhí buíon laochra aige darbh ainm an Chraobh Rua. Is é nia Chonchúir, Cú Chulainn, an laoch is suntasaí.[1] Ba mhinic a mbíonn coimhlint idir na hUlaidh agus na Connachta, i gceannas na banríona Méabh, i dteannta lena fear chéile, Ailill, agus a gcomhghuaillí, Fergus mac Róich, iar-rí na nUladh arc deoraíocht. Insíonn scéalta eile faoin bhreitheanna, suirithe agus básanna na gcarachtar, agus an choimhlint eatarthu.

Scríobhadh na scéalta as Sean- agus Meán-Ghaeilge, go formhór i bprós le filíocht anois is arís tríd. Caomhnaítear iad i lámhscríbhinní de 12ú go 15ú aoiseanna, ach tá go leor de na na scéalta féin níos sine. Is féidir dáta san 8ú hais a thabhairt don teanga na scéalta is luaite, agus luaitear carachtair agus eachtraí i ndánta den 7ú haois.[2] Tá an teanga giorraisc, foréigneach, uaireanta grinn, agus go formhór réadúil, cé go gcuirtear ábhair osnádúrtha isteach ó am go ham. Tá cumais fhordhaonna troda ag Cú Chulainn ach go háirithe, mar thoradh a sinsearacht leath-dhiaga, agus nuair i dteann feirge é, athraíonn a straidhn chatha nó riastradh ó bhonn é ina an arracht nach n-aithníonn nó cara nó namhaid. Tagann déithe amhail is Lugh, the Mór-Ríoghain, Aengus agus Midhir ar an bhfód ó am go chéile.

Murab ionann an chuid is mó de nós seanscéalach na nGael, ina léitear Éire ársa aontaithe a bheag nó a mhór faoi tsraith Ard-Ríthe, léitear sa Rúraíocht tír gan teann lárnach, roinnte ina ríochtaí áitiúla go minic ag troid lena chéile. Léitear sibhialtacht phágánach, thréadach, faoi cheannas uaslathas laochais. Buanaítear chairdeas idir teaghlaigh de chuid na huasaicme trí altramas a gcuid páistí. Áirítear maoin le bólacht. Téitear i mbun catha trí ruathair bó, nó comhraic aonair ag áthanna idir laochra. Cuirtear scaití srianta ar ghníomhartha na gcarachtar le coiscithe darb ainm geasa.

Is é an Táin Bó Cúailnge an scéal is faide agus is tábhachtaí den tsraith. Bailíonn Méabh arm ollmhór chun Cuaille a ionsú agus tarbh luachmhar na nUladh, Donn Cuailnge a ghoid. Mar gheall ar gheis a bhí ar laochra na Craoibhe Rua, ní raibh ar a gcumas troid in aghaidh a namhaide, níor sheas Cú Chulainn seacht mbliana déag d'aois an fód. Sa Táin Bó Flidais, nó an Táin Maigh Eo, bó bhán darb ainm 'Maol' is ea mian an chroí, óir is féidir léi a leor bainne a tabhairt ag aon chrú amháin chun arm iomlán a bheathú.

Scéal cáiliúil eile is ea straitéise Dheirdre, bunús de dhrámaí le W. B. Yeats agus J. M. Synge, a bhí roghnaithe mar chéile ag Conchúir Mac Neasa, ach a d'éalaigh le Naoise go hAlbain. Tar éis tamaill, d'iarr Conchúr ar Naoise agus a dheartháireacha, an Chlann Uisnigh, teacht ar ais go hÉirinn agus iad maite aige. Maraíodh na deartháireacha go fealltach ámh chomh luath agus a shroich siad príomhchathair an rí, Eamhain Mhacha. Léim Deirdre as carbad an rí agus rinneadh smidiríní dá ceann in aghaidh carraige.

Tréimhse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear go tradisiúnta go dtarlaíonn eachtraí na scéalaíochta timpeall ré Chríost. Tá breith agus bás Conchúir comhthrátha le breith agus bás Chríost,[3] agus cuireann Leabhar Gabhála na hÉireann dáta don Táin Bó Cúailnge, agus breith agus bás Chú Chulainn, le réim an Ard-Rí, Conaire Mór, a bhí a deir sé chomhaoiseach le hImpireacht na Róimhe, Augustus (27 RC — AD 14).[4] Luann roinnt scéalta, ina measc an Táin, do Chairpre Nia Fer mar rí na Teamhrach, ag cur in iúl nach raibh Ard-Rí i réim ag an am.

Is amhlaidh gur iomrall aimsire é na Connachta mar naimhde na nUladh. Dúradh de ghnáth gur de shliocht Choinn Chéadchathaigh iad na Connachta, a mhair a deirtear roinnt céadta níos déanaí. I scéalta ina dhiaidh sin, úsáidtear an t-ainm Cóiced Ol nEchmacht chun an fhadhb seo a réiteach. Iarracht tacair le manaigh Chríostaí ab ea é ámh chun cróineolaíocht na seanscéalta Gaelacha a chur le chéile le stair chlasaiceach agus leis an mbíobla, agus d'fhéadfadh é gur cuireadh cogaidh stairiúla idir na hUlaidh agus na Connachta as ionad ó thaobh ama de.[5]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dteannta le Leabhar Gabhála na hÉireann , measadh i nÉirinn leis na céadta anuas gur stairiúil iad na hábhair sa Rúraíocht. Tá seasamh níos cáintí glacadh ag scoláirí an lae inniu ar an mórchóir.[6]

De réir roinnt scoláirí den 19ú agus luath-20ú aoiseanna, ansin is Eugene O'Curry agus Kuno Meyer, stairiúil iad ab ea scéalta agus pearsan na Rúraíochta. Chreid T. F. O'Rahilly gur miotasach go iomlán iad na scéalta agus gur déithe eoihéimirthe iad na carachtair. Mhol Ernst Windisch nach raibh ach fíorbheagán miotais iontu, cé cumtha go formhór.[7]

Tá roinnt ábhar an sa scéalaíocht a chuireann i gcuimhne cuir síos clasaiceacha de shochaí Ceilteacha sa Ghaill, sa Ghaláit agus sa Bhreatain. Troideann gaiscígh le claimhte, sleánna agus sciatha, agus téann i gcarbaid dhá chapall, tiomáinte ag carbadóirí oilte ó na híseal-aicmí.[8] Baineann agus chaomhnaíonn siad cinn a naimhde,[9] agus déanann siad gaiscí as a gcuid eachtraí agus crógachta ag fleánna, agus bronntar an curadhmhír don tré is cróga.[10] Tugann draoithe, agus tá agus olchumhacht ag na filí.

De bharr na hábhar seo, tá scoláirí amhail is Kenneth H. Jackson den tuairim go gcaomhnaíonn an Rúraíocht fíorthraidisiúin Ceilteacha ón iarannaois.[11] De réir scoláirí eile ámh, tá tionchar na litríochta clasaicí le feiceál ann,[12], cé nach séantar go raibh ábhar fíorársa an bhéaloidis le fáil ann. Mar shampla, scríobh J. P. Mallory nach dtugann an taifead seandálaíochta nó fianaise teangan araon tacaíocht d'iarsmaí na hiarnaoise sa Rúraíocht, ach thug sé trácht ar an mBóthar Chorr Liath sa scéal sean Tochmharc Éadaoine mar eisceacht tsuntasach.[13]

Is dóchúil é gurbh iad na strata is sine sa scéalaíocht ná iad a insíonn faoin ngaol gasta idir na Ulaidh agus na Éarainn. Thug Eoin MacNeill faoi ndeara céad bliain ó shin[14] gurb amhlaidh go raibh i ndáiríre gaol chlainne ag na Ulaid (léirithe leis an Dál Fiatach, Cú Raoi srl.) agus na hÉarainn (léirithe leis na Clanna Dedad agus níos déanaí Conaire Mór) le chéile. Bhí T. F. O'Rahilly den tuairim gur shliocht de na hÉrainn ab ea na hUlaidh, déanta na fírinne.[15]

Is amhlaidh go raibh roinnt de na hÉrainn ina ríthe cumhachta na Teamhair, le bunáit thánaiste ag Teamhair Luachra in Iarthar na Mhumhan. Tarlaíonn roinnt eachtraí na Rúraíochta anois, nó b'fhéidir aistríodh iad ó Teamhraigh lár tíre. Lena cois sin, is díol suntais é go bhfuil roinnt scéalta ann, a bhaineann le luathcheannas na nÉarann, atá níos sine ná cuid mhór de scéalta na Rúraíochta, i n-ábhar murab i leagan, agus meastar réamh-Chríostaí go mór ó thaobh tréithe de. Tá roinnt scéalta ann nach ndéanann lua ar bith do Chú Chulainn nó do phearsana cáiliúla eile na Rúraíochta, agus is amhlaidh gur athraíodh beagán iad a dhéanann lua, tar éis di a mhéadú leis an Táin agus méadú tóra.

Téacsanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas liosta de scéalta na Rúraíochta, cé nára iomlán é. Ní hé an rangúchán seo de réir 'genre' an t-aon ceann a fheictear, agus ní gá gurbh ionann é agus leaganacha scoláireachta.

Scéalta is luaite[cuir in eagar | athraigh foinse]

Compert - Breith[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tochmhairc agus elopements[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fleánna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cathanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cath Airtig
  • Cath Aenaig Macha
  • Cath CumairCath Atha Comair
  • Cath Findchorad
  • Cath Leitrich Ruide
  • Cath Ruis na Ríg
  • Cogadh Fheargusa agus Chonchobhair
  • Forfess fer Falchae
  • Comracc Con Chulainn re Senbecc
  • Cathcharpat Serda, cathcharbad spealtha

Táinte Bó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réamhscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Anbhás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Miscellaneous[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear na scéalta is tábhachtaí na Rúraíochta sna haistriúcháin Bhéarla seo:

  • Thomas Kinsella, The Táin, Oxford University Press, 1969
  • Stephen Dunford, Táin Bó Flidais or The Mayo Táin, Enniscrone, 2008
  • Jeffrey Gantz, Early Irish Myths and Sagas, Penguin, 1981
  • Tom Peete Cross & Clark Harris Slover, Ancient Irish Tales, Henry Holt & Company, 1936 (ar athchló le Barnes & Noble, 1996)
  • John T Koch & John Carey, The Celtic Heroic Age, Celtic Studies Publications, 2000
  • Kuno Meyer, The Death-Tales of the Ulster Heroes, Todd Lecture Series, 1906
  • A H Leahy, Heroic Romances of Ireland, 2 vols, 1905–1906 (online at Sacred Texts)

Cóirithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meán Na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meán an Bhéarla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug an Rúraíochta spreagadh agus ábhair do scríbhneoirí an athbheochain Ghaelaigh thoradh tús na 20ú haoise. Tá an chuid is mó de na scéalta le léamh i Cuchulain of Muirthemne (1902) le Lady Gregory,[20] díreach mar a rinne did Eleanor Hull dó léitheoirí óga in The Boys' Cuchulain (1904).[21] Scríobh William Butler Yeats sraith drámaí – On Baile's Strand (1904), Deirdre (1907), The Green Helmet (1910), At the Hawk's Well (1917), The Only Jealousy of Emer (1919) agus The Death of Cuchulain (1939) – agus dán, Cuchulain's Fight with the Sea (1892), bunaithe ar na seanscéalta úd. Chuir sé i gcrích an dráma le John Millington Synge mar mhair, Deirdre of the Sorrows (1910), ag obair le baintreach Synge, Molly Allgood.[22]

I measc cóirithe liteartha ar na mallaibh tá: úrscéal na bpáistí The Hound of Ulster (1963) le Rosemary Sutcliff; an t- úrscéal A Shadow of Gulls (1977) le Patricia Finney; agus an dráma A Cry from Heaven (2005) le Vincent Woods. Tá sraith sé aistriúchán scríofa ag Randy Lee Eickhoff, ag tús le The Raid (2000).[23]

Faightear cuid den scéalaíocht cóirithe mar gréisgreannán, ina measc: The Cattle Raid of Cooley le Patrick Brown, dírithe ar Chú Chulainn; agus About a Bull le M.K. Reed, ar Mhéabh.[24]

Mar chuid den sraith Radio Tales ar National Public Radio, craoladh an ceoldráma "Celtic Hero", a bhí bunaithe ar Tochmharc Eimhire.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ulster Cycle" (en-US).
  2. Garret Olmsted, "The Earliest Narrative Version of the Táin: Seventh-century poetic references to Táin bó Cúailnge", Emania 10, 1992, ll. 5–17
  3. Kuno Meyer, "Anecdota from the Stowe MS. No 992", Revue Celtique 6, 1884, ll. 173–183; Kuno Meyer, The Death Tales of the Ulster Heroes, Todd Lecture Series, 1906, ll. 2–21
  4. R. A. Stewart Macalister, (eag. & aistr.), Lebor Gabála Erenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 301
  5. Francis J. Byrne, Irish Kings and High Kings, Four Courts Press, 2001, lch. 50.
  6. "In Search of the Irish Dreamtime: Archaeology and Early Irish Literature by J.P. Mallory review".
  7. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946, ll. 269–271; Cecile O'Rahilly, Táin Bó Cualnge from the Book of Leinster, Institiúid Ard-Léinn, 1967, Introduction, lch. ix
  8. Féach Táin Bó Cúailnge from the Book of Leinster ll. 164–166 with Diodorus Siculus, Historical Library 5.29, Julius Caesar, Commentarii de bello Gallico 4.33
  9. Compare The Tidings of Conchobar son of Ness §15 with Diodorus Siculus, Historical Library, 5.29
  10. Féach The Story of Mac Dá Thó's Pig, Bricriu's Feast agus Athenaeus, Deipnosophists 4.40, Diodorus Siculus, Historical Library 5.28
  11. Kenneth Hurlstone Jackson, The Oldest Irish Tradition: a Window on the Iron Age, Cambridge University Press, 1964
  12. John T. Koch, "Windows on the Iron Age", Ulidia, December Publications, 1994, ll. 229–237; J. P. Mallory, "The World of Cú Chulainn: The Archaeology of Táin Bó Cúailnge", Aspects of the Táin, December Publications, 1992, ll. 103–153
  13. J. P. Mallory, In Search of the Irish Dreamtime. Thames & Hudson. 2016.
  14. Eoin MacNeill, "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", in Proceedings of the Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29. (1911): 59–114
  15. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 1946.
  16. athadh1 ar teanglann.ie, éalú
  17. De ghnáth, is cuid de Scéalaíochta na Ríthe is ea an scéal seo, ach tagann roinnt laochra na nUladh ar an bhfód, amhail is Conall Cearnach.
  18. Ferchuitred ar eDIL
  19. siabhair1 ar teanglann.ie FGB
  20. Cuchulain of Muirthemne le Lady Gregory
  21. The Boys' Cuchulain le hEleanor Hull
  22. Deirdre of the Sorrows le J. M. Synge
  23. "Macmillan: Series: Ulster Cycle" (en-US). US Macmillan.
  24. "The Great Cow Fight (Redux)". www.tcj.com.