Dál Fiatach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Teimpléad:Bosca eolais rítheaghlac.h

Dream agus ríocht Ghaelach i n-oirthuaisceart na hÉireann le linn na meánaoise ab ea an Dál Fiatach.

Fo-ríocht na nUlad ab ea í, agus a príomhhrítheaghlach len cuid is mó de stair na nUlad. Bhí a chríocha suite in oirthear Contae an Dúin. Ba í Dún Leathglaise (Dún Pádraig) an príomhchathair acu, agus ón 9ú haois i leith, ba í Mainistir Bheannchair an suíomh creidimh is tábhachtaí acu.

Na hUlaid agus a dtrí phríomh-fho-ríocht (aibhsithe as buí) sa 10ú–11ú haois

Sinsearacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maítear gur sliocht é an Dál Fiatach d'Fhiatach Finn mac Dáire, Rí seanscéalach na nUladh agus Ard-Rí na hÉireann. Meastar go raibh gaol acu leis na Voluntii (Ulaid) agus Darini sa Gheografaíocht le Tolamaes. Tá gaol acu fosta, agus b'fhéidir níos gairide, leis na Dáirine réamhstairiúil agus an Chorca Laidhe sa Mumhan. Tá fianaise ann le haghaidh gaoil leis an Osraí, agus níos faide amach leis an Dál Riada.

I dteannta sin uile, tá nasc idir na hUlaid agus na hÉrainn. Mhaítí an Dál Fiatach go raibh gaol acu le Cú Raoi mac Dáire agus na Clanna Dedad.[1][2]

Rúraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creideann scoláirí gurbh ionann an Dál Fiatach agus. na hUlaid fíorstairiúil (< Voluntii, *Uluti). Tar éis meath an Dáil sa 7ú haois, mhaígh an Dál nAraidi (nó Cruthin) neamhghaolta gur na "fíor-Ulaidh" iad, de shliocht Rudhraí mhic Sithrí trí Chonall Cearnach na Rúraíochta. In ionad a chur in éadan bréag-éilimh na gCruithne ar a shinsir ársa, ámh, is amhlaidh gur shocraigh an Dál Fiatach béim a chur ar ghaol lena mhuintir is gairide ba chuimhneach leo, mar atá Clanna Dedad na Mumhan, céilí comhraic millteacha na gClann Rudhraí.[3]

Cé go nglacann scoláir leis an ngaol idir na Dáirine agus/nó Clanna Dedad (Érainn), is léir gur truaillithe iad luath-ghinealaigh an Dáil Fhiataigh marab ionann na Dáirine agus an Chorca Laidhe. Ní féidir a ngaol le muintir na Mumhan a athchruthú ach le fianaise teangeolaíochta agus Éireann de réir Tolamaes.

Ríthe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rí Uladh (Ulaid) ab ea gach rí an Dáil Fhiataigh a bhfuil eolas air, cé go raibh roinnt ríthe Uladh cumhachta ann de chuid an Dál Araide.

Is iad a leanas roinnt ríthe tábhachtacha an Dál Fiatach:

Dún Leathglaise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí mionchraobh an Dál Fiatach i gceannas i Lecale, an leithinis ó dheas phríomhchathair ríoga an Dáil Fhiataigh, Dún Leathglaise (Dún Pádraig an lae inniu). Bheadh Dún Lethglaise féin ina shuíomh mainistreach mór le rá. Ón 9ú haois i leith, d'éirigh Beannchar, ó thús faoi cheannas an Dáil Araide, an suíomh creidimh is tábhachtaí gnáthaithe ag ríthe.

Treibheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad a leanas roinnt treibheanna atá, nó a mhaíonn a bheith, de shliocht an Dáil Fhiataigh:

  • Dál mBuinne, aitheanta chomh maith mar Mhuintir Branáin, lonnaithe gar de Moylinny, Contae Aontroma. Dream na nUlad, caomhnaítear an t-ainm sa déanacht mheánaoiseach of Dalboyn.[5]
  • Leth Cathail, mionchraobh an Dáil Fhiataigh, lonnaithe sa bharúntacht Leath Cathail, Contae an Dúin.[5]
  • Uí Blathmaic, lonnaithe i tuaisceart Aird Uladh agus cuid den Caisleán Riabhach. Caomhnaítear an t-ainm sa ggg agus contae meánaoiseach Uí Blathmaic (contae).[5]
  • Uí Echach Arda lonnaithe sa leithinis Aird Uladh.
  • Mac Duinnshléibhe.[6]
  • Ó hEachaidh.[6][7]

Leaganacha ginealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach anseo le haghaidh bhunchraobh ghinealaigh, ina bhfuil dhá leaganacha, ó Deda mac Sin sin nó Eochaid mac Sin mar shinsir.

Tá ginealach eile le fáil i Rawlinson B 502 ¶689:

Fiatach Find m. Dáre m. Forgo a quo Dál Fiatach rí h-Érenn .iii. co torchair la Fiachaich Fidfholaid m. Feradaich.

Faightear Dáire mac Forgo mar luath-rí Eamhain Mhacha at ¶1481

Dáre m. Forgo m. Feideilmid (m. h-Uamunchinn) (m. Corráin m. Caiss m. Aragatmhir).

Óir gur athair Fhachtna Fháthaigh é Feideilmid de réir an leagain seo, is uncail Chonchúir mhic Neasa é Forgo dá bharr. In alt eile, is é Fachtna

mac Cais m. Rudhraí (a quo Clanna Rudraige) m. Shithrí m. Duibh m. Fomhóir m. Airgeadmhar.

Feictear Forgo fosta ámh mar shinsear Dedad mhic Shin at ¶1696

Dedu m. Sin m. Roshin m. Triir m. Rothriir m. Airnnil m. Maine m. Forggo m. Feradaig m. Ailella Érann m. Fiachach Fir Mara m. Óengusa Turbich Temra.

Feictear Forgo eile i appears in the line of the historical kings of Dál Fiatach, anseo mar athair as the father of Mhuireadaigh Mhuindeirg:[8]

Eochu m. Ardgair m. Matudáin m. Áeda m. Eochucain m. Áeda m. Echdach (qui habuit filios .xii.) m. Fíachnai m. Áeda Roín m. Béce Bairche m. Blaithmeic m. Máile Coba m. Fíachnai Duib Tuile m. Demmáin m. Cairill (qui credit Patricio) m. Muiredaigh Mundeirg m. Forgo m. Dallaín m. Dubthaig m. Miennaig m. Ludgach m. Óengusa Find m. Fergusa Dubdhétaig (Móen ingen Chuind Chétchthaig máthair na trí Fergus a ndochersat i cath Crinna) m. Imchado m. Findchado m. Fíatach Find (a quo Dál Fíatach) m. Fir furmi m. Dáiri m. Dlúthaig m. Deitsini m. Echach m. Sín m. Rosin m. Treín m. Rothrein m. Rogein m. Arndil m. Mane Mair m. Forgo.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Rawlinson B 502 ¶937: ... Dál Fiatach insin de clainn Con Ruí m. Dáire m. Dedaed a cóiciud Con Ruí la Mumain is ass bunad in Dáil Fhiatach-so.
  2. Dobbs 1921, ll. 330–1
  3. An dearcadh coiteann is é seo i scoláireacht Ghaelach le haghaidh céad bliain. Pléann MacNeill é sna blianta 1911 agus 1921, agus O'Rahilly ach go háirithe sa bhliain 1946, ag caitheamh ailt air ina EIHM cáiliúil, ll. 341–352. Rinne Byrne (1973/2001) tuilleadh oibre air, agus glac Charles-Edwards (2000) leis.
  4. Benjamin T. Hudson, 'Niall mac Eochada (bás 1063)', Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004, 18 April 2008
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 "Ancient Uladh, Kingdom of Ulster". Ireland's History In Maps.
  6. 6.0 6.1 6.2 Bell, Robert (2003). "The Book of Ulster Surnames": 60–91. The Blackstaff Press. 
  7. 7.0 7.1 Céitinn, Seathrún (1983). "Foras Feasa ar Éirinn". Irish Genealogical Foundation. 
  8. ó Laud, eag. Meyer, ll. 336–7