Ráth Cruachan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ráth Cruachan
Íomhá
Sonraí
CineálSuíomh seandálaíochta
Map
 53°48′07″N 8°18′14″W / 53.802°N 8.304°W / 53.802; -8.304

Is suíomh seandálaíochta ar Mhachaire Connacht (Mag nAí) in aice le Tulsc, Contae Ros Comáin, é Ráth Cruachan. Luaitear go minic é i Miotaseolaíocht na nGael, go háirithe sa Rúraíocht mar dhún na ríthe Connacht.

Is ar cheann de na sé Suíomh Ríoga na hÉireann é. Is é achar na háite ná sé ciliméadar cearnach, agus faightear 240+ suíomh seandálaíochta ann, ina measc 60 séadchomhartha náisiúnta faoi chosaint. Téann siad siar go dtí an Tréimhse Neoiliteach (4000 - 2500 RC), tríd an Cré-umhaois (2500 - 500 RC) agus Iarannaois (500 BC - 400 AD), chun na meánaoise. I measc na bhfoirgneamh tá tuamaí, liosanna agus teorainneacha goirt na meánaoise. Is iad na suíomhanna is iontaí ná Ráth Cruachan féin, Uaimh rúndiamhair na gCat, na Muclaigh Mucklaghs, agus an t-ionad meánaoise ag Carn Fraoich.

I miotaseolaíocht na nGael, is é Ráth Cruachan seat ríoga Mhéabha, chomh maith le tús agus deireadh an seanscéil mhóir, an Táin Bó Cúailnge. Faightear ag Uaimh na gCat an slí isteach chuig an Aos Sidhe, a dúradh gur Gheata go hIfreann na hÉireann. Tá an Uaimh gaolta le feis págánach na Samhna, agus i dteannta sin le "fit abode" Mhór-Rioghana, bandia Ceilteach roimh-Chríostaí.

Ó thaobh na staire de, bhíodh móraonach ar siúl ann, agus ar cheann de na trí reilig págánach is mó sa tír.

Miotaseolaíócht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir dán sa Dinnseanchas, tá Cruachain ainmnithe as Crochen, cailín aimsire Éadaoine, a bhí ina sídhe athshaolaithe mar dhuine daonna. Nuair a thóg Midhir, leannán Éadaoine, í ar ais go dtí an t-alltar, chuaigh Crochen ina dteannta agus d'fhan siad i Síd Sinche. Bhí Crochen chomh tógtha sin leis an Sídhe gur fhiafraigh sí de Mhidhir arbh a síbhruíon í. De bharr a dílseacht d'Éadaoin agus a meas don bhruíon, thug Midhir é di agus d'ainmnigh aisti ina honóir. Ag deireadh an dáin, insítear gurbh máthair Mhéabha í Crochen. Insítear sa dán céanna go raibh reilig na ríthe ann ag Cruachain:

Éistigí, a gaiscí, faoi Cruachain! Lena uaigh do gach lánúin uasal.[1]

An Rúraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cruachain ann go suntasach sa Rúraíocht, mar ba rítheach é de phríomhphearsa na scéalta, an banríon Méabh. Thug a hathair, an t-Ard-Rí Eochaidh Feidhil, ríogacht Chonnacht di, tar éis dó an t-iar-rí Tindi Mac Conra a chur as cumhacht, de dheasca gníomh fill. Níl sé soiléir an raibh Tindi ann i gCruachan mar rí, nó ar tógadh é le/do Mhéabh Insítear i scéal eile go raibh deirfiúr Mhéabha, Clothru, ina bhanríon ag Cruachan, sular maraíodh í ag Méabh féin.

Tugtar cuntais bheoga den phríomhchathair an Iarthair i bhFleadh Bhricreann, agus an ceann seo sa Táin Bó Fraích:

Of pine the house was made; it is a covering of shingle it had externally. There were sixteen windows in the house, and a frame of brass, to each of them; a tie of brass across the roof-light. Four beams of brass on the apartment of Ailill and Medb, adorned all with bronze, and it in the exact centre of the house. Two rails of silver around it under gilding. In the front a wand of silver that reached the middle rafters of the house. The house was encircled all round from the door to the other.[2]

Tá Cruachan ar an bhfód ag tús agus críoch ann scéil Táin Bó Cúailgne, ón cogar an philiúir sa ríthigh, go dtí troid na dtarbh ag an deireadh, a deirtear a tharla ar cheann de na ráthanna is mó ar an suíomh, Ráth na dTarbh.

Seachas scéalta na Rúraíochta, ní fhaightear a lán tagairtí miotasacha ar phríomhdhún na gConnacht. Tá dán ar leith sa Dinnseanchas ar Charn Fráich, faoi bheirt leis an ainm úd, duine amháin dóibh ná Fraoch ó ré Mhéabha, agus an duine eile a bhí ina rí na gConnacht sular roinneadh Éire idir Conn agus Eoghan. Tá cur síos ann á deir gur dhún déanta as clocha é Cruachain.[3]

Samhain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an-ghaol idir Cruachain agus féile na Samhna. I rith na míosa seo, mar a chreideadh na Gaeil, d'osclaíodh na reiligí réamhstairiúil, agus shiúladh a ndéithe agus sprideanna ar fud na tíre.

Is chuid den chreideamh é seo, sa chaoi a tharlaíodh a leithéid ag Uaimh na gCat. Sa seanscéal Eachtra Neara, tugadh dúshlán ar oíche Shamhna do ghaiscíoch an teidil, craobhóg a cheangail thart ar mhurnán fir daortha chun báis. Rinne sé gar don fhear uisce a fháil dó, agus i mbun cuardaigh, d'aimsigh sé tithe aite. Sa deireadh thiar, fuair sé deoch don fhear ag an tríú teach, agus d'fhill chun géibhinn é, ach d'fhéach ansin na ríthithe Ráth Cruachan á scriosadh ag na sprideanna. Lean sé an slua go dtí a sidhe, áit a bhuail sé le bean a dúirt leis gurbh é fís a chonaic sé, faoina dtarlódh an bhliain dár gcionn, muna dtugfaí rabhadh dá chomrádaí daonna. D'imigh sé chun rabhadh a thabhairt d'Ailill, a rinneadh an sidhe scriosta.

Uaimh na gCat[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uaimh thalún ag bealach isteach Uaimh na gCat, Cruachan

Nuair a deirtear an sídhe, níl sé soiléir an é Uaimh na gCat nó cnocán Ráth Cruachan féin atá i gceist.

D'fhéadfadh go dtagann an t-ainm Uaimh na gCat ó na cait fhiáine draíochtúla le feiceáil sa scéal Fleadh Bhricreann, a tháinig amach ón uaimh agus a d'ionsaigh an triúr gaiscí na nUladh, sular cheannasaigh Cú Chulainn iad.

Ar an bhfardoras laistigh, tá inscríbhinn oghaim. Is doiléir é an abairt iomlán, ach feictear ann na focail VRAICCI/ MAQI MEDVVI (ᚃᚎᚐᚔᚉᚉᚔ ᚋᚐᚊᚔ ᚋᚓᚇᚃᚃᚔ).[4] Níl sé soiléir ámh, an é seo an Fraoch atá bainte le Méabh.

Is as Uaimh na gCat a thagadh ainmhithe scriosacha ar leith amach. Ba é Ellen Trechen arracht trí-cheannach a chuaigh ar léirscrios trasna na tíre sular mharaigh Amergin, athair Chonaill Chearnaigh, é. Thagadh éiníní dearga amach, ag feo gach bláth ar a d'análaídís. Thagadh tréada muc le cumhachtaí feo mar an gcéanna acu amach as an uaimh. Bhí Ailill agus Méabh féin ar a míle dícheall ar tóir na muc, ach b'éigean dóibh streachailt le cumhachtaí dofheictheachta agus cumas feoil ghafa a chur de.

Tá scéal ann ón 18ú haois a i insíonn faoi bhean a leanann bó éalaitheach isteach san uaimh, agus a tháinig amach i bhfad i gcéin ag Céis Chorainn, Contae Shligigh.

Mór-Ríoghain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Mór-Ríoghain

Thagadh Mór-Ríoghain amach as Uaimh na gCat gach Samhain, agus a carbad á tharraingt ag capall aonchosach agus ainmhithe éagsúla eile (mar a luaitear thuas). Tráth amháin, d'fhág sí an uaimh, treoraithe ag arracht le maide gabhlach, chun bó a thógaint don tarbh Chuailgne. Tráth éigin eile, thóg sí tarbh de bhean darbh ainm Odhras,[5] a lean isteach san uaimh í, áit a thit sí i gcodladh draíochta. Ina dúiseacht arís, chonaic sí Mór Ríoghain, a chur i gcogar faoi dhraíocht í, á tiontú i riocht abhann.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maraon leis na suíomhanna ríoga eile, níl idir tagairtí stairiúla nó fianaise seandálaíochta chun a chruthú gur rítheach nó dhún a bhí ann, mar a insítear sna miotais. Is ó ré na Críostaíochta a théann na ráthanna is fearr siar. Is cinnte go raibh reilig thábhacht ann, le fearta fáinneacha a thacaíonn na scríobhaithe a luann é in éineacht le Tailte agus Teamhair mar cheann de na trí mhór-reilig. B'aonach é chomh maith. Bhí gach aonach mar chuid de thraidisiúin adhlactha agus an chreidimh agus, agus maraon leis an aonach ag Tailte, bhíodh is amhlaidh a leithéid ag Cruachain chomh maith.

Creideann cuid mhór daoine gurbh í Méabh an bandia áitiúil na talún, maraon le Méabh Leathdhearg ag Teamhair. Nuair a rinneadh ina rí, ba é an talamh a phósadh sé, ag dul faoi chuing le Cruachan, agus tharladh an t-insealbhú ba léir ar chnocán Ráth Cruachan féin.

Chuaigh tábhacht Chruachan mar ionad reiligiúnach i léig le teacht na Críostaíochta. Dhírigh aird ar seo san Fhéilire Aonghasa, a chuireann Cruachan agus Cluain Mhic Nóis i gcodarsnacht, ó thaobh cumhacht chreidimh de.[6]

Níor inis na scríobhaithe a bhí ag teach chun cinn faoi rudaí nó gnóthaí dáiríre a bhíodh ar siúl ar shuíomhanna mar seo. In ionad sin, scríobh siad scéalta bunaithe ar sidhe Chruachan á ionsú ag Ailill agus Méabh, agus Uaimh na gCat luaite mar gates ifreann na hÉireann.

Ag deireadh na 1ú aoise, tógadh roinnt ráthanna ar an suíomh. Bhí uaimheanna talún lena dtaobh, agus tógadh bealach isteach do cheann acu thart ar Uaimh na gCat, ag baint úsáid as gallán Oghaim a bhí ann ar an suíomh agus leithleach i gConnachta, de ghnáth le feiceáil ach amháin i Mumhain.

Thart timpeall na háite, tá go leor garrai na meánaoise, go háirithe timpeall Reilig na Rithe, a léiríonn go raibh became talamh féaraigh tábhachtach, b'fhéidir ar dtús mar chuid den dún meánaoiseach tógtha in aice láimhe ag Tulsc. Ba shuíomh insealbhaithe de ríthe Uí Chonchúir na gConnacht é suíomh eile in aice láimhe, Carn Fraoich. Tá fianaise ann de shráidbhailte idir na suíomhanna, a raibh daoine ina gcónaí iontu tamall maith tar éis na meánaoise.

Ba é obair suirbhéireachta an chéad fhorbairt eile a tharla ag Cruachain However, mar a léirigh léaráidí daite den chnocán Cruachan le Gabriel Beranger. Leanadh an obair seo ar aghaidh leis an suirbhéireacht ordanáis sna 1830í. Le cabhair áitiúil, tugadh ainmneacha do na séadchomhartha atá fós i réim.

Níl a lán tochailte déanta thart timpeall Rátha Chruachan, ach tá gnéithe atá an-chosúil le Ráth Cruachan, Teamhair, agus Eamhain Mhacha nochtaithe ag teicneolaíochtaí amhail radar agus suirbhéireacht maighnéadach. In 1999, d'osclaíodh ionad cuairteoirí Cruachan Aoi ag Tulsc, ag cur i láthair na taighde is déanaí ar Ráth Cruachan, ar Charn Fraoich agus ar Thulsc féin.

Tá tagairt stairiúil le fáil sna Triads of Ireland, a thagann siar ón 14ú go 19ú haoiseanna, ina luaitear Úam Chnogba (Uaimh Cnóbha), Úam Slángæ (Uaimh na Sláine)[7] agus Dearc Fearna (Uaimh Fhearnaí, a chreidtear gur Uaimh Dhúin Mhóir é[8]) mar "an trí áit is dorcha in Éirinn".[7].

Seandálaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá thart ar 240 suíomhanna seandálaíochta ag Ráth Cruachan – agus 60 dóibh ina séadchomharthaí náisiúnta – scaipthe anseo is ansiúd ar fud 4 mhíle chearnacha. Tá raon aoise acu idir Neoiliteach agus meánaoiseach period, agus tá reiligí, ráthanna, créfoirt líneacha agus banracha i measc catagóirí na séadchomharthaí.

Príomhshuíomhanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáil of na bpríomhshuíomhanna ag Ráth Cruachan

Cnocán Rátha Cruachan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is croílár an tsuímh é Cnocán Ráth Cruachan, tulach maol leathan, 89m ar trastomhas ar an meán ag a bhun, agus 5.5m ar airde. Fánáin réidhe atá ann thoir agus thiar, a thugann ar an mullach, a bhfuil rianta tulaigh bhig air. De réir suirbhé, is léir gur tógadh Ráth Cruachan ar bharr suímh reatha, a tógadh le dhá bhruach chiorclach chomhlárnach. D'aimsíodh clós ollmhór, ar 360m ar trastomhas agus 5m ar domhain. Téann an clós seo timpeall an tulaigh mhóir agus séadchomharthaí éagsúla eile, á chur i gcomhartha le suíomhanna ríogachta eile na hÉireann, amhail is Teamhair, Eamhain Mhacha agus Dún Ailinne, a bhfuil chlóis mar an gcéanna acu.

Ráth Mór[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cruth dronnach ag an ráth le 40m ar trastomhas, timpeallaithe ag claí 7m leathan. Deirtear go théann an leitir fhéarmhar ghéar seo siar ón Iarannaois grid go dro am mheánaois. Cé go bhfuil sé cosúil le ráth, creidtear go bhfuil an rinn róbheag. Faightear pollta staice, mar a chreidtear, ag barr an chnocáin, a thabhairt le fios go raibh áras iarannaoiseach an phobail, nó foirgneamh mar an gcéanna, ar an suíomh. A bhuí le suirbhéanna geoifisiceacha, tá foinse ann go bhfuil teallaigh, claiseanna agus oighinn laistigh, a thugann le fios go raibh cónaí leanúnach sa chnocán.

Ráth na dTarbh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é seo an suíomh a chreidtear inar tharla an troid idir na tairbh Donn Cuailnge agus Finnbennach ag deireadh na tána, Táin Bó Cúailnge.

Tá an ráth seo ar an taobh ó thiar de Ráth Cruachan féin, le bruach mór agus claí laistigh de. Tá go leor bearnaí sa bhruach; d'fhéadfadh ceann amháin ar an oirdheisceart a bheith ina bealach isteach.

Reilig na Ríthe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is láthair mór ciorclach é seo, 100m ar trastomhas agus le bruach déanta as cloch agus cré 1m in airde. Laistigh den chlós, faightear fianaise de chlós níos lú eile, 48m ar trastomhas. Ritheann teorainneacha ársa goirt trasna an tsuímh, á roinnt is amhlaidh i gceithre unequal segments, agus feictear laistigh agus timpeall na háite, fothrach cúig theach dronuilleogcha. In 1872, tochlaíodh fothrach uaigh thalún ar thaobh thiar ó dheas agus fuarthas cnámha ainmhithe.

Uaimh na gCat[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is pluais chaol nádúrtha aolchloiche é seo, le huaimh thalún de dhéantús an duine ag an mbealach isteach. Ó thosach, bhí slí isteach an uaimh thalún laistigh de thulach cré, ach briseadh é le tógáil bóthair sna 1930s. Tógadh an uaimh thalún le ballarach cloiche singile, orthostait agus fardorais, agus achar 10.5m a bheadh nó mór ón slí isteach go dtí an phluais nádúrtha, a théann féin 37m níos faide.

Faightear inscríbhinn oghaim ar an bhfardoras thar chionn, díreach laistigh den tslí isteach an uaimh thalún, a deir ‘VRAICCI/ MAQI MEDVVI’ (ᚃᚏᚐᚔᚉᚉᚔ ᚋᚐᚊᚔ ᚋᚓᚇᚃᚃᚓ). Bhí Fraoch ar leith bainte le Cruachain agus Méabh sa Táin Bó Cúailnge, chomh maith leis an séadchomhartha in aice láimhe, Carn Fraoich. Tá dara inscríbhinn ann ar fhardoras eile laistigh den dorchla, ar éigean infheicthe, a deir ‘QR G SMU’ (ᚅᚏ ᚌ ᚄᚋᚒ); níl a dhóthain ann chun léamh muiníneach a thabhairt.

Tuama Dhaithí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léaráid Chnocán Daithí, c. 1900.

B'amhlaidh gurbh é seo áit adhlacadha Dhaithí, an t-Ard-Rí págánach deireanach na hÉireann. Is léir gur cnocán adhlactha bruachtha atá ann, 40m ar trastomhas, le bealaigh isteach thoir agus thiar. Tá gallán gaineamhchloch dhearg at bharr an chnocáin, an chloch 1.85m in airde. Léirigh taighde Macalister’s in 1913 gur gearradh an tuama as droim gairbhéil, agus dheimhnigh tochailt teoranta in 1981 é seo. Ni fuarthas uaigh at bith i rith na tochailte, cé go thugann samplaí gualaigh faighte ann gur thóg an foirgneamh idir 200 RC – AD 200. Tagann na dátaí seo salach ar an seanscéal gurb uaigh Dhaithí é, a mheastar go bhfuair sé bás in AD 429.

Na Muclaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Muclaigh, cruthaithe ag olltorc draíochta

Insítear sa bhéaloideas gur chruthaigh olltorc na créfoirt mhóra seo agus é ar thóir fréamhacha. Tá dhá chréfort líneacha ann, a bhfuil bruacha faoin dhó acu, le trí chlaí ina dteannta ag rith síor ó thuaidh agus siar ó dheas, in a curving parallel course, ar 78m scartha óna chéile. Is é an Muclach Thuaidh an ceann níos giorra, 100m ar fad, ach tá a thógáil go hiontach mór millteach. Tá an Mullach Theas go suntasach níos faide 280m ar fad. Is doiléir í cúis na gcréfort.

Ráth Beag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Ráth Beag rangaithe mar fheart fáinneach, le fáinní comhlárnacha sofheicthe a theann timpeall an fhirt le effect sraithe. Tá an cnocán suite 600m thiar ó dheas ó Ráth Cruachan. Tá claí faoi dhó aige ar thrí thaobh an tséadchomhartha, agus faoi thrí ar an taobh thiar. Tá carn beag ar an mullach, timpeallaithe ag bruacha agus claíocha beaga, a chruthaigh an léibheannú. Tá an tulach go garbh 36m ar trastomhas. D'aimsíodh breochloch oibrithe ar an suíomh a theann siar ón Iarrannaois agus b'fhéidir ón gCré-umhaois. Tá an foirgneamh féin ámh de réir séadchomharthaí Neoiliteacha.

Caiseal Mhanannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an suíomh ainmnithe as Manannán mac Lir. Is láithreán clochdhúin ubhaigh de thrí bhruach atá ann, le trí bhruach comhlárnach, déanta as cré agus cloch, leagtha amach go dlúth, ar leathan 1.5m ar an meán an ceann. Is 40m é mhéid an trastomhais laistigh, le 57m ó thuaidh/dheas agus 63m ó thoir/thiar. Ceangailte leis an bpríomhchlós ar thaobhanna ó thuaidh agus thoir, tá dhá chlós dronuilleogacha, gach aon leagtha amach le bruach uatha. Ní fios céard a rinneadh ag an caiseal, toisc níor toclaíodh ann fós, ach is léir gur fhoirgneamh tábhachtach é, agus é amháin tógtha as cloch le good defensive features.

Suíomhanna eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Misguan Mhéabha – Gallán tite in aice le Cnocán Ráth Cruachan.
  • Ascaill Ársa – Ascaill timpeallaithe ag dhá bhruach ísle. Téann cuid de trasna an bhruaigh chiorclaigh taobh laistigh agus an chlaí Rátha Screig, suíomh a bhfuil tuama beag ag a lár. Is 15m ar fad go garbh í an ascaill, a chríochnaíonn is amhlaidh ag Dún Uí Fhlanagáin, ráth eile le tuama beag ag a lár. Tógadh an dá ráth seo níos déanaí ná an ascaill.

Tagairtí na nAnnál[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is in Annála na gCeithre Máistrí a fhaightear na tagairtí is luaite ar Ráth Cruachan sna hannála. Léiríonn fógairt Dlí Naomh Pádraig agus Dlí Naomh Chiaráin ag Cruachain in AD 783 agus AD 814 faoi seach[9] tábhacht an tsuímh ar feadh na meánaoise, maraon le bheith ina dtagairtí fíorstairiúla is luaite do Ráth Cruachan sna hannála.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Gwynn 1906, dán 63 Rath Cruachan, lch. 349.
  2. "Táin Bó Fraích" (1906) II. David Nutt. 
  3. Gwynn 1906, dán 64 Carn Fráich, lch. 357.
  4. CIIC 12. Rathcroghan I ar ogham.celt.dias.ie
  5. The River Odras: Odras
  6. Stokes, Whitely (1903). "The Martyrology of Oengus the Culdee". 
  7. 7.0 7.1 Meyer 1906.
  8. Coleman, J. C. (1965). "The Caves of Ireland": 14–16. Trá Lí, Co. Chiarraí: Anvil Press. 
  9. (aistr.) CELT: Corpus of Electronic Texts, Author Unknown. "The Annals of Ulster".