Nath Í mac Fiachrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ard-Rí leathstairiúl na hÉireann den 5ú haois ab ea Daithí (Sean-Ghaeilge Nath ÍDathí[1]) mac Fiachra mac Eochaid Mugmedon. Is amhlaidh gurbh athair an rí stairiúil, Ailill Molt é, agus sinsear mhuintir Uí Fhiachrach as Connacht. De réir seanscéal, fuair sé bás i ndiaidh bheith buailte ag tintraigh ar eachtra sna hAlpa.

"Death of King Dahi", léaráid le John Fergus O'Hea in The Story of Ireland, 1867, le A. M. Sullivan

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó thaobh na staire de, tá cáil ar Nath Í go príomha de bharr a shleachta. Is é is dóichí é gur rí stairiúil den 5ú haois é a mhac Ailill Molt.[2] Sinsir mhuintir Uí Fiachrach Aidni agus Uí Fiachrach Muaide, luath rí sleachta na gConnacht, ab ea beirt mhac eile, Echu agus Fiachnae, faoi seach.[3] Sinsear Thíreacháin, easpag agus naomhseanchaí Naomh Phádraig den 7ú haois, ab ea ceathrú mac, Amalgaid.[3]

Níltear ar aon intinn maidir le seasamh Nath Í. De réir an cuid is mó de luathfhoinsí Gaelacha (ina measc Leabhar Gabhála na hÉireann,[4] the Annála na gCeithre Máistrí[5] and Foras Feasa ar Éirinn[6]), Ard-Ríthe na hÉireann ab ea é idir Níall Noígíallach agus Laoghaire mac Néill, le Ailill Molt Nath Í ag teacht i gcomharbacht Laoghaire. Ní fheictear Nath Í ámh sa liosta is luaite de ríthe na Teamhrach, Baile Chuinn Chétchathaig.[2] Molann T. F. O'Rahilly nach raibh Nath Í ina rí ag Teamhraigh, ach le fírinne ba rí i gcúige é, cé go nglacann sé gur rí na Teamhrach ab ea Ailill Molt.[7] Níl ainm Nath Í i ríliostaí na gConnacht, áfach, ach feictear ainm Ailill Molt.[3] Molann T. M. Charles-Edwards dá bharr go bhféadfadh é nár ríthe na Teamhrach iad beirt, ach go cuireadh níos dearaní sna liostaí iad, nuair a tháinig muintir Uí Fiachrach in ardréim, agus measadh go raibh díth polaitiúil ann, a n-ainmneacha a thabhairt isteach i ranganna na n-iar-Ard-Ríthe.[8]

Tá luathliosta ann de chathanna Nath Í ina fheictear é lastigh d'Éirinn, ina measc i Strathclyde agus Kincardine in Albain, and eachtra trasna an mhuir nÍocht go dtí na hAlpa.[7] Feictear iontráil i Annála Uladh don bhliain 445 ina raibh ann ar dtús ach an t-ainm "Nath Í". Ag glacadh leis gurbh é seo a fhógra báis, chuir scríobhneoir níos dearanaí leis gur buaileadh é le tintrigh sna hAlpa,[2] rud a tuairiscíodh chomh maith sa Leabhar Gabhála,[4] Fora Feasa[6] agus Annála na gCeithre Máistrí.[5] De réir seanscéal, d'iompair a lucht leanúna a chorp ar ais go hÉirinn, ag buachan deich gcath ar an slí, agus chuir siad faoi é ag Ráth Cruachan, príomhchathair na gConnacht.[7][3][4][6] Deirtear gur tógadh gallán ann chun a uaigh a mark, inniu mar chuid den complex of suíomhanna seandálaíochta, gar do Thuilsce i gContae Ros Comáin.[9]

Tugann O'Rahilly agus Francis J. Byrne go bhfuil scéal bhás Nath Í bunaithe ar Níall Noígíallach.[7][3] Maraon le Niall, is amhlaidh gur meascadh luath ainm na Breataine, Alba, le Elpa (na hAlpa).[2] Tagann O'Rahilly ar an tuairim "gur rí na gConnacht sa chéad leath den 5ú haois ab ea é, gur bhain sé cáil amach ina ré féin mar cheannaire ar thurais fhoghlacha go dtí an Bhreatain, go bhfuair sé bás in nó timpeall na bliana 445, agus is amhaliadh gur cuireadh faoi é ag Ráth Cruachan."[7]

Seanscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Cóir Anmann[10] agus Foras Feasa,[6] Fearadach ab ea a chéad ainm, agus gur tugadh a bhua-ainm daithí (daithe[11]) dó de bharr a chumais le gaiscí. Deir Céitinn go raibh triur bhan chéile aige: Fial, iníon Eochada; Eithne, iníon Origh, máthair Ailealla Molt; agus Ruadh, iníon Airtigh Uchtleathain, a d'éag agus mac eile, Fiachra Ealgach, á saolú aici.[6] Amalgaid, Echu agus Cobthach ab ea a mhic eile.[2]

I ndiaidh teacht i réim Néill mar Ard-Rí, dar le seanscéal, bhí cogadh cogadh cathartha idir deartháireacha Néill Brión agus Fiachra (athair Nath Í), over the ríogacht na gConnacht. Cloíodh agus gabhadh Fiachra, ach lean Nath Í leis an gcogaidh agus i ndeireadh na dála, mharaing sé Brión. Cuireadh Fiachra saor agus rinneadh ina rí na gConnacht.[12]

Tá leagan níos faide de scéal a bháis sa sága Aided Nath Í, i leagan níos deireanaí den Leabhar Gabhála, agus i Foras Feasa ar aon. Chuir sé faoi léigear túr ina raibh Forménus, rí na Tráicia, ina chónaí mar dhíseartach. Ghuigh Forménus go cuire Dia pionós air, agus buaileadh le tintrigh é, cé go ndeirtear sa Leabhar Gabhála go "gceapann scoláirí" gur scaoil Forménus le saghad é.[7][3][4][6]

Tuilleadh le lámh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Banateanu, V. (1929–30). "Die Legende von König Dathí". Zeitschrift für celtische Philologie 18: 160–88. 
  • Ó Concheanainn, T. (1975–6). "Aided Nath Í and the scribes of Leabhar na hUidhre". Éigse 16: 146–62. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Dathí ar eDIL
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Philip Irwin, Nath Í mac Fiachrach, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004, nasc]
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford. 
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 350-359
  5. 5.0 5.1 John O'Donovan (eag. & aistr.), Annala Rioghachta Eireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, Iml. I, Hodges, Smith & Co., 1856, ll. 128-129, 144-145
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 6.5 Patrick S. Dineen (eag. & aistr.), The History of Ireland by Geoffrey Keating, D. D., Iml. II, Irish Texts Society, 1908, ll. 412-413; Iml III, Irish Texts Society, 1908, ll. 42-43
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946
  8. T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Cambridge University Press, 2000, lch. 462
  9. MacKillop, James (1998). "The Oxford Dictionary of Celtic Mythology". Oxford: Oxford University Press. 
  10. Whitley, Stokes, "Cóir Anmann (Fitness of Names)". Irische Text mit Wörterbuch, Dritte Serie, 2 Heft, Leipzig: Verlag Von S. Hirzel, 1897, ll. 288-411
  11. daithe ar teanglann FGB.
  12. Standish H. O'Grady (eag. agus aistr.), "Death of Crimthann son of Fidach, and of Eochaidh Muighmedóin's three sons: Brian, Ailill, Fiachra", in Silva Gadelica, Williams and Norgate, 1892, ll. 373-8