Tuilsce
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | Éire | |||
| Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
| Contae in Éirinn | Contae Ros Comáin | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Airde | 60 m | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
| Logainm.ie | 1414425 | |||
Baile beag i gContae Ros Comáin is ea Tuilsce[1] (Tulsk as Béarla).

Tá sé suite san áit a dtrasnaíonn an bóthar N61 an príomhbhóthar náisiúnta N4, agus é ag rith idir an N3 sa Longfort agus Cathair na Mart, Contae Mhaigh Eo. 19km ó dheas ar an N62 uaidh tá Baile Ros Comáin, agus tá an dara baile is mó sa chontae, Mainistir na Búille, 24km ó thuaidh ó Thuilsce ar an mbóthar céanna. Tá pleananna ann faoi láthair chun seachród timpeall an bhaile a chur leis an N4.
Is é Tuilsce an baile is cóngaraí don tsuíomh fhinscéalach seandálaíochta Ráth Cruacháin, áit a raibh cónaí ar an mBanríon Méabh (Maeve, Medb) agus Muireagán (Morrigan), agus is ansin a thosnaíonn imeachtaí Tháin Bó Cuailgne, príomhthéacs na Rúraíochta, a d'aistrigh Thomas Kinsella go Béarla. Tá leagan giorraithe den scéal ar fáil i Nua-Ghaeilge sa leabhar úd Laochas le Séamas Ó Searcaigh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Tuilsce/Tulsk | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |

