Port Reanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilPort Reanna

Suíomh
Map
 53°35′28″N 8°03′53″W / 53.591051°N 8.06464°W / 53.591051; -8.06464
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Ros Comáin
Toghroinn cheantairCill Taobháin Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie44171

Is sráidbhaile é Port Reanna[1] (Béarla: Portrun / Portrunny) atá suite ar bhruach Loch Rí ar Abhainn na Sionainne i gContae Ros Comáin.

Tá áiseanna do bháideanna ann, áit súgartha do leanaí, boird phicnic agus suíomh campála ann; agus téann a lán daoine ann le linn an tSamhraidh.

Tá tobar Naomh Ciarán suite anseo agus deirtear gur mhinic a stop sé i bPort Reanna ar a bhealach go dtí Inis Cloithreann — áit a bhfuil fothraigh seacht séipéal le feiceáil inniu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]