Jump to content

Ail Finn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAil Finn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 51′ 08″ N, 8° 11′ 52″ O / 53.8523°N,8.1978°W / 53.8523; -8.1978
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Ros Comáin Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán565 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde83 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1416766

Is baile beag é Ail Finn[1] (Elphin as Béarla)[2] i gContae Ros Comáin. Tá sé suite 27.3km ó bhaile Ros Comáin féin.[3] Tá an baile i dtuaisceart an chontae agus tá an daonra beagnach 565 daoine inniu.[4]

Is áit  an-stairiúil é lán le gnéithe difriúil agus suimiúil. In Ail Finn i gcontae Ros Comáin ar an 19 Iúil 2006 a cláraíodh an teocht is airde in Éirinn idir 1887-2022, 32.3 céim Celsius.[5]

Thagann an t-ainm ‘Ail Finn’ ón cloch carraig an earraigh shoiléir.[6] Is é ionad na deoise do dheoise Elphin.[7]

Is é raite thug Naomh Pádraig chuairt ar an mbaile seo an baile sa chúigiú haois[8] nuair a bhí sé ag taisteal trasna abhainn na Sionainne go dtí Chonnacht. Chuir an Draoi den ainm Ona an talamh i láthair do Naomh Pádraig.

Bhunaigh Naomh Pádraig an bhaile; thóg sé an chéad ardeaglais agus chuir sé asicus mar easpag[9] Ansin, chuaigh sé go Shankill, ar imeall an bhaile. Tógadh séipéal ann,[9] agus tá na fothracha agus an reilig le feiceáil ag an gcrosbhóthar anseo inniu.

Is ráite gur thug an áit seo páirt sa finscéal ‘Óisin i Tír na nÓg’. Deirtear gur thit an phearsa mhiotaseolaíoch Óisín óna chapall gar don bhaile seo ar a bhealach ar ais ó Thír na hÓige (Tír na nÓg).

Tá go leor suíomhanna stairiúla ann lena n-áirítear seanfhothracha na hardeaglaise, an muileann gaoithe, an phálás, agus an Cuimhneachán Míleata (Cuimhneacháin Chogaidh na Saoirse).

Cuimhneachán Míleata

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé 35 troigh ar airde agus suite ag Crosbhóthar Shankill, Elphin.[10] Thóg sé beagnach sé bliana é a thógáil. Ag a bhun tá léachtán le leabhar oscailte,agus ainmneacha na bhfear a fuair bás ar son na hÉireann i Ros Comáin.[10]

Oliver Goldsmith

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as Ail Finn é an fear cáiliúil Oliver Goldsmith. Is file, úrscéalaí, drámadóir é. Rugadh é ag Smith Hill i dteach a sheanathar urramach Fr.Jones.[11] D'fhreastail sé ar an scoil gramadach Easpag Hudson.[12] Tá séadchomhartha i lár an bhaile mar onóir dó inniu.

Tá an teach seo ó thús an 19ú haois suite ar imeall an bhaile (Ardnagowna). Bhí an teach seo i diméin an Phálás.[13] Creidtear gur rugadh an fear cáiliúil Oliver Goldsmith ar an suíomh seo nuair a bhí a mháthair ag tabhairt cuairt ar a hathair Oliver Jones.[14]

Cuimhneachán Míleata Cuimhneacháin Chogaidh na Saoirse

Bunaíodh an cumann peile í 1888[15] (dubh agus oráiste dathanna an chlub).

Tá suaitheantas an chlub roinnte ina cheithre mhír.[16]

Rinneadh na tailte agus an pháirc a athchóiriú i mbliana (2020).

Bhuaigh an fhoireann sinsir an corn sna bliana :1889,1891,1902,1903,1904,1905,1931,1932,1937,1950,1951,1955,1956,1957.[17]

Sa bhliain 2010, shroich an Fhoireann Shinsearach Cluiche Ceannais an Chontae.

I mí Feabhra 2012 bhuaigh an fhoireann Craobh Peile Sinsearach Thuaidh Ros Comáin 2011 i gcoinne Western Gaels.

An Muileann Gaoithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
An Muilleann Gaoithe

Tá muileann gaoithe suite ar imeall an bhaile. Tógadh é i 1730 agus athchóiríodh é i 1996.[18]

Is píosa oidhreachta neamhchoitianta é a bhfuil an baile bródúil as.

Tá díon tuí ar an muileann agus músaem ann freisin.[19]

Pálás an Easpaig

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an teach mór seo idir 1748-9.[20] Easpag Synge an t-ainm a bhí ar an bhfear a thóg é. Bhí aithne ag daoine air mar ‘An Phálás’. Teach lárnach a bhí ann le dhá phailliún, bhí siad seo mar ghné de go leor tithe móra siar san am seo. Ba é an teach féin áit chónaithe an Easpaig go dtí an 20ú haois nuair a scriosadh trí thine é.

Inniu níl le feiceáil ach fothracha na bpailliún agus na ballaí.

Fear ab ea Hudson a rugadh sa bhliain 1608;ceapadh é ar chaplin i gcaisleán Bhaile Átha Cliath i 1641.[21] Le linn Eirí Amach 1641,bhog sé féin agus a bhean go dtí an An Chill Mhór (Kilmore) chun tearmann a fháil.[21] Fuair sé bás sa bhliain 1686 agus ba é a thoil go raibh sé ag iarraidh go mbunófaí scoil ghramadaí in Ail Finn. Bunaíodh an chéad scoil ‘Scoil Gramadach Ail Finn sa 17ú haois (1667-1686), Scoil ghramadaí an Easpag Hudson.[21]

Ceann de na daltaí is é an scríbhneoir Oliver Goldsmith,Sir William Wilde agus Percy French.[22]

Sa lá atá inniu ann tá bunscoil sa bhaile, Ceathramha na Mainistreach ‘Abbeycarton N.S’. Tagann an t-ainm ó Mhainistir Phroinsiasach a bhí ann.[6]

Bunaíodh ‘Elphin Community College’ sa bhliain 1942.[23]

Tá margaidh beostoc sa bhaile. Oibríonn sé mar chomharchumann agus tá bhreis is 635 scairshealbhóir ann.[24] Is fostóir tábhachtach é. Tá dhá fháinne ann. Bíonn dhá dhíolachán ann i gcónaí gach seachtain, an t-eallach ar an Luan agus na caoirigh ar an Máirt.[24]

Gach bliain, bíonn seó talmhaíochta ann (an chéad seachtain i mí Mheán Fómhair). Tagann an pobal le chéile idir óg agus aosta agus daoine ó bhailte eile (díolacháin, seónna, spraoi agus siamsaíocht).

Fothracha na chéad hArdeaglaise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann suíomh na hardeaglaise siar go Naomh Phadraig timpeall 435-450.[7] Bhí an chéad ardeaglais tógtha ar son Naomh Mhuire an mhaighdean. Scriosadh é ach atógadh é.[7] Rinneadh damáiste dó le linn éirí amach 1641.[7] Athbunaíodh é sa bhliain 1728. Socraíodh é a atógáil in áit nua sa bhliain 1749, scartáladh ansin é go hiomlán i 1964.[7] Tá sé faoi choimeád anois de ‘Elphin Heritage Society’. Tá an suíomh fós ann inniu do dhaoine chun cuairt a chuir air.

  1. Ail Finn/Elphin | logainm.ie (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  2. "Ail Finn/Elphin" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-12-03.
  3. "Roscommon to Elphin" (en). Roscommon to Elphin. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  4. "Cóip cartlainne". census.cso.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-08-13. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  5. "Rabhadh Buí Teasa eisithe ag Met Éireann" (ga-IE). Tuairisc.ie (15 Iúil 2022). Dáta rochtana: 2022-07-18.
  6. 1 2 "Local Place Names" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  7. 1 2 3 4 5 Beirne, Francis (1 Jan. 2000). "The Diocese of Elphin". A Pilgrimage through Time and Place: 288.
  8. "History" (en-GB). Elphin Diocesan Website (2015-05-26). Dáta rochtana: 2020-12-03.
  9. 1 2 Kelly, J.J., 1879. The Antiquities of Boyle. II. St. Patrick’s Travels through Elphin. Ir. Mon., Irish Jesuit Province Vol.7, pp.482-492.
  10. 1 2 "The War of Independence Memorial, Elphin | Ireland Reaching Out". irelandxo.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-12. Dáta rochtana: 2020-12-03.
  11. "Oliver Goldsmith 1730". irelandxo.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-25. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  12. "Oliver Goldsmith 1730". irelandxo.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-25. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  13. "Smith Hill". landedestates.nuigalway.ie. Dáta rochtana: 2020-12-07.[nasc briste go buan]
  14. Connolly, P., 2018. The Landed Estates of County Roscommon
  15. https://elphingaa.com/history/
  16. Mulleady, M., 1982. Elphin G. A. A. Club 1888-1981. a History. Mulleady.
  17. https://elphingaa.com/history/
  18. FUSIO. "Elphin Windmill, Windmill Road, ELPHIN, Elphin, County Roscommon" (en-GB). Buildings of Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-04-26. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  19. "Elphin Windmill" (en-US). Explore Roscommon (2019-03-28). Dáta rochtana: 2020-12-04.
  20. Department of Rural and Community Development, (2017).Elphin Heritage Trail, Roscommon County Council. (series 7).
  21. 1 2 3 Quane, M., 1966. Bishop Hodson’s Grammar School, Elphin. J. R. Soc. Antiqu. Irel. 96, 157–177.
  22. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-18. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  23. (https://www.education.ie/en/find-a-school/School-Detail/?roll=19809I)
  24. 1 2 "Elphin Mart Prices and Dates" (en-GB). Elphin Livestock Mart. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-29. Dáta rochtana: 2020-12-03.