Oisín mac Finn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, laoch agus file na bhFiann ab ea Oisín mac Fionn mac Cumhaill.[1] Sadhbh iníon Bodhbh Dheirg ab ea a mháthair. Scéalaí de chuid is mó den Fhiannaíocht is ea é, agus luaitear na dánta leis.[2] Ba é an cháil ba mhó a bhí aige ná gur chaith sé trí chéad bliain i dTír na nÓg le Niamh Chinn Óir.

Ossian playing his harp, Oisín ag seinm a cláirsí, le François Gerard, 1801

Tuistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne an drochdraoi, Fear Doirche, fia dá mháthair, Sadhbh. Agus Fionn i mbun seilge, rug sé uirthi ach níor mharaigh sé í, agus d'iompaigh sí ar ais ina riocht daonna. D'éirigh Fionn as troid agus seilg chun socrú síos le Sadhbh, agus ar ball beag, d'éirigh sí torrach. Ainmníodh a mac as a tocht fiáin.

Rinne Fear Doirche fia di arís, ámh, agus d'fhill sí go dtí an fiántas. Seacht mbliana ina dhiaidh, d'aimsigh Fionn a mhac, lomnocht ar Bhinn Ghulbain.[3]

I scéalta eile, bhuail Oisín le Fionn don chéad uair mar dhuine fásta, agus bhí siad ag iomaíocht thar muc rósta sular aithin siad a chéile.

Tir na nÓg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Oisín in Tir na nÓg a echtra is cáiliúla. Thug bansidhe cuairt air, Niamh Chinn Óir iníon Manannán mac Lir. De bharr tairngreachta, d'iompaigh athair Niamh a ceann i riocht cheann muice. Dúirt sí le hOisín go n-iompaíodh ina bunriocht dá bpósfadh sé í. Thoiligh sé agus chuaigh siad ar ais go Tír na nÓg, agus rinneadh rí d'Oisín.[4] Rugadh triúr páistí dóibh, mac Oscar, iníon Plúr na mBan, agus dara mac, Fionn.

Oisín agus Niamh ar a slí go Tír na nÓg, léaráid le Albert Herter, 1899

Tar éis trí bhliana dar leis ach 300 bliain le fírinne, d'éirigh fonn ar Oisín filleadh ar Éirinn sin agus cumha air i ndiaidh a mhuintire (nath cainte sa Ghaeilge é: Oisín i ndiaidh na Féinne). Thoiligh Niamh go doicheallach, agus thug sí a capall bán, Embarr, dó. Chuir sí gréas air gan tuirlingt don chapall - dá leagfadh a chosa an chré, gheobhadh na 300 bliain an lámh in uachtar air, agus d'éireodh sé sean and seargtha.

De réir scéal amháin, tháinig sé o dtír ag Bá Bhaile an Sceilg (ní i bhfad ó Bhealach Oisín[5]). I seanscéal eile, d'fhill Oisín ar Chnoc Alúine (Almu), baile Fhionn, tréigthe agus drochbhail air.

Níos déanaí, i nGleann na Smól, Áth Cliath, thit sé dá dhiallait tar éis dó iarracht a dhéanamh carraig mhór a iompar, agus rinneadh seanfhear dó, dteach de réir tuar Niamh. D'fhill an capall ar ais go Tir na nÓg.

I leaganacha éagsúla, thug Naomh Pádraig cuairt ar Oisín, a d'inis scéalta na bhFiann dó, sula bhfuair sé bás go gairid ina dhiaidh.[6]

Naomh Pádraig[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúradh gur chasta é an caidreamh idir Oisín agus Naomh Pádraig, agus go raibh fearg orthu beirt rosc go raibh malairt cur chuige acu. Rinne Pádraig iarracht Oisín a thiontú, ach b'fhuath le hOisín a chuid teagasc.

I scéal amháin fúthu, throid Oisín in éadan tairbh ar son Phádraig. Mharaigh Oisín an tarbh, agus nuair a tháinig Pádraig ar an bhfód, bhí Oisín ina chodladh i seithe an tairbh. Mar chúiteamh as marú an tairbh, d'iarr Oisín go gcuire sé faoi a aghaidh soir ar Shliabh gCuillinn,[7] Co. Ard Mhacha. De réir an scéil seo, chuireadh faoi é i seithe an tairbh ar Shliabh Curran, gar de Chluainín, Contae Liatroma.[8][9]

Insítear sa scéal Agallamh na Seanórach, gur mhair Oisín agus a chomhghuaillí Caílte mac Rónáin go dtí linn Naomh Phádraig, agus d'inis siad scéalta na bhFiann dó.[10] Foinse an dáin The Wanderings of Oisin le William Butler Yeats is ea an scéal seo. I leaganacha éagsúla den scéal, nó cosnaíonn Oisín creideamh na ndraoithe, nó tiontaíonn sé ina Chríostaí.

Uaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níltear ar aon intinn maidir le suíomh uaigh Oisín.

Tá ráflaí ann gurb i nGleann Amain i bPeairt na hAlban í an uaigh. Scríobh Wordsworth dán mar gheall uirthi, darb ainm "Glen-Almain, the Narrow Glen".

De réir eile, sna Gleannta Aontroma atá sí, ag suíomh ina bhfuil carn meigiliteach aitheanta leis na glúnta mar "Uaigh Oisín", suite ar leiceann cnoic i Lúb an tSámhais,[11] gar den Abhainn Glenaan, lastigh den sráidbhaile Bhun Abhann Dalla ar chósta thuaidh Chontae Aontroma.

Ossian le Macpherson[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aisling Oisín, Jean Auguste Dominique Ingres, 1813

An scéalaí agus údar mar dhea de shraith dánta is ea Ossian, foilsithe ag James Macpherson sna 1760í, agus bunaithe ar Oisín. Mhaígh Macpherson gur aistrigh sé na dánta ó fhoinsí as Gaeilge na hAlban. Cé go raibh easaontas ann faoina mbarántúlacht, bhí tionchar ar leith ag a dhánta ar scríbhneoirí amhail is Goethe agus Walter Scott agus é óg.[12]. Trá sé léirithe ag scoláirí an lae inniu gur bunaíodh na dánta ar fhíorbhailéid Ghaelacha, ach gur chóirigh Macpherson iad le haghaidh smaointeoireachta a linne féin, ag athrú na bpearsana agus ábhar, agus ag cur go leor dá chuid féin isteach.[13]

Tagairtí Cultúrtha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Is mionphearsa é Oisín in Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne na Fiannaíochta.
  • Laura an dán "Ogum i llia lia uas lecht" sa Leabhar Laighneach is le hOisín.
  • Is príomh phearsa é Oisín, i dteannta le Naomh Pádraig, sa dán eipice The Wanderings of Oisin le William Butler Yeats. Luaitear é chomh maith sa dán The Circus Animals' Desertion.
  • Is é Tír na nÓg an t-ainm atá ar chapall mór bán sa scannán Into the West le Mike Newell. Leanann an capall Daideo Reilly go Baile Átha Cliath, agus tugann sé é dá gharmhic, Ossie (Oisín) agus Tito. Insíonn Daideo scéal an chapaill agus turas Oisín go Tír na nÓg. Óir gur clann Taistealaithe Gaelacha iad sa scannán, luaitear Oisín mar "an taistealaí is breátha a mhair riamh", seachas laoch seanscéalach na bhFiann.
  • In Shadowmagic, úrscéal le John Lenahan, is rí Thír na nÓg é Oisín, agus athair na príomh phearsan, Connor.
  • Is meantóir é Oisin den phríomhcharachtar na sraithe "David Sullivan", úrscéalta fantaisíochta an lae inniu le Tom Deitz.
  • Is athinsint scéal Oregon é an gearrscannán beochana 1981 Faeries, dírithe ag Lee Mishkin agus díriú beochana by Fred Hellmich, ag tabhairt isteach ábhar ón leabhar Faeries, scríofa agus maisithe le Brian Froud agus Alan Lee.
  • San amhrán "Pearl" le Sounds From the Ground,[14] tá cailín Éireannach ag canadh scéal Oisin.
  • Tá caractar sa chluiche rólimeartha teaicticiúil Seapánach Fire Emblem: Thracia 776 darb ainm Osian, atá i mbun seirbhíse faoi bhuíon a ghlaoitear the Fiana Freeblades air.
  • In Blood of the Isles, tugann Bryan Sykes an t-ainm "Oisín" don phatrarc chlainne Haplogroup R1b ina gcuid ADN, cosúil mar a rinne sé do haplaghrúpaí miteacoindreacha ina shaothar The Seven Daughters of Eve.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Beresford Ellis, Peter: "A Dictionary of Irish Mythology", lch. 189. Constable, Londain, 1987. ISBN 0-09-467540-6
  2. Frehan, Pádraic (2012). "Education and Celtic myth: national self-image and schoolbooks in 20th century Ireland". Rodopi. OCLC 819379953. 
  3. Gregory, Lady: "Gods and Fighting Men", lch. 149. Colin Smythe, 1987. ISBN 0-901072-37-0
  4. "Beauty and the beast: classic tales about animal brides and grooms from around the world" . OCLC 952384463. 
  5. Bealach Oisín ar logainm.ie
  6. Heaney, Marie: "Over Nine Waves", lch. 214, Faber and Faber Ltd., Londain, 1994. ISBN 0-571-14231-1
  7. Sliabh gCuillinn ar logainm.ie
  8. Cluainín ar logainm.ie
  9. Smyth, Daragh (1996). "A guide to Irish mythology". Carraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath: Irish Academic Press. OCLC 36338076. 
  10. Murphy, Gerard: The Ossianic Lore and Romantic Tales of Medieval Ireland, lch. 24. Colm Ó Lochlainn (ar son Choiste um Chaidreamh Chultúrtha na hÉireann), 1955.
  11. Lúb an tSámhais ar logainm.ie
  12. Beresford Ellis, Peter: "A Dictionary of Irish Mythology", lch. 159. Constable, Londain, 1987. ISBN 0-09-467540-6
  13. Thomson, Derick: The Gaelic Sources of Macpherson's "Ossian", 1952.
  14. Pearl agus Oisín.