Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Scéal Fiannaíochta de chuid miotaseolaíocht na nGael é Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne. Sa scéal, meallann Gráinne Diarmaid Uí Dhuibhne trí gheasa a chur air imeacht léi. Téann Fionn Mac Cumhaill sa tóir orthu toisc go raibh Gráinne len é féin a phósadh ag tús an scéil.

Cé go bhfuil an téacs caomhnaithe den Tóraíocht as Nua-Ghaeilge, agus dátaithe faoin 17ú haois, tá tagairt don scéal sa lámhscríbhinn den 12ú haoise, an Leabhar Laighneach, agus tá roinnt abháir ann a théann siar go dtí an 10ú haois.[1] Neasa Ní Shéaghdha a bhí mar eagarthóir ar an leagan is mó a léitear sa lá atá inniu ann.

An Tóraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí roinnt ban chéile ag Fionn Mac Cumhaill thar na blianta. Tar éis bás a mhná chéile Maigneis, d'fhiafraigh a mhac Oisín de an bpósfadh sé arís. Mhol Diorruing go mbeadh Gráinne, iníon Chormac Mhic Airt, Ard-Rí na hÉireann, an bhean is fearr dó.

Cheap Gráinne go mbeadh a geallta nó Oisín, mac Fhionn, nó a gharmhac, Oscar a gharmhac, agus ní sean-Fhionn féin. Distressed a fháil amach gur shách sean é a fiancé gurbh fheidir leis bheith ina seanathair, shocraigh sí éalú le gaiscíoch óg na bhFiann, Diarmaid (de réir an bhéaloidis, ba é an ball grá ar a éadan a rinneadh meallacach é[1]).

Chuir Gráinne druga codlata i ngan fhios i bhfíon gach aoi seachas Oisín, Oscar, Diarmuid, Caoilte agus Diorruing. Labhair sí le hOisín, a dhiúltaigh í, agus ansin Diarmaid, a dúirt chomh maith nár mhiste leis, óir ba chara agus cheannaire é Fionn leis. Chuir Gráinne geas ar Dhiarmaid go leana sé í. D'fhág Diarmaid an pálas, ach brón air, toisc go raibh a fhios aige go mbéarfadh Fionn é as ucht a fheallta. Agus Fionn ina dhúiseacht, chuir sé Clan Ó Namhnan amach chun an leannán éalaithe a aimsiú.

Chuaigh Diarmaid agus Gráinne trasna Átha Luain, agus i bhfolach sa Choill Dhá Phuball, áit a thóg Diarmaid claí le seacht ndoras ann, ag tabhairt air treonna éagsúla isteach sa choill. Dúirt Fionn le lucht leanúna Diarmaid a ghabháil. Thugadar cách deis dosna leannáin dul tríd, agus níor lig Diarmaid dóibh a n-onóir a náiriú. Ba mhian le hAonghas, a athair altrama agus a chosantóir, cabhrú leis, ach d'éiligh Diarmaid go rachadh sé ar a thoil féin. Thóg Aonghas Gráinne leis, faoi choim a dhíchealtair go dtí an Choill Dhá Shaileach, fad ar thug Diarmaid léim shleá thar an gclaí agus ar imigh leis isteach sa choill

I leaganacha ó Éirinn agus Albain tá sraithe éagsúla iontu, ina théann Diarmaid agus Gráinne ar eachtraí go háiteanna de chuile shórt. De ghnáth, dhiúltaíonn Diarmaid ar dtús luí le Gráinne de bharr measa ar Fhionn. I leagan amháin, griogann sí gurbh níos dána na é an t-uisce a bhí tar éis a cos a fhliuchadh. Tá a leithéid de phriocadh i leaganacha áirithe den scéal, Tristan agus Iosóid.

Tháinig ar Ghráinne nuathorrach cíocras caor caorthainn a bhí ag fás sa choill Dubhros, faoi chosaint an fhathaigh aonshúiligh,Searbhán, ar son na dTuath Dé Danann. Cé go raibh sé cairdiúil ar dtús leo, dhiúltaigh Searbhán go feargach na caora a ghéilleadh agus b'éigean do Dhiarmaid dul i gcomhrac aonair leis. Chosain Searbhán é féin in aghaidh gaiscí marfacha Dhiarmada lena chumhachtaí draíochta, ach sa deireadh bhuaigh Diarmaid ag imirt cleith iarrainn an fhathaigh ina éadan féin.

Chuaigh Fionn i dteannta leis na Fianna chuig an gcoill, áit a socraíodh bord fichill dó chun imirt lena mhac, Oisín. Thug Oscar agus Caoilte cabhair d'Oisín, ach ní raibh éinne ann lámh in uachtar á fháil ar Fhionn sa chluiche seo seachas Diarmaid. Bhreathnaigh Diarmaid ar an gcluiche thuas sa chrann, agus dá ainneoin thug sé cabhair d'Oisín, ag caitheamh caor ag na fir fichill. Chaill Fionn trí chluiche as a chéile, agus thuig sé go raibh Diarmaid i bhfolach sa chrann. D'ordaigh a ghaiscígh a chéile comhraic a mharú, ach mharaigh Diarmaid seachtar acu darbh ainm Garbh. Thug Oscar le fios go rachadh sé i ngleic lena cuid feirge éinne a dhéanfadh dochar do Dhiarmaid, agus thionlaic sé an lánúin slán sábháilte tríd an gcoill.

Chuaigh Fionn go dtí an Tír Tairngire, agus d'iarr sé ar a sheanbhuime Bodhmall um Diarmaid a mharú. Bhí Diarmaid i mbun seilge sa choill in aice leis an An mBóinn, agus d'eitil Bodhmall ar phóicín locha agus chaith sí gathanna nimhe arbh fhéidir a sciath agus cathéide a pholladh. D'fhulaing Diarmaid áit a bhuail na gathanna é, ach mharaigh sé Bodhmall lena Gha Dearg.

Thug Fionn pardún do Dhiarmaid tar éis d'Aonghus labhairt amach ar mhaithe leis na leannáin. Mhair Diarmaid agus Gráinne i síocháin ag Céis Chorainn[2] i gContae Shligigh ar feadh roinnt blianta, ag tógáil cúigear páistí, ceathrar mac agus iníon amháin. Thóg Diarmaid Ráth Gráinne ann. B'fhada an lá é, ámh, ó thug siad cuairt a thabhairt ar athair Ghráinne, Cormac Mac Airt, nó iar-comrádaí Dhiarmada. Chuir Gráinne ina luí ar Diarmaid cuireadh chun coirme a thabhairt dá gcairde, Fionn agus the Fianna san áireamh.

Thug Fionn cuireadh do Dhiarmaid dul ag seilg toirc ar Bhinn Ghulbain. Ghlac Diarmaid leis, in ainneoin tuair go maródh torc é. Níor thóg sé leis ach Beagalltach agus Ga Buí, ní a ghaiscí is fearr. Sháigh olltorc é agus Diarmuid i mbun a mharú. Bhí a chumas ag Fionn go leigheasadh an té a d'ólfadh uisce as a láimh, ach faoi dhó, lig sé tríd a mhéara é. Á bhagairt ag a mhac Oisín agus a gharmhac Oscar, cuireadh é chun uisce a fháil don tríú huair, ach bhí sé ró-mall. Bhí Diarmaid tar éis bás d'fháil.

Níl na leaganacha ar son intinn maidir le gníomhartha Ghráinne i ndiaidh bás Dhiarmada. I roinnt dóibh, thug Aonghas corp Dhiarmada abhaile leis go Brú na Bóinne, áit a chuirfeadh sé athbhrí ann pé am gur mhian leis labhairt leis an laoch.[3] I roinnt dóibh, chuir Gráinne a clann faoi mhionn bád a n-athair a chúitiú; i roinnt eile, rinne sí brón go dtí go bhfuair sí féin bás. I roinnt eile fós, rinne sí suíocháin le Fionn, agus idir é agus a clann; nó fiú chomh fada agus Fionn sa deireadh a phósadh.

Cosúlachtaí agus tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne suntasach i gcomhair a chósúlachtaí le scéalta eile le tríantáin ghrá iontu i litríocht Ghaelach agus Eorpach, mar shampla le scéal Dheirdre i Longes mac nUislenn na Rúraíochta. Maraon le Gráinne, tá Deirdre geallta le seanfhear, rí na nUladh, Conchúr Mac Neasa, ach éalaíonn sí lena leannán níos óige Naoise, a maraítear tar éis tóraíocht fhada. B'fhéidir é, áfach, go raibh éagsúlachtaí áirithe ann i leaganacha níos luaite den Tóraíocht; mar shampla, cuireann tagairtí na meánaoise le fios gur phós Gráinne Fionn agus married Fionn agus fuair sí colscaradh uaidh, seachas éalú ag an mbainis.[1][4]

I scéal eile, Scéla Cano meic Gartnáin, tugann bean chéile óg drugaí do chách ina theaglach seachas a desired. Maraon leis an Tóraíocht, sa deireadh d'áitigh sí ar an laoch drogallach bheith ina leannán, le torthaí tubaisteacha.[5]

Ta sé mollta ag scoláirí éagsúla, go suntasach Gertrude Schoepperle, go raibh tionchar i leith ag an Tóraíocht ar an seanscéal Tristan agus Iosóid.[1][6] Forbraíodh an scéal sa Fhrainc i rith na 12ú haoise, ach is sa Bhreatain atá sé suite. Titeann an laoch, Tristan, i ngrá leis an mbanphrionsa Isóid á tionlacan chun a uncail Mark of Cornwall a phósadh. Tosaíonn siad a gcaidreamh taobh thiar droim Mharcais, ach after they are discovered, their adventures become more like the Irish story, ina measc sraith ina fhanann na leannáin i gcró folaigh rúnda san fhorais.

In Éirinn, tá go leor leachtanna neoiliteacha cloiche le díonta cothroma ann (amhail is cairn, dolmainí agus tuamaí dingeacha áiléir) a bhfuil an t-ainm áitiúil "Leaba Dhiarmada agus Ghráinne" acu, áiteanna a chreidtear gur láthair oíche na beirte teifí iad.

Cultúr na ndaoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shuigh an scríobhneoir agus stiúrthóir Éireannach Paul Mercier an scéal i gcoireachta Baile Átha Cliath faoi choim, ina leagan de 2002. Eisíodh scannán darb ainm Pursuit[7] i 2015, bunaithe ar an script chéanna agus stiúrtha ag Mercier.

Sa scannán 2010 Leap Year,[8] insíonn an caractar Declan leagan den scéal d'Anna.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, ll. 410–411.
  2. Céis Chorainn ar logainm.ie
  3. Heaney, Marie (1995). "Over Nine Waves: A Book of Irish Legends". Faber & Faber. 
  4. "The Reader: An Illustrated Monthly Magazine" (1904) 4. Bobbs-Merill Co. 
  5. MacKillop, Dictionary of Irish Mythology, lch. 74.
  6. Schoepperle, Tristan and Iseult.
  7. Pursuit ar imdb
  8. Leap Year ar imdb