Goll mac Morna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, ball den Fhianna agus chomhghuaillí currach d'Fhionn mac Cumhaill ab ea Goll mac Morna. Ba é Aodh (Sean-Ghaeilge Áed) a chéad ainm. Bhí aithne air chomh maith mar Áed mac Fidga.[1] Fuair sé an t-ainm Goll[2] tar éis dó súil a chailleadh i rith catha.

Taoiseach na bhFiann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mharaigh Goll Cumhal, athair Fhionn, agus tháinig i gceannas na bhFiann ina ionad. Agus Fionn fásta agus a chumas cruthaithe aige, sheas Goll siar go fonnmhar ina fhábhar.

Ba é i rith an troda in éadan Chumhaill, nó i leaganacha eile in éadan Luchet, gur chaill sé a shúil, mar a insítear a leanas:[3]

"Áed b'ainm mac Dhaire,
Go ghoin Luchet cáile é;
Ó ghoin an sleá trom é,
Dá bharr, glaodh Goll air."

Irnan, cailleach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a theip ar an gcailleach Irnan gaiscí na bhFiann a sháiniú i dtéada draíochta, rinne sí ollphéist di féin agus thug sí dúshlán d'aon duine dóibh dul i gcomhrac aonair. At dtús, thairg Fionn mac Cumhaill é féin, ach d'áitíodh ar nárbh ghaisciúil é dó dul i mbun troda le cailleach. Sheas Goll ina áit agus mharaigh sé Irnan. Tugadh lámh iníon Fhionn dó mar dhuais.

Cath Gabhra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa seanscéal Cath Gabhra, chuaigh na Fianna i mbun comhraic le hairm Ard-Rí na hÉireann, Cairbre Lifechair agus cloíodh iad. Thréig Goll agus a lucht leanúna chuig Cairbre agus throid siad in éadan Fhionn.

Nath cainte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is seanfhocal é "Tapadh le Goll, mharbh é mháthair", nuair a ruaigeadh crá croí trí ghníomh an duine a bhfuil de dhualgas air. Mharaigh Goll a máthair de thimpist le cnámh.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. James McKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 3
  2. goll ar teanglann.ie FGB
  3. Révue Celtique via archive.org
  4. Racial Proverb le Selsyn Gurney Champion, M.D., athchló 1966, lch. 70