Sadhbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sadb)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarSadhbh
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
MáthairSadb ingen Chuinn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBodhbh Dearg Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíOisín Mac Fhinn Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, máthair Oisín le Fionn mac Cumhaill ab ea Sadhbh (Sean-Ghaeilge Sadb). Nó iníon Bodhbh Dearg, rí Sidhe na Mumhan ab ea í, nó b'fhéidir go bhfuil sí gaolta le Sadb ingen Chuinn, iníon Choinn Chétchathaigh.

Sadhbh agus Fionn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thit an draoi Fear Doirche i ngrá le Sadhbh ach dhiúltaigh sí é. Chuir an draoi mar dhíoltas dá bharr mallacht uirthi, trí bliana a chaitheamh i riocht eilite. Sa deireadh, ghlac ghiolla an Fhir Doirche trua di, agus dúirt sé léi dá leagfadh cos i ndún na bhFiann, nó bheadh cumhacht aige uirthi a thuilleadh. Chuaigh sí díreach i dtreo theach Fhionn ag Almhain, agus d'aimsigh Fionn í i mbun seilge. Cé gur i riocht ainmhí ab ea Sadhbh, duine daonna ab ea í marcas sin féin, agus dá bharr, ní dhearna cúnna Fhionn, Bran agus Sceolan, aon dochar di, óir go raibh iadsan, maraon le Sadhbh, daoine i riocht ainmhithe. Ar ais ag Almhain, rinneadh cailín álainn de Shadhbh, agus ar ball beag phós sise agus Fionn. Ghráigh Fionn í an oiread sin gur éirigh sé as dul ag seilg agus gach pléisiúr eile, agus d'éirigh sí go tapa torrach.

Bhí Fionn as láthair i mbun comhraic in éadan na Lochlannach nuair a tógadh Sadhbh uaidh. Nocht taispeánadh bréige d'Fhionn, Bhran agus Sceolan laistigh den dún, agus rith Sadhbh amach chun a céile, i ngan fhios di an baol. A luaithe agus a shroich sí an taispeánadh, d'athraigh sé agus nochtadh an Fear Doirche, a thóg amach slat draíochta déanta as coll. Bhuail sé í leis, agus rinneadh arís í ina heilit.

Fionn agus Oisín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Fionn seacht mbliana ag lorg Sadhbha, ach theip air. 'Séard a d'aimsíodh i mbun seilge san fhoraois ná buachaill fiáin. D'aithin Fionn ar an dtoirt dreacha Sadhbha in aghaidh an bhuachalla, agus thuig sé gurbh a mhac a bhí ann. Oisín an t-ainm a tugadh dó agus d'éirigh sé chomh cáiliúil lena athair.[1][2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lady Gregory's Complete Irish mythology
  2. Irish Folktale; Oisín's Mother