Finn Eces

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFinn Eces
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, file agus saoi na bhFiann ab ea Finnéigeas (Sean-Ghaeilge Finn-Éces[1]).

De réir an scéil Macgnímartha Finn, múinteoir Fhionn mhic Chumhaill ab ea é. Ar feadh na mblianta, bhí Fionnagán ag iarraidh an bradán feasa a bhreith, ach theipeadh air. Sa deireadh lá amháin, agus Fionn óg in éineacht leis, rug sé é, agus d'iarr sé ar a dhalta an t-iasc a réiteach. Dhóigh Fionn óg a ordóg ar chraiceann te an éisc, ámh, agus chuir ina bhéal í chun í a mhaolú. Bronnadh air dá bharr fios an éisc, a bhíodh aige pé uair a chuireadh sé a ordóg ar ais ina bhéal.

Nuada[cuir in eagar | athraigh foinse]

I bhfoinsí ar leith, luaitear Nuada mar Nuadu Finn-Éces, agus molann údair éagsúla go bhfuil gaol idir Fionn agus an Bradán Feasa, agus cultas Nuada féin.[2] Deirtear i seanchas na bhFiannaíocht gur shinsear Fhionn ab ea Nuada.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó hÓgáin, Dáithí, Myth, Legend and Romance, an Encyclopedia of Irish Folk Tradition, Nua-Eabhrac, 1991. Féach Find.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. éices, éigeas, saoi, ar eDIL
  2. Ó hÓgáin, Dáithí, Myth, Legend and Romance, entry under Find.