Gráinne (miotaseolaíocht)
Cineál | carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | baineann |
Muintir | |
Céile | Diarmaid ó Duibhne agus Fionn mac Cumhaill |
Athair | Cormac mac Airt |
Leanaí | Eachtach |
San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, iníon Chormaic mhic Airt ab ea Gráinne. Is príomhphearsa í sa scéal Meán-Ghaeilge Finn agus Gráinne agus, is clúití, sa téacs den 17ú haois, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, a insíonn a cleamhnas le ceannaire na bhFiann, Fionn mac Cumhaill, agus a héalú le gaiscíoch Fhionn, Diarmuid Ua Duibne.
Tóraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gealladh Gráinne d'Fhionn ach chuir a aois déistin uirthi, agus, ag a gcóisir chleamhnais, rinne sí caidreamh le Diarmaid. Ar dtús, dhiúltaigh Diarmuid í de réir dílseachta d'Fhionn, ach chur sí geis air chun éalú léi. Chabhraigh athair altrama Dhiarmada Aonghas Mac Óg i rith a dteite fhada. I ndeireadh na dála, mhaith Fionn Diarmaid tar éis d'Aonghas a impí ar a son. Lonnaigh an bheirt i gContae Chiarraí agus rugadh cúigear páistí dóibh.
Na blianta ina dhiaidh, gortaíodh Diarmaid ag torc fiáin i mbun seilge le Fionn, a mhoilligh i mbun a leigheas go dtí go raibh sé ródhéanach. Tá leaganacha éagsúla sna téacsanna maidir le bearta Gráinne as sin amach. Nó chaoin sí a fear céile go dtí go bhfuair sí féin bás; nó, chuir sí a mic faoi mhionn díoltas a bhaint ar Fhionn; nó fós, mhaith sí Fionn nó phós sí é fiú.
De réir an staraí, Peter Berresford Ellis: "Is ... duine baoth í Gráinne, ceanndána, neamhthrócaireach agus díograiseach, mar a ghlaoitear sa lá atá inniu ann néaróiseach."[1]
Caidrimh thriúir
[cuir in eagar | athraigh foinse]I miotaseolaíocht, faightear roinnt scéalta bunaithe ar thriantán an ghrá idir fear óg, bean óg agus seansuiríoch, an Tóraíocht ina measc. Is é an triantán idir Naoise, Deirdre agus Conchobar mac Nessa sa Rúraíocht an ceann is cáiliúla, b'fhéidir. Faightear an t-ábhar céanna i gcultúir eile, go suntasach i seanscéal Artúrach. Tá cosúlachtaí ann idir Tóraíocht agus Tristan and Iseult, agus go pointe áirithe an caidreamh idir Lancelot agus Guinevere.
An lá inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ainmníodh an LÉ Gráinne, long de chuid an tSeirbhís Chabhlaigh na hÉireann, anois díchoimisiúnaithe, as Gráinne féin.
Sa seó damhsa Gaelach, Dancing on Dangerous Ground, cuireadh Gráinne ar an stáitse ag iar-réalt Riverdance, Jean Butler.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ellis, Peter Berresford. "A Dictionary of Irish Mythology". Oxford University Press.
- MacKillop, James (1998). Dictionary of Celtic Mythology. Oxford. ISBN 0-19-860967-1.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ellis 1987, lch. 140.