Lochlannaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Lochlannach)
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaLochlannaigh
Dublin - Dublinia - 20190809102938.jpg
Cineál pobal, tréimhse stairiúil, cultúr agus stíl
Baile 793
Imeachtaí agus blianta do thurais thábhachtacha na Lochlannach

B'fhir gnó, coilínigh agus, mar is eol go leathan, foghlaithe mara iad na LochlannaighUigingighVairingiaigh a shíolraigh as Críoch Lochlann. Idir na blianta 800 agus 1050, rinneadar coilíniú, réabadh agus trádáil ar fud chóstaí, aibhneacha agus oileáin na hEorpa agus fiú oirthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Thugadar Norðmenn (fir aduaidh) orthu féin. Tugann Lochlannaigh an lae inniu fós nordbor nó daoine aduaidh orthu féin.

D'fhág na Lochlannaigh ina dtír dhúchais mar gheall ar easpa talún cósta torthúil agus ródhaonra. Ó thart ar 800 AD ar aghaidh bhí Éire faoi ionsaí rialta ag foghlaithe Lochlannacha a chreach na mainistreacha saibhre agus a thug a meath sa deireadh. Na Lochlannaigh a bhunaigh poist trádála in Éirinn, a d'fhorbair ina dhiaidh sin ina mbailte móra agus i gcathracha amhail Áth Cliath, Corcaigh, Luimneach agus Port Láirge. Chreidtí gurb iad na Lochlannaigh a thug "Duibhlinn" ar an gcathair, ach is léir ón ainm Gaelach go raibh áitreabh ann rompu.

Tá fios maith ar a gcrógacht agus a gcruas i gcogadh, ach thógadar bailte freisin, agus bhí bua acu le hobair lámha agus le trádáil. Sa Rúis agus san Impireacht Bhiosántach, thugtaí na Vairingiaigh (Væringjar, ar bhrí leis ná "fir geasa") ar na Lochlannaigh, agus thugtaí an Garda Vairingiach ar fhir cosanta Lochlannach na hImpireachta Biosántaí. Thugtaí Danair, Gearmánaigh agus Normannaigh orthu freisin, agus as Gaeilge déantaí idirdhealú idir Dubhghaill nó Danair, agus Fionnghaill, nó Ioruaigh. Is iad na hIoruaigh, na Danair, na Sualannaigh, na hÍoslannaigh agus na Faróigh náisiún an lae inniu a shíolraíonn don chuid is mó ó na Lochlannaigh. Is de shíol Lochlannach cuid éigin den daonra i Sasana, in Albain, in oirthear na hÉireann agus i dtuaisceart na Fraince.

B'astú siúd a shocraigh síos i dtuaisceart na Fraince a shíolraigh na Normannaigh, arbh í an Fhraincis a dteanga, agus tháinig siadsan i dtír in Éirinn, i Sasana agus i dtíortha eile in iarthar na hEorpa ón 11ú haois ar aghaidh.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cloch rúnscríbhinne sa Danmhairg

Labhraíodh an tSean-Lochlainnis i gCríoch Lochlann ón 8ú haois go dtí an 14ú haois, agus in áiteanna eile inar bhunaigh na Lochlannaigh cóilíneachtaí, go háirithe san Íoslainn. Teanga Ghearmánach ba ea í, amhail an Ghearmáinis, an Ollainnis agus an Béarla. Scríobhadh inscríbhinní Sean-Lochlainnise le rúnscríbhinní ar leaca roimh theacht na haibitíre Rómhánaí.

Is as an tSean-Lochlainnis a thagann an tSualainnis, an Ioruais, an Danmhairgis, an Fharóis agus an Íoslainnis, chomh maith le cuid mhór focal Béarla agus roinnt focal Gaeilge.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Miotaseolaíocht Ghearmánach ba ea miotaseolaíocht na Lochlannach sular tugadh chun na Críostaíochta iad, agus bhí tionchar mór ag an seanreiligiún ar a gcuid béaloidis ansin féin. Creidtí i dtrí mhuintir dhéithe: na hÆsir (ina measc Óidin agus Túr), na Vanir (ina measc Fraer agus Frae), agus na Jötnar (uatha: Jötunn; is féidir é seo a aistriú mar ‘fathaigh’ nó ‘púcaí’). Luaitear ‘naoi ndomhan’ sna foinsí ársa, ina measc Ascar, baile na nÆsir; Vanaheimr, baile na Vanir; Miðgarðr, baile na ndaoine daonna; Álfheimr, baile na ; Niflheimr, tír an cheo; agus Múspellsheimr, tír na tine.

Ná déantar dearmad nach raibh aon leabhar beannaithe ag baint leis an gcreideamh seo, ach gur scríobh Lochlannaigh Críostaithe ar nós Snorri Sturluson na Íoslainne faoi, na céadta bliain tar éis dá gcine iompú ar an gCríostaíocht. Mar sin féin, is cinnte nach léirithe cruinne don mhéid a chreideadh na Lochlannaigh roimh theacht na Críostaíochta iad na foinsí atá ar marthain.

Struchtúr na sochaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí trí haicme ann i sochaí na Lochlannach: na tráilleanna (þrælarnir), na tuathánaigh (karlarnir), agus na hiarlaí (jarlarnir).

Ba sclábhaithe iad na tráilleanna, a rugadh do thráilleanna eile nó a gabhadh thar lear. D’oibrídís ar fheirmeacha agus i dtithe do thuathánaigh agus d’iarlaí. Measadh go raibh siad suarach, cé gur chuimsigh siad timpeall ceathrún den daonra.

Ba thuathánaigh shaora iad karlarnir, a raibh feirmeacha acu agus a d’oibrigh orthu, ach a raibh tráilleanna ag formhór acu chun obair a dhéanamh freisin.

Úinéirí eastát mór ba ea jarlarnir, a bhí mar cheannairí poilitiúla agus míleata. Nuair a d’éag jarl, ba mhinic a maraíodh a chuid tráilleanna leis, le cur ina aice.

Stádas na mban[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur measadh nach raibh mná Lochlannacha chomh tábhachtach lena bhfear céile ná lena n-athair, bhí cearta níos fearr ag mná i sochaí réamhChríostaíocht na Lochlannach ná in áiteanna eile san Eoraip ag an am sin, dar le Grágás na hÍoslainne agus dlíthe Frostating agus dlíthe Gulating na hIorua. Ach tar éis theacht na Críostaíochta, d’imigh na cearta seo as go dtí gur tháinig gluaiseacht na mban le blianta anuas.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]