Carn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesCarn
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
TeangaBéarla agus ilteangacha
Am tosaigh1973 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Príomhábharteangacha Ceilteacha
EagarthóirRhisiart Tal-e-bot Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóirí
ISSN0257-7860

Suíomhcelticleague.net… Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Carn irisleabhar oifigiúil an Chonartha Cheiltigh. Bunaíodh i 1973 é.[1] Roghnaíodh ainm an irisleabhair mar gheall ar a luach siombalach, agus toisc go bhfuil an focal “carn” le fáil i ngach ceann de na teangacha Ceilteacha beo. An fotheideal atá ann ná ‘A Link Between the Celtic Nations’.

An sprioc atá ag Carn ná aidhmeanna an Chonartha Cheiltigh a chur chun cinn, is é sin, athbheochan na dteangacha Ceilteacha agus féinrialú na Sé Náisiún Cheilteacha a bhaint amach.

Foilsítear an chuid is mó de na haltanna i mBéarla, chomh maith le haltanna sna sé theanga Cheilteacha freisin: Briotáinis, Coirnis, Gaeilge, Manainnis, Gaeilge na hAlban, agus Breatnais, in éineacht le haistriúcháin agus achoimrí i mBéarla. San am atá caite, foilsíodh altanna i bhFraincis freisin.

I measc na scríbhneoirí suntasacha san irisleabhar tá an file Gàidhlig Somhairle MacGill-Eain.

Eagarthóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Frang MacThòmais (1973–1974), Albanach
  • Pádraig Ó Snodaigh (1974–1977), Éireannach
  • Cathal Ó Luain (1977–1981), Éireannach
  • Pedyr Pryor (1981–1984), Cornach
  • Pat Bridson (1984–2013), Manannach (ina chónaí in Éirinn)[1]
  • Rhisiart Tal-e-bot (2013–an lá atá inniu ann), Cornach

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Carn Magazine". Celtic League."Carn Editor Steps Down After 29 Years". Celtic League. 28 Deireadh Fómhair 2013. Retrieved 20 September 2014.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]