Jump to content

An Choirnis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Coirnis)
Infotaula de llenguaAn Choirnis
Kernowek, Kernewek agus kernewek

Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais600 (2011)
Á labhairtCorn na Breataine
Dúchasach doCorn na Breataine agus na Scillí
Stáitan Ríocht Aontaithe
Comhordanáidí50° 18′ N, 4° 54′ O / 50.3°N,4.9°W / 50.3; -4.9
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ceilteacha
Ceiltis na nOileán
teangacha Briotainice
Southwestern Brythonic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheAkademi Kernewek
Leibhéal leochaileachta5 i mbaol báis
Cóid
ISO 639-1kw
ISO 639-2cor
ISO 639-3cor
Glottologcorn1251
Linguasphere50-ABB-a
Ethnologuecor
UNESCO339
IETFkw
Endangered languages4050

Is teanga Cheilteach í an Choirnis (Kernowek) i ngrúpa na dteangacha Breatnacha. D'éag sí san 18ú/19ú haois ach tháinig gluaiseacht athbheochana ar an bhfód san fhichiú haois.

Tá an Choirnis ar cheann de na teangacha Ceilteacha is laige sa lá atá inniu ann. Níl aon chainteoir traidisiúnta dúchais fágtha ann agus níl ach fíorbheagán daoine ann a bhfuil ardscileanna sa teanga acu.[1] Mar sin féin, tá spéis as an nua sa teanga sa Chorn le tamall de bhlianta anuas agus daoine á foghlaim arís. Sa daonáireamh in 2021 luaigh beagnach 600 duine go raibh siad líofa sa teanga agus meastar go bhfuil dornán mílte eile ann a bhfuil cur amach éigin acu uirthi.[2]

Leac chuimhneacháin Éirí Amach an Leabhair Urnaithe, gar do Choláiste Glasney, Pennrynn, Corn na Breataine
Logainmneacha
Stáisiún Penzance inniu
Dorothy Pentreath le  John Opie (1761-1807)

Stair agus dul i léig

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Logainmneacha

Tugadh buille tubaisteach don teanga sa bhliain 1549, nuair a rinne Rialtas Éadbhard VI Shasana iarracht úsáid Leabhar na hUrnaí Coitinne as Béarla a chur i bhfeidhm i gCorn na Breataine, in ainneoin nach raibh Béarla ag cuid mhaith de na daoine ansin. Thosaigh éirí amach i gcoinne an rialtais agus cuireadh faoi chois é go brúidiúil. Maraíodh suas le 22% de dhaonra fireann Chorn na Breataine le linn na gcaismirtí, rud a chuir dlús mór le meath na teanga sa cheantar sin.

Deirtear go minic gurbh é Cheston Marchant ó Gwithian an cainteoir dúchais Coirnise aonteangach deireanach, fear a fuair bás sa bhliain 1665.[3] Agus gurbh í Dorothy Pentreath an cainteoir dúchais deireanach agus d'éag sí siúd sa bhliain 1777. Tá leac chuimhneacháin sa reilig ina bhfuil Pentreath curtha ar a gcuirtear síos uirthi mar “an duine deireanach a rinne comhrá i dteanga ársa an Choirn”. Ba as ceantar tuaithe in aice leis an mbaile beag iascaigh Porthenys i bhfíor-iardheisceart an Choirn í Pentreath. Meastar gur sa réigiún sin is faide a mhair an teanga mar theanga phobail.[1]

Ach rinne an staraí Kensa Broadhurst staidéar ar lucht labhartha na Coirnise dá leabhar The Cornish Language in the Nineteenth Century agus deir sí go raibh an teanga fós á labhairt ag “líon beag bídeach” cainteoirí dúchais sa 19ú haois.“ Cainteoirí dátheangacha a bhí iontu agus ba é an Béarla an phríomhtheanga a bhí acu ach bhí an Choirnis acu freisin. Bhí daoine fós á múineadh dá gclann, agus bhí daoine ag déanamh taighde uirthi. Bhí sí á múineadh sna hollscoileanna sa Fhrainc sa 19ú haois chomh maith.[1]

Níl muintir Chorn na Breataine ar aon bharúil ar an gcineál Coirnise ab fhearr a athbheochan, áfach. Tá trí leagan den Choirnis athbheoite á n-úsáid inniu, mar atá, an Choirnis Choitianta (Kernewek Kemmyn), an Choirnis Aonchineálaithe nó Kernewek Unys, agus an Choirnis Chomhaimseartha. Is í an Choirnis Aonchineálaithe an leagan is sine acu, agus é bunaithe ar Choirnis na ndrámaí mistéireacha ón gcúigiú agus ón séú haois déag. Maidir leis an gCoirnis Chomhaimseartha, tarraingíonn sí ar theanga na gcainteoirí deireanacha dúchais, agus í drogallach go maith roimh fhocail nuachumtha.

Is í an Choirnis Choitianta an ceann is deireanaí acu. Tá sí bunaithe ar theanga na ndrámaí céanna agus an Choirnis Aonchineálaithe, ach in áit úsáid a bhaint as an litriú comhaimseartha, tá litriú dá cuid féin ag an gCoirnis Choitianta atá bunaithe ar an bhfuaimniú, de réir mar a thuigeann cumadóir na Coirnise Coitianta é. Mar sin, is é an litriú an difríocht is suntasaí idir an dá chineál Coirnise seo.

Tháinig an Choirnis Choitianta in úsáid go forleathan i ngluaiseacht athbheochana na Coirnise sna 1990idí, ach san am céanna, is iomaí locht a fuair teangeolaithe oilte uirthi. Inniu, tá Nicholas Williams, an teangeolaí Sasanach atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus é ina fhile Coirnise sular tharraing sé Gaeilge líofa air féin, ar an duine is mó a dhéananns tromaíocht ar an gCoirnis Choitianta. Is é a bharúil féin ná gur fearr an Choirnis Aonchineálaithe a fhorbairt agus a fheabhsú, ós rud é go bhfuil sí bunaithe ar an litriú traidisiúnta. Dar leis, ba chóir don ghluaiseacht athbheochana díriú ar an teanga thraidisiúnta, seachas teanga shaorga dá cuid féin - agus is é an meas atá aige ar an gCoirnis Choitianta gur teanga shaorga atá ann.

Thug Williams a leagan féin amach den Choirnis Aonchineálaithe - an Choirnis Aonchineálaithe Leasaithe, nó Kernowek Unys Amendys. Tá sé le fáil ina chuid téacsleabhar (ar nós Clappya Kernowek, a foilsíodh an chéad uair sa bhliain 1997) agus foclóirí (go háirithe Gerlyver Sawsnek-Kernowek, a tháinig i gcló sa bhliain 2000). Níl an Choirnis seo ródhifriúil leis an gCoirnis Aonchineálaithe, ach is minic a roghnaíonns sí focail iasachta ón mBéarla a bhí in úsáid sa teanga thraidisiúnta, in áit na bhfocal sean-Choirnise nó fiú Breatnaise a úsáideanns lucht athbheochana na teanga go minic leis an mBéarlachas a sheachaint. Sa bhreis ar an téacsleabhar agus ar an bhfoclóir, tá aistriúchán Bíobla foilsithe ag Williams lena leagan féin den Choirnis a chraobhscaoileadh.

Caighdeán scríofa nua

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 9 Bealtaine 2008, glacadh le caighdeán scríofa nua don Choirnis ag cruinniú de chuid Pháirtíocht Theanga na Coirnise.[3] Foireann teangeolaithe a d'fhorbair an caighdeán seo, agus an teangeolaí Ioruach, Trond Trosterud, i gceannas orthu. Rinneadh an obair seo faoi choimirce Pháirtíocht Theanga na Coirnise.[4]

Osclaíodh an chéad naíolann Choirnise sa bhliain 2023, Skol Veythrin Sen Jowan. Is sa bhaile Cambron (Camborne) in iarthar Kernow atá an réamhscoil suite agus í nasctha leis an bhunscoil áitiúil Bhéarla.[2]

Bíonn scéimeanna Coirnise á n-eagrú i mbunscoileanna na tíre chomh maith.

Bunaíodh irisleabhar Coirnise, Gweles, in 2021 agus baineann an ceoltóir Breatnach Gwenno úsáid as an teanga, a fuair sí óna hathair, ina cuid amhrán.[4]

  1. 1.0 1.1 1.2 Maitiú Ó Coimín (17 Meán Fómhair 2025). "Ní fíor an scéal faoi ‘chainteoir dúchais deireanach’ na Coirnise -leabhar nua" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-18.
  2. 2.0 2.1 NÓS (2023-10-26). "An chéad naíolann Choirnise faoi lán seoil i gCorn na Breataine" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-10-26.
  3. 3.0 3.1 Magakernow. "Single Written Form / Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-12-23. Dáta rochtana: 2008-05-24.
  4. 4.0 4.1 "Cornish language makes a comeback" (en). The Telegraph (2008-05-21). Dáta rochtana: 2023-10-26.

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]