An Bhriotáinis
| brezhoneg | |
|---|---|
| Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
| Úsáid | |
| Cainteoirí dúchais | 107,000 (2025) |
| Dúchasach do | An Bhriotáin agus an Bhriotáin |
| Stáit | an Fhrainc |
| Comhordanáidí | 48° N, 3° O / 48°N,3°W |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ceilteacha Ceiltis na nOileán teangacha Briotainice Southwestern Brythonic (en) | |
| Tréithe | |
| Córas scríbhneoireachta | aibítir na Briotáinise agus aibítir Laidineach |
| Institiúid caighdeánaithe | Ofis publik ar brezhoneg (en) |
| Leibhéal leochaileachta | 4 in an-bhaol |
| Cóid | |
| ISO 639-1 | br |
| ISO 639-2 | bre |
| ISO 639-3 | bre |
| Glottolog | bret1244 |
| Linguasphere | 50-ABB-b |
| Ethnologue | bre |
| UNESCO | 336 |
| IETF | br |
| Endangered languages | 1228 |
Is teanga Cheilteach í an Bhriotáinis (Brezhoneg[1]) den bhfoghrúpa Breatnach. I ré na hImpireachta Rómhánaí, chuaigh daoine thar farraige ón mBreatain go hiarthuaisceart na Fraince an lae inniu. Thugadar a dteanga leo, teanga a bhí á labhairt an uair úd ar fud na coda ba mhó den Bhreatain.
Tá gar-ghaol ag an mBriotáinis leis an mBreatnais atá fós sa Bhreatain Bheag, agus leis an gCoirnis, teanga a cailleadh ach a bhfuil díograiseoirí ag iarraidh a hathbheochan.

Traidisiún na Briotáinise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go traidisiúnta, labhraítear an Bhriotáinis sa chuid is faide siar na Briotáine, ar an taobh thiar den líne idir Plouha agus Vannes. Bhí sí á labhairt ag gach uile aicme de shochaí na Briotáine go dtí an dóú haois déag, nuair a thréig na huaisle Briotánacha a dteanga dúchais de mhalairt ar an bhFraincis. Lean na búirgéisigh Bhriotánacha eiseamláir na n-uaisle, agus, de réir a chéile, fágadh an Briotáinis teoranta do mhuintir na tuaithe in Iarthar na Briotáine nó Breizh-Izel.
B'í an Laidin an teanga scríofa ba thábhachtaí i nDiúcacht na Briotáine go dtí gur tháinig an Fhraincis ina háit sa chúigiú haois déag. Ina dhiaidh sin féin, tá traidisiún liteartha áirithe ag an mBriotáinis, agus bíonn Briotáiniseoirí an lae inniu ag tarraingt ar an tSean-Bhriotáinis ar lorg téarmaíochta teicniúla nó eolaíche don Nua-Bhriotáinis.
Tionchar Réabhlóid na Fraince ar an mBriotáinis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba bheag an tsuim a bhí ag monarcacht na Fraince sna teangacha réigiúnda den tír. I ndiaidh na réabhlóide, áfach, d'athraigh na cúrsaí go hiomlán, nó b'ansin a cuireadh tús le polasaithe a bhí meáite ar an bhFraincis a chur á labhairt ar fud na tíre agus na teangacha agus na canúintí eile a bhaint de bhéal na ndaoine. Ní raibh lucht déanta na bpolasaithe seo in ann teangacha a aithint thar chanúintí, nó ní raibh, dar leosan, ach dhá rud ann, mar atá, an Fhraincis agus an "patois". Bhí polaitíocht ag baint leis na hiarrachtaí seo, ar ndóigh. Bhí ceannairí na réabhlóide den tuairim go raibh na teangacha réigiúnda fite fuaite leis an bhfrithréabhlóideachas, agus go raibh na monarcaithe agus na sagairt ag baint leasa as na teangacha seo mar bhábhún leis an gcosmhuintir a choinneáil scartha ó chlár oibre na réabhlóidithe agus a gcuid bolscaireachta. Deir lucht athbheochana na Briotáinise go raibh an rialtas ag cur fíor-chatha sna scoileanna leis an teanga a chur de dhroim an tsaoil, agus go mbeadh náire ar na páistí faoina dteanga dúchais chomh deireanach leis na seascaidí.

Meath agus Athbheochan
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dtús na fichiú haoise, bhí duine as gach beirt in Iarthar na Breataine dall ar an bhFraincis ar fad, agus an chuid eile dátheangach san Fhraincis agus sa Bhriotáinis.
Bhí an Bhriotáinis á labhairt ag milliún agus trí chéad míle duine sa bhliain 1930.
Faoi lár na fichiú haoise, ní raibh ach céad míle duine aonteangach sa Bhriotáinis.

Litríocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1925, bhunaigh an tOllamh Roparz Hemon an iris úd Gwalarn [br] le litríocht a fhoilsiú sa teanga. I rith an chéad naoi mbliana déag eile, bhí an iris seo agus an scoil scríbhneoirí ina timpeall ag iarraidh an Bhriotáinis a ardú ar aon leibhéal leis na teangacha móra domhanda. Bhí idir bhunsaothair liteartha agus aistriúcháin á gcur i gcló ar an iris.
Sa bhliain 1946, tháinig an iris úd Al Liamm [br] i gcomharbas ar Gwalarn. Ina dhiaidh sin, bunaíodh sraith mhaith irisí Briotáinise, agus an litríocht ag fás agus ag forbairt sa teanga. Inniu, tá i bhfad níos mó litríochta ar fáil i mBriotáinis ná a shamhlófá le teanga neamhfhorleathan.
Sa bhliain 1977, cuireadh bun leis na chéad scoileanna Diwan, a bhí ag dul i muinín an tumoideachais le Briotáinis a theagasc do dhaoine óga. Modh eile ar baineadh triail as san am ab ea Div Yezh nó an cur chuige dátheangach.
Sa bhliain 1987 foilsíodh an Foclóir Gaeilge–Briotáinis le Loeiz Andouard [br] agus Éamon Ó Ciosáin, an chead foclóir riamh dá leithéid.[2]
Sa bhliain 2004, foilsíodh aistriúchán Briotáinise d'eachtraí Astérix. Is fiú sonrú a chur ann go bhfuil cónaí ar Astérix féin sa Bhriotáin, de réir an ghreannáin féin.
Sa bhliain 2025, foilsíodh Diskan – Agallamh le Jakez Riou, Máirtín Ó Cadhain, arna aistriú ag Ó Cadhain agus Gwion Hernot. Éamon Ó Ciosáin a chuir an leabhar in eagar. Leagan amach dhátheangach atá ar an leabhar, an dá theanga os comhair a chéile amach.[nóta 1][3][4]
Tá clú idirnáisiúnta anois ar roinnt fhilí, teangeolaithe agus scríbhneoirí próis a bhfuil saothair scríofa acu sa teanga, ar nós Yann-Ber Kalloc'h, Roparz Hemon, Anjela Duval, agus Per-Jakez Hélias.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ofis ar brezhoneg Curtha i gcartlann 2020-10-17 ar an Wayback Machine
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Loeiz Andouard ⁊ Éamon Ó Ciosáin (1987). "Briotáinis". Foclóir Gaeilge–Briotáinis.
- ↑ Henri Leperlier (1987). "Léirmheasanna: Foclóir Gaeilge-Briotáinis (Geriadur iwerzhoneg/brezhoneg)". Comhar 46 (8).
- ↑ Bridget Bhreathnach (14 Samhain 2025). "Máirtín Ó Cadhain agus an Bhriotáinis, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, Scoil Cheoil an Earraigh ar TG4". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-17.
- ↑ Ciarán Lenoach (21 Samhain 2025). "Ó Cadhain agus 'a dhiongbháil Bhriotánach' tugtha le chéile i leabhar nua". Nuacht RTÉ. Dáta rochtana: 4 Nollaig 2025.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Thosaigh Máirtín Ó Cadhain ag foghlaim na Briotáinise, i measc teangacha eile, agus é i gcampa géibhinn an Churraigh le linn an Dara Cogadh Domhanda. Tháinig Gwion Hernot ar a theitheadh go hÉirinn i 1946 agus thug Ó Cadhain lóistín dó. Chuir Hernot le cumas an Chadhnaigh sa Bhriotáinis agus d’fhoilsigh an bheirt acu cúig scéal in irisí in Éirinn agus sa Bhriotáin idir 1948-1950." (Bhreathnach 14/11/2025)