Dolly Pentreath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Dolly Pentreath

Meastar go minic gurbh í Dolly Pentreath (Dorothy Pentreath) (a d’éag i Mí na Nollag, 1777) an cainteoir aonteangach deireanach Coirnise dá raibh ann (is é sin le rá an duine deireanach a labhair Coirnis amháin, agus ní Béarla chomh maith) — finscéal a bunaíodh as los an chuntais a scríobh Daines Barrington ag cur síos ar an agallamh a chuir sé ar Dolly. Thabhaigh sise clú agus cáil di féin mar gheall ar an nós a bhí aici le bheith ag cur a hilmhallachtaí sa gCoirnis bhorba fhraochta ar dhaoine nuair a bhíodh fearg uirthi.[1] Lena bás, bhí an Choirnis marbh mar theanga phobail go bunúsach. De réir an fhinscéil, ba iad "Me ne vidn cewsel Sawznek!" (“Nílim ag iarraidh Béarla a labhairt!”) na focail dheiridh a chan sí. Ach is dócha gurbh ’in é an gnáthfhreagra a bhíodh aici nuair a chuirtí caint uirthi sa mBéarla. Meastar gurbh é Cheston Marchant ó Gwithian an cainteoir dúchais Coirnise aonteangach deireanach, fear a fuair bás sa mbliain 1665[2], agus go raibh Béarla ag Dolly freisin mar sin.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chónaigh Dolly Pentreath i bParóiste Paul, in aice le Porthynys (Béarla Mousehole) ar an gcósta in iardheisceart Chorn na Breataine – áit ar cuireadh í freisin. Tógadh leacht le hurraim di i mballa na cille i dTeampall Naomh Phoal Aorelian (is Naomh Briotánach as an mBreatain Bheag é Poal Aorelian; Paulinus Aurelianus sa Laidin agus Paul Aurelian sa mBéarla) i bPaul, sa mbliain 1860. Thóg Louis Lucien Bonaparte, nia Napoléon, agus biocáire Paul an leacht seo. Tá a lán scéalta faoin mbean seo. Deirtear go gcuireadh sí mallacht ar dhuine go minic, ag tabhairt “kronnekyn hager du” (buaf ghránna dhubh) orthu, mar shampla. Deirtí gur chailleach a bhí inti fiú. Tá a lán scéalta éagsúla fúithi, ach ní fios cé chomh cruinn agus atá siad.

Cainteoirí Coirnise níos deireanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Barrington litir an bhliain i ndiaidh bhás Dolly Pentreath, scríofa sa gCoirnis le haistriúchán Béarla, ó iascaire as Porthynys darbh ainm Bodinar (nó Bodener), ag rá go raibh eolas aige ar chúigear a riabh Coirnis acu sa mbaile beag áirithe sin amháin. Luann Barrington John Nancarrow ó Mharghasyow (Marazion i mBéarla) a bhí ina chainteoir dúchais agus a mhair go dtí na 1790idí.[3][4].

Tá conspóid ann mar gheall ar stádas Dolly mar an cainteoir deireanach dúchais, cosúil le go leor de na “cainteoirí deireanacha dúchais” eile. D’fhoghlaim William Bodinar (a d’éag in 1794) Coirnis agus é ina ghasúr agus, sa mbliain 1776, bhí sé fós in ann litir a scríobh sa teanga. Maíonn cúpla scoláire oirirc, Henry Jenner, Morton Nance agus Philip Payton ina measc, gur cheart go ndearcfaí ar John Davey as Boswednack (a d’éag 1891) mar an cainteoir “traidisiúnta” deireanach; dúradh gur labhair sé i gCoirnis lena chat i riocht is go gcoinneodh sé an teanga beo. Tá roinnt amhrais maidir le méid a chumais sa teanga; b’fhéidir gur cuireadh cuid acu ina leith níos déanaí. Bhí sé in inmhe filíocht a chumadh sa gCoirnis agus thóg Cumann Chorn na Breataine Seanda (Old Corwall Society) plaic chuimhneacháin sa mbliain 1980 a mhaíos gurbh é “the last to possess any considerable traditional knowledge of the Cornish Language”.[5] Bhí an Choirnis fós á labhairt ina dhiaidh sin; d’fhoghlaim cúpla duine scoite an teanga agus mhair focail de bhunús Coirnise i gcanúint áitiúil an Bhéarla, dar ndóigh. Cuireadh síos ar Alison Treganning, a fuair bás sa mbliain 1906, mar chainteoir Coirnise agus Béarla freisin. San am i láthair, tá roinnt páistí agus daoine fásta óga a labhraíos leaganacha éagsúla de Choirnis athbheoite mar chainteoirí dúchais. Mar shampla, is cainteoir dúchais na Coirnise agus na Breatnaise ó aois a hóige í an ceoltóir Breatnach Gwenno Saunders ón ngrúpa The Pipettes.

Ba bhall de dhream páistí Zennor a labhair Coirnis eatarthu féin sna 1840idí é John Mann. Sa mbliain 1914, bhí an cainteoir dúchais Coirnise seo as Boswednack ina chónaí i Sráid Chapel, Lannyust (Béarla - St Just in Penwith) agus é 80 bliain d’aois, deich mbliana tar éis do Handbook of the Cornish Language (le Henry Jenner) an athbheochan a spreagadh.

Thíolaic Pêr-Jakez Helias, scríbhneoir Briotánach, dán do Dolly Pentreath.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Britannia
  2. http://www.magakernow.org.uk/index.aspx?articleid=38590
  3. Ellis, P. Berresford (1971?) The Story of the Cornish Language, Truro: Tor Mark Press
  4. Ellis, P. Berresford (1974) The Cornish Language and its Literature. London: Routledge & Kegan Paul
  5. http://www.cornwallinfocus.co.uk/language/language.php

Feic freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]