Carn (iris)
| Cineál | irisleabhar |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | Béarla agus ilteangacha |
| Am tosaigh | 1973 |
| Tréith | |
| Príomhábhar | teangacha Ceilteacha |
| Eagarthóir | Rhisiart Tal-e-bot |
| Aitheantóirí | |
| ISSN | 0257-7860 |
| Suíomh | celticleague.net… |
Is é Carn irisleabhar oifigiúil an Chonartha Cheiltigh. Bunaíodh i 1973 é.[1] Roghnaíodh ainm an irisleabhair mar gheall ar a luach siombalach, agus toisc go bhfuil an focal “carn” le fáil i ngach ceann de na teangacha Ceilteacha beo. An fotheideal atá ann ná ‘A Link Between the Celtic Nations’.
An sprioc atá ag Carn ná aidhmeanna an Chonartha Cheiltigh a chur chun cinn, is é sin, athbheochan na dteangacha Ceilteacha agus féinrialú na Sé Náisiún Cheilteacha a bhaint amach.
Foilsítear an chuid is mó de na haltanna i mBéarla, chomh maith le haltanna sna sé theanga Cheilteacha freisin: Briotáinis, Coirnis, Gaeilge, Manainnis, Gaeilge na hAlban, agus Breatnais, in éineacht le haistriúcháin agus achoimrí i mBéarla. San am atá caite, foilsíodh altanna i bhFraincis freisin.
I measc na scríbhneoirí suntasacha san irisleabhar tá an file Gàidhlig Somhairle MacGill-Eain.
Eagarthóirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Frang MacThòmais (1973–1974), Albanach
- Pádraig Ó Snodaigh (1974–1977), Éireannach
- Cathal Ó Luain (1977–1981), Éireannach
- Pedyr Pryor (1981–1984), Cornach
- Pat Bridson (1984–2013), Manannach (ina chónaí in Éirinn)[1]
- Rhisiart Tal-e-bot (2013–an lá atá inniu ann), Cornach
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "Carn Magazine". Celtic League. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-01-09. Dáta rochtana: 2024-01-08.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Láithreán gréasáin Carn Curtha i gcartlann 2010-04-12 ar an Wayback Machine
- An Conradh Ceilteach Curtha i gcartlann 2007-11-17 ar an Wayback Machine