Pádraig Ó Snodaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPádraig Ó Snodaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1935
88/89 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
CéileClíodna Cussen Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteColm Ó Snodaigh, Aengus Ó Snodaigh, Rónán Ó Snodaigh, Rossa Ó Snodaigh Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Pádraig Ó Snodaigh i gCeatharlach sa bhliain 1935. Chaith sé tamall ag obair do Bhord Soláthair an Leictreachais, agus ansin san Iarsmalann Náisiúnta. Bhí sé seal ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge.

Bhunaigh Pádraig Ó Snodaigh an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim.ie atá breis is míle cúig chéad leabhar Gaeilge foilsithe aige. Tá filíocht, úrscéalta agus aistí staire dá chuid féin foilsithe chomh maith.

Tá sé pósta leis an dealbhadóir scríbhneoir agus ealaíontóir Cliodhna Cussen. Tá triúr mhac le Pádraig sa bhanna cheoil Kíla, Rossa, Rónán agus Colm. Is mac eile leis Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála de chuid Shinn Féin.