Aengus Ó Snodaigh
Cuma
Is polaiteoir agus Teachta Dála le haghaidh Sinn Féin é Aengus Ó Snodaigh (a rugadh ar an 31 Iúil, 1964). Fuair sé a chéad téarma mar Theachta Dála i dtoghchán na bliana 2002.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is mac é leis an bhfoilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh, agus foilsíodh an leabhar Fealsúnacht, Feall agus Fuil leis ag Coiscéim. Iarscoláire é de chuid na meánscoile Coláiste Eoin. Is cainteoir Gaeilge agus Béarla é. Tá deartháireacha leis sa bhanna ceoil Kíla.
Conspóid an Dúigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2012 tháinig sé chun solais go raibh cartúis dúigh de luach €50,000 as Dáil Éireann úsáidte aige sa tréimhse idir 2007 agus 2008, rud a tharraing cáineadh air sna meáin.