Somhairle MacGill-Eain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Somhairle MacGill-Eain

File cáiliúil Albanach ab ea é Somhairle MacGill-Eain (26 Deireadh Fómhair 1911 - 24 Samhain 1996). Rugadh é ar oileán Ratharsair, gar don Oileán Sgitheanach. Cainteoir dúchais Gàidhlig a bhí ann.

Chaill sé a chreideamh Preispitéireach agus é ina dhéagóir. D'fhreastail sé ar Ollscoil Dhún Éideann agus d'imir sé iománaíocht ar son an choláiste. Thosaigh sé ag scríobh filíochta as Béarla, ach tar éis dó a chéad dán Gàidhlig, "An Corra-Ghridheach," a chumadh bheartaigh sé gurbh fhearr a d'éireodh leis sa teanga sin.

Bhí sé ina bhall d'arm na Breataine san Afraic Thuaidh i rith an Dara Cogadh Domhanda agus bhí sé gortaithe trí huaire, go dona uair amháin. Cummannach a bhí in MacGill-Eain go lár na 1940í. Phós sé Catriona Cameron ó Inbhir Nis agus bhí triúr iníon acu.

Dúirt MacGill-Eain gurb é Séamas Ó Conghaile "an laoch atá níos ionúine dom thar gach uile ní". Théadh sé go hÉirinn go minic, agus nuair a thug sé cuairt ar Phríosún Cill Mhaighneann dúirt sé gur spreag radharc léine fuilteach an Conghaileach "mothúcháin spioradáilte" ann.

Sa bhliain 2013 d’fhoilsigh Coiscéim Ó Choill go Barr Ghearáin, rogha dánta de chuid Shomhairle a d'aistrigh Paddy Bushe go Gaeilge.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]