Ficheall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is cluiche cláir í an fhicheall, agus í ceaptha do bheirt imreoir. Is í aidhm an chluiche ná rí an chéile imeartha a mharbhsháinniú. Tá an rí marbhsháinnithe, nuair atá sé faoi ionsaí agus gan deis éalaithe. Tháinig foirm reatha an chluiche chun cinn i nDeisceart na hEorpa sa dara leath den 15ú haois tar éis teacht chun cinn ó chluichí cosúla, i bhfad níos sine, de bhunadh Indiach agus Peirseach. Sa lá atá inniu ann, tá an fhicheall ar na cluichí is mó éilimh ar domhan, a bhítear á imirt ag na milliúin daoine ar fud an domhain. Tá cluichí gaolmhara ann mar Xiangqi, ar a dtugtar "an Fhicheall Shíneach" freisin.

Is cluiche straitéiseach teibí í an fhicheall agus níl aon fhaisnéis fholaithe i gceist inti. Imrítear an fhicheall ar chlár fichille cearnógach le 64 cearnóg atá eagraithe i ngreille 8 ar 8. I bhfeighil na bhfear bán atá duine amháin de na himreoirí agus i bhfeighil na bhfear dubh atá an duine eile díobh. Ag tús an chluiche, tá 16 cinn d'fhir fichille ag gach imreoir: rí amháin, banríon amháin, dhá chaiseal, dhá ridire, dhá easpag, agus ocht gceithearnach, mar atá. Is é cuspóir an chluiche ná rí an chéile imeartha a mharbhsháinniú, trí ionsaí láithreach a chur air (cuirtear an rí i sáinn) ionas nach bhfuil aon bhealach ann go n-éalóidh sé. Tá bealaí éagsúla ann freisin ar féidir le cluiche cothrom a bhaint amach.




Clár na fichille maille le clog na fichille.
Partita a scacchi (Gaeilge:An cluiche fichille) (Sofonisba Anguissola)

Cur síos ar an gcluiche[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tús an chluiche
Chess zhor 26.png
Chess zver 26.png
a8 b8 c8 d8 e8 f8 g8 h8
a7 b7 c7 d7 e7 f7 g7 h7
a6 b6 c6 d6 e6 f6 g6 h6
a5 b5 c5 d5 e5 f5 g5 h5
a4 b4 c4 d4 e4 f4 g4 h4
a3 b3 c3 d3 e3 f3 g3 h3
a2 b2 c2 d2 e2 f2 g2 h2
a1 b1 c1 d1 e1 f1 g1 h1
Chess zver 26.png
Chess zhor 26.png
Staid na bhfichillíní ag tús an chluiche


Imrítear ficheall ar bhord seicear a mbíonn 64 cearnóg (8 x 8) ann. Tá dath bán nó dubh ar na cearnóga, agus an dath céanna ar gach dara cearnóg.

Leagtar an clár anuas idir an dá imreoir ionas go bhfuil cearnóg gheal sa chúinne íochtarach ar dheis acu beirt. Ansin socraítear na píosaí ina n‑áit mar a léirítear sa léaráid ar dheis.

Tosaíonn gach imreoir le sé bhall déag san iomlán. Is ionann ball agus píosa. Déantar na baill a bhaineann le gach imreoir a aithint de réir datha. Tagraítear do na baill le dath níos éadroime mar "bán," agus an t‑imreoir ar leo iad, "An bán". Tugtar "dubh" ar na baill le dath níos dorcha agus an t-imreoir ar leo iad, "An dubh". Tá trí bhrí ag an bhfocal “ball”, ag brath ar an gcomhthéacs. Ba cheart go ndéanfadh an comhthéacs an bhrí atá beartaithe soiléir.

  1. D'fhéadfadh sé go gciallódh sé aon chuid de bhaill na sraithe, lena n-áirítear na ceithearnaigh. Nuair a úsáidtear é ar an mbealach seo, is ionann "ball" agus "fichille", nó go díreach, "fear fichille" nó "fichillín".
  2. Ag imirt, is iondúil go n-úsáidtear an téarma chun ceithearnach a eisiamh, ag tagairt do bhanríon, do chaiseal, d'easpag, do ridire nó do rí amháin. Sa chomhthéacs seo, is féidir na baill a mhiondealú ina dtrí ghrúpa: na príomh-bhaill (banríon agus caiseal), ball beag (easpag agus ridire), agus an rí.
  3. I bhfrásaí ar nós “ball a bhuachan”, “ball a chailleadh” nó “ball a thabhairt suas”, ní bhaineann sé ach le heaspag nó le ridire.

Tugtar ranganna ar na sraitheanna a théann go cothrománach ón taobh clé go dtí an taobh deas den chlár. Uimhrítear iad ó 1 go dtí 8 ón taobh bán amach.

Tugtar treasa ar na sraitheanna a théann suas agus anuas an clár go hingearach. Ainmnítear iad de réir na litreacha a go h.

Ainmnítear gach aon chearnóg de réir litir a treasa agus uimhir a ranga. Mar shampla, ag tús an chluiche, seasann an bhanríon bhán ar chearnóg d1, agus seasann an bhanríon dhubh ar chearnóg d8.

Cuirtear síos ar bheart (bogadh fichillín) de réir an chearnóg óna dtosaítear é agus an chearnóg ar a gcríochnaítear é.

Rialacha na Fichille[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainm Litir Pictiúr
An Ceithearnach . PawnPawn
An Ridire D KnightKnight
An t-Easpag E BishopBishop
An Caiseal C RookRook
An Bhanríon B QueenQueen
An R KingKing

Sa chéad chomhthéacs, tosaíonn gach ceann den bheirt imreoir leis na sé bhall déag seo a leanas i gcluiche caighdeánach:

Is le himreoir na mball bán an chéad bhogadh i gcónaí. Taispeánann an pictiúr tús an chluiche. Bíonn cearnóg dhubh ar an taobh clé is cóngaraí de na himreoirí i gcónaí. Tosaíonn an bhanríon bhán ar chearnóg bhán agus tosaíonn an bhanríon dhubh ar chearnóg dhubh.

Forordaíonn rialacha na fichille na cineálacha gluaiseachta is féidir le himreoir a dhéanamh le gach cineál fear fichille. Gluaiseann gach cineál ball ar bhealach difriúil. Le linn an chluiche, glacann siad sealaíocht ar a chéile ag bogadh baill.

An Rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an rí an fear is tábhachtaí. Cailltear an cluiche nuair a chailltear an rí. Bogann an rí cearnóg amháin i dtreo ar bith (go cothrománach, go hingearach nó ar fiar). Níl cead ag an rí dul go dtí cearnóg atá faoi ionsaí ag fear den dath eile. Tá cearnóg faoi ionsaí más féidir le fear bogadh ann ar an gcéad imirt eile. Nuair a bhogtar an rí go cearnóg ina bhfuil sé i sáinn de dhearmad ag imreoir, deirtear go bhfuil an bogadh san mídhleathach. Sa chás sin, tá ar an imreoir an bogadh a thógáil ar ais agus bogadh dleathach a imirt ina áit. Má bhogann an rí go dleathach chun cearnóige ina bhfuil fear eile, tá an fear sin gafa. Ní féidir le rí an rí eile a ghabháil am ar bith, áfach, toisc go mbeadh air bheith ar chearnóg díreach in aice leis an rí eile roimhe sin, áit nach féidir leis bogadh go dleathach, nó chuirfí i sáinn é.

Má tá cearnóg an rí faoi ionsaí, deirtear go bhfuil an rí "sáinnithe". Muna bhfuil an rí in ann an sáinniú a bhriseadh, tá sé "marbhsháinnithe" agus tá an cluiche thart. Briseadh an sáinniú tar éis:-

  • an rí a bhogadh go dtí cearnóg nach bhfuil faoi ionsaí
  • fir a chur idir an rí agus an fear atá á ionsaí
  • an fhir atá á ionsaí a ghabháil

An Bhanríon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bogann an bhanríon i líne dhíreach chomh fada agus is mian léi. Is féidir léi dul i ngach treo (go cothrománach, go hingearach nó fiarthrasna). Ní féidir léi léim thar fhear eile.

An Caiseal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bogann an caiseal i líne dhíreach chomh fada agus is mian leis. Is féidir leis dul go cothrománach nó go hingireach. Ní féidir leis léim thar fhear eile.

An tEaspag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ar fiar a théann an t-easpag. Ní féidir leis léim thar fhear eile.

An Ridire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sé an ridire an t-aon fhear atá in ann léim thar fir eile. Téann an ridire go díreach ón gcearnóg ina bhfuil sé go dtí cearnóg dhá chearnóg i dtreo cothrómánach agus cearnóg amháin i dtreo ingireach, nó go dtí cearnóg dhá chearnóg i dtreo ingireach agus cearnóg amháin i dtreo cothrománach.

An Ceithearnach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní féidir leis an gceithearnach bogadh ach go dtí na cearnóga atá díreach chun tosaigh uaidh, mura bhfuil gabháil á déanamh aige, agus sa chás sin, bogann sé cearnóg amháin ar fiar chun tosaigh go cearnóg an fhir eile atá gafa aige dá réir. Ar an gcéad bhogadh a dhéanann sé, más bogadh díreach chun tosaigh é, is féidir leis dul cearnóg amháin nó dhá chearnóg sa treo sin, ceachtar acu de réir a bhfuil ar intinn an imreora, ach an chuid eile den am, ní féidir leis bogadh ach cearnóg amháin. Ní féidir le ceithearnach dul go cearnóg dhíreach chun tosaigh ina bhfuil aon fhear eile am ar bith agus ní féidir leis léim thar fhear eile am ar bith. Agus an taobh eile den chlár bainte amach ag ceithearnach, is féidir banríon, caiseal, ridire nó easpag a dhéanamh de.

Gabháil na bhfear[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má bhogann an rí, an bhanríon, an caiseal, an ridire nó an t-easpag go dtí cearnóg ina bhfuil fear an imeartha chéile, gabhtar an fear sin. Bogann an ceithearnach go hingearach ach is ar fiar a ghabhann sé.

Caisliú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beart ar leith chun an rí a chosaint is ea an beart ar a dtugtar an caisliú. 'Sé an t-aon bheart amháin ina bhfuil imreoir in ann dhá fhear a bhogadh ag an am céanna. Má tá an rí fós ar a phointe imeachta is féidir leis caisliú le chaiseal atá fós ar a phointe imeachta freisin. Bogann an rí dhá chearnóg i dtreo an chaisil agus léimeann an caiseal thar an rí go dtí an chearnóg in aice leis. Tá roinnt rialacha ag baint leis. Ni féidir caisliú:

  • má bhog an rí roimhe sin
  • ma bhog an chaiseal (atá ag iarraidh caisliú) roimhe sin
  • má tá an rí "sáinnithe"
  • má tá fear idir an rí agus an chearnóg
  • má tá an rí ag dul thar cearnóg atá faoi ionsaí
  • má tá an rí ag dul go dtí cearnóg atá faoi ionsaí

"En passant" (dul thart)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis ceithearnaigh a bhogadh dhá chearnóg, má tá ceithearnach an chéile imeartha ar chearnóg in aice leis, is féidir le ceithearnach an chéile imeartha an ceithearnach a ghabháil ar an gcéad imirt eile. Téann an gabhálaí ar fiar chun colúin an cheithearnaigh eile agus tógtar an ceithearnach eile den mbórd.

Leamhsháinniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Más le himreoir an imirt, muna bhfuil rí sáinnithe aige agus muna bhfuil bogadh dlíthiúil aige, deirtear go bhfuil sé "leamhsáinnithe", agus críochnaíonn an cluiche gan bhuaiteoir.

Comhscór[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn an bua ag imreoir tar éis a chéile imeartha a mharbhsháinniú ach is minic a éiríonn imreoir as an gcluiche nuair a cheapann sé nach bhfuil seans aige.

Is féidir cluiche a chríochnú mar chomhscór

  • má shocraíonn na himreoirí air. Níl cead ag imreoir comhscór a thairiscint ach díreach tar éis fear a bhogadh
  • i gcás léamhsháinnithe (féach suas)
  • muna bhfuil na fir atá fágtha ar an mbórd in ann marbhsháinniú a dhéanamh in aon chor. Mar shampla - rí v rí, rí agus easpag v rí, rí agus ridire v rí, rí agus easpag v rí agus easpag (má tá na heaspaig ar chearnóga den dath céanna)
  • má tharlaíonn an staid chéanna ar an mbórd trí huaire, is féidir le himreoir comhscór a éileamh
  • is féidir le himreoir comhscór a éileamh tar éis 50 bogadh bheith déanta i ndiaidh a chéile (idir bhán agus dhubh) gan aon bhogadh ceithearnaigh san áireamh agus gan aon fhear bheith gafa

Samplaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Marbhsháinniú
Chess zhor 26.png
Chess zver 26.png
a8 b8 c8 d8 e8 f8 g8 h8
a7 b7 c7 d7 e7 f7 g7 h7
a6 b6 c6 d6 e6 f6 g6 h6
a5 b5 c5 d5 e5 f5 g5 h5
a4 b4 c4 d4 e4 f4 g4 h4
a3 b3 c3 d3 e3 f3 g3 h3
a2 b2 c2 d2 e2 f2 g2 h2
a1 b1 c1 d1 e1 f1 g1 h1
Chess zver 26.png
Chess zhor 26.png
Tá an rí dubh ar chearnóg h5 faoi ionsaí ag an mbanríon ar g5 agus ní féidir leis éalú. Ní féidir leis an rí an bhanríon a ghabháil mar tá cearnóg na banríona faoi chosaint ag an rí bán ar f5.
Sáinniú
Chess zhor 26.png
Chess zver 26.png
a8 b8 c8 d8 e8 f8 g8 h8
a7 b7 c7 d7 e7 f7 g7 h7
a6 b6 c6 d6 e6 f6 g6 h6
a5 b5 c5 d5 e5 f5 g5 h5
a4 b4 c4 d4 e4 f4 g4 h4
a3 b3 c3 d3 e3 f3 g3 h3
a2 b2 c2 d2 e2 f2 g2 h2
a1 b1 c1 d1 e1 f1 g1 h1
Chess zver 26.png
Chess zhor 26.png
Is le himreoir na bhfear bán an imirt. Tá an rí bán sáinnithe ag an easpag dubh ar chearnóg c4. Tá trí rogha ag an imreoir:-
  • an rí a bhogadh go dtí cearnóg nach bhfuil faoi ionsaí ag fear dubh. Sa léaráid seo, is féidir leis an rí dul go dtí a1 nó b1. Ní féidir leis dul go dtí a3 mar tá an chearnóg sin faoi ionsaí ag an rí dubh agus ní féidir leis dul go dtí b3 mar tá b3 faoi ionsaí ag an rí dubh agus ag an easpag dubh.
  • fear a chur idir an rí agus an easpag. Sa léaráid seo, d'fhéadfadh an ceithearnach ar b2 bogadh go dtí b3.
  • an fear atá ag sáinniú an rí a ghabháil. Anseo, is féidir leis an ridire bán ar e3 an t-easpag ar c4 a ghabháil.
Leamhsháinniú
Chess zhor 26.png
Chess zver 26.png
a8 b8 c8 d8 e8 f8 g8 h8
a7 b7 c7 d7 e7 f7 g7 h7
a6 b6 c6 d6 e6 f6 g6 h6
a5 b5 c5 d5 e5 f5 g5 h5
a4 b4 c4 d4 e4 f4 g4 h4
a3 b3 c3 d3 e3 f3 g3 h3
a2 b2 c2 d2 e2 f2 g2 h2
a1 b1 c1 d1 e1 f1 g1 h1
Chess zver 26.png
Chess zhor 26.png
Is le himreoir na bhfear dubh an imirt ach níl a fhir ábalta bogadh.
  • ní féidir leis an rí dul go dtí g7 mar tá g7 faoi ionsaí ag an gceithearnach ar h6
  • má bhogann an ridire bheadh an rí faoi ionsaí ag an gcaiseal ar a8. De réir sin, níl cead bogtha ag an ridire.
  • ní féidir leis na ceithearnaigh bogadh ach oiread mar tá fear bán díreach os a gcomhair

Imreoirí Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Chraobh Dhomhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Curaidh Domhanda (gan agó)

D'fhág Kasparov FIDE sa bhliain 1993 agus chuir sé eagrú fichille nua ar bun, an PCA. Bhí dhá chraobh dhomhanda ó 1993 go dtí gur bhuaigh Kramnik (an curadh clasaiceach) ar Topalov (an curadh FIDE) i gcluiche in Elista,An Rúis, sa bhliain 2006.


Na Curaidh Domhanda Clasaiceacha

Na Curaidh Domhanda FIDE

Imreoirí Cáiliúila Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]