Alexander Alekhine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlexander Alekhine
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Alexandre Alekhine
Beathaisnéis
Breith31 Deireadh Fómhair 1892
Moscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Márta 1946
53 bliana d'aois
Estoril, An Phortaingéil Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Tachtadh agus cliseadh ae)
Áit adhlacthaReilig Montparnasse Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCeartchreidmheachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stáit Chathair Pheadair
Ollscoil Pháras
Scoil Impiriúil na Dlí-Eolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreFicheall
Gairmimreoir fichille, saineolaí dlí, scríbhneoir, teoiricí fichille, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stáit Chathair Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis agus an Rúisis
Tír spóirtan Fhrainc
an Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtficheall Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
19398ú hOilimpiad na Fichille
1938AVRO 1938 chess tournament (en) Aistrigh
1937World Chess Championship 1937 (en) Aistrigh
1936Nottingham 1936 chess tournament (en) Aistrigh
1935World Chess Championship 1935 (en) Aistrigh
19356ú hOilimpiad na Fichille
1934World Chess Championship 1934 (en) Aistrigh
19335ú hOilimpiad na Fichille
19314ú hOilimpiad na Fichille
19303ú hOilimpiad na Fichille
1929World Chess Championship 1929 (en) Aistrigh
1927New York 1927 chess tournament (en) Aistrigh
1927World Chess Championship 1927 (en) Aistrigh
1924New York 1924 chess tournament (en) Aistrigh
1914St. Petersburg 1914 chess tournament (en) Aistrigh
1914Mannheim 1914 chess tournament (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileGrace Alekhine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAlexander Alekhin  agus Anisya Ivanovna Prokhorova
SiblínAlexei Alekhine
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 7312 Cuir in eagar ar Wikidata

Imreoir fichille Rúiseach (agus níos déanaí Francach) ab ea Alexander Aleksandrovich Alekhine (31 Deireadh Fómhair [19 Deireadh Fómhair de réir an féilire Iúil] 1892 – 24 Márta 1946) a bhí ina cheathrú churadh domhanda (1927-1935 agus 1937-1946). Faoi 22 bliain d'aois, bhí Alekhine i measc na n-imreoirí fichille is láidre ar domhan cheana féin. I rith na 1920idí, bhuaigh sé an chuid is mó de na comórtais inar imir sé. I 1922 bhuaigh sé an chéad chraobh fichille de chuid an APSS (mar a thugadh air go haisghníomhach) ach d'fhág sé an tAontas Sóivéadach i 1921 agus chuaigh sé ar imirce go dtí an Fhrainc, tír a ndearna sé ionadaíocht air tar éis 1925. Sa bhliain 1927, bhuaigh sé an Chraobh Dhomhanda Fichille i gcluiche in aghaidh José Raúl Capablanca.

Go luath sna 1930idí, bhí an lámh in uachtar ag Alekhine i gcomórtais éagsúla, agus d'imir sé ar an gcéad chlár don Fhrainc i gcúig Oilimpiad fichille, agus bhuaigh sé duaiseanna aonair i ngach ceann. Thairg Alekhine athimirt do Capablanca ar na diantéarmaí céanna a leag Capablanca dó, agus chuaigh an idirbheartaíocht ar aghaidh ar feadh na mblianta gan mórán dul chun cinn a dhéanamh. Idir an dá linn chosain sé a theideal gan stró ar Efim Bogoljubov i 1929 agus 1934. Chaill sé a theideal ar Max Euwe i 1935 ach fuair sé ar ais é in athimirt 1937. As sin amach, bhí sé faoi bhaol ó na réaltaí óga ag teacht chun cinn cosúil le Paul Keres, Reuben Fine, agus Mikhail Botvinnik, ach cuireadh stop leis an idirbheartaíocht maidir le cluiche dá teidil le Keres nó Botvinnik mar gheall ar an Dara Cogadh Domhanda i 1939. Bhí cluiche le Botvinnik don craobh domhanda á socrú i 1946 nuair a fuair Alekhine bás sa Phortaingéil faoi chúinsí amhrasacha. Tá sé curtha ina leith gur chomhoibrigh sé leis na Naitsithe agus as bolscaireacht frith-Sheimíteach a scríobh.[1] Is é Alekhine an t-aon Churadh Domhanda a fuair bás agus an teideal fós ina sheilbh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Was Alekhine a Nazi? by Edward Winter". www.chesshistory.com. Dáta rochtana: 2023-07-16.