Judit Polgar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJudit Polgar

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(hu) Judit Polgár
Beathaisnéis
Breith23 Iúil 1976
47 bliana d'aois
Búdaipeist, An Ungáir Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ungáiris
Gníomhaíocht
Réimse oibreFicheall
Gairmimreoir fichille, Easparantóir, tráchtaire spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaEsperanto, an Rúisis agus an Ungáiris
Tír spóirtan Ungáir Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtficheall Cuir in eagar ar Wikidata
Teideal duine fichilleMáistir Mná FIDE (1988)
Ardmháistir Mná (1988)
Máistir Idirnáisiúnta (1988)
Ardmháistir (1992)
Traenálaí Sinsearach FIDE (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Rátáil Elo (uas.)2,735 (Deireadh Fómhair 2005)
Aitheantas imreoir FIDE700070 Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
201441ú hOilimpiad na Fichille
201240ú hOilimpiad na Fichille
201039ú hOilimpiad na Fichille
200838ú hOilimpiad na Fichille
200235ú hOilimpiad na Fichille
200034ú hOilimpiad na Fichille
199632ú hOilimpiad na Fichille
199431ú hOilimpiad na Fichille
1990Women's Chess Olympiad 1990 (en) Aistrigh
1988Women's Chess Olympiad 1988 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairLászló Polgár  agus Klára Polgár
SiblínSofia Polgar agus Susan Polgar
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinpolgarjudit.hu Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1373225 Facebook: JuditPolgarChess Twitter: GMJuditPolgar Instagram: judit.polgar.official Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Judit Polgar (rugadh 23 Iúil, 1976 i mBúdaipeist, An Ungáir) an banfhicheallaí is láidre riamh.[1]

Bhain sí stádas Ard Mháistir Fichille amach sa bhliain 1991 nuair nach raibh sí ach 15 bhliain agus 4 mhí d'aois. Ag an am sin, ba í an duine is óige riamh chun sin a dhéanamh.

D'áitigh a cuid taispeántas ar a lán daoine a shíleadh nach dual do bhean ficheall a imirt ag na leibhéil is airde a n-intinn a athrú, iarchuradh domhanda Garry Kasparov san áireamh.

1988

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is Giúdach í Judit Polgar, ó Búdaipeist. Maraíodh gaolta léi san Uileloscadh.

Judit Polgar, 2004

Cuireadh scolaíocht bhaile uirthi agus ar a deirfiúracha (Ardmháistir Susan agus Máistir Idirnáisiúnta Sofia) ag a n-athair László agus a máthair Klára. Rinne siad saincheird den fhicheall. Bhí an chlann páirteach i dturgnamh oideachais dírithe ag a n-athair, László Polgar, a bhí ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil páistí ábalta sár-éachtaí a bhaint amach má mhúintear iad in ábhar éigin ó bhíonn siad an-óg.

Bronnadh stádas ArdMháistir Fichille ar Judit agus Zsuzsa i 1991. Bronnadh stádas Máistir Idirnáisiúnta Fichille ar Sofia.

2008

Cé go bhfuil a tuismitheoirí agus a deirfiúracha tar éis dul ar imirce, tá Judit fós ina cónaí san Ungáir. Tá sí pósta le treidlia darbh ainm Guzstav Fonts agus tá beirt chlainne acu.

Ficheall[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í a deirfiúr Zsuzsa a traenálaí nuair a bhí sí óg. B'fhearr le Judit bheith ag imirt i gcomortais oscailte i gcónaí - sheachain sí comórtais ban de ghnáth. Fuair sí an ceann is fearr ar ArdMháistir (Vladimir Kovacevic) don chéad uair nuair nach raibh sí ach 11 bhliain d'aois.

Tá buanna aici ar a lán imreoirí cáiliúla, Kasparov, Anand agus Topalov san áireamh.

Is beag nach raibh Judit Polgár cúig bliana déag agus cúig mhí d'aois nuair a rinne ardmháistir fichille di sa bhliain 1991, ag sárú an curiarracht a bhí ag Bobby Fisher (a mhair ó 1958) as bheith ar an ardmháistir is óige. Ag an am, ní raibh inti ach an ceathrú ardmháistir baineann riamh. Fiú sa lá atá inniu ann, níl ach cúigear ardmháistir bhaineanna is tríocha i measc níos mó ná 1550 san iomlán.

I mí na Samhna 1995, bhain sí áit amach ar liosta grádaithe FIDE de na 10 bhficheallaí is airde ar domhain. Is í an t-aon bhean riamh chun bheith i measc an deichniúr ficheallaí is airde.

I Meán Fómhair 2005 i San Luis, An Airgintín ba í an chéad bhean riamh a bhí páirteach i gcomórtas chun an curadh domhanda fichille a roghnú, ach níor éirigh go maith léi. Chríochnaigh sí san áit deireanach (8ú).

I Deireadh Fómhair 2006 roinn sí an chéad áit i gcomórtas láidir in Essent, san Ísiltír. Bhí dhá bhua aici ar Topalov (bhí an grádú FIDE is airde ag Topalov ag an am sin).

Ar 2 Aibreán 2011, bhain Polgar an 3ú áit amach i gCraobh Aonánach Fichille na hEorpa. Chríochnaigh sí agus triúr eile ar an scór is airde, 8.5/11, ach tugadh an 3ú áit di mar gheall ar an scéim chun comhscór a réitiú.

Ar scor[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 13 Lúnasa 2014, d'fhógair sí go raibh sí ag éirí as imirt i gcomórtais fichille.

Tá sí ina cónaí i mBúdaipeist, a cathair dhúchais, fós.

Bronnadh Cros Mór de chuid Ord Stiofáin Naofa, Rí na hUngáire uirthi mar aitheantas ar an méid a rinne sí ar son na fichille san Ungáir agus ar fud an domhain.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-08-13.