Garry Kasparov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Garry Kasparov
Garry Kasparov (37097592314).jpg
Guth
Saol
Ainm iomlánГарри Кимович Вайнштейн
Eolas breitheBakı, 13 Aibreán 1963 (59 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Rúis
An Chróit
An tAontas Sóivéadach
Áit chónaitheNua-Eabhrac
Moscó
Makarska
Teanga dhúchaisAn Rúisis
Oideachas
Alma materAzerbaijan University of Languages (en) Aistrigh 1986)
TeangachaAn Rúisis
an Béarla
An tSeirbea-Chróitis
An Chróitis
An Asarbaiseáinis
An Airméinis
MúinteoiríAleksander Nikitin (en) Aistrigh
Mikhail Botvinnik
Mark Dvoretsky
Gairm
Gairmimreoir fichille, polaiteoir, scríbhneoir, iriseoir agus léirmheastóir
Saothar iomráiteachWinter Is Coming
Duaiseanna
BallraíochtRussian Opposition Coordination Council (en) Aistrigh
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaUnited Civil Front (en) Aistrigh
Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh
Committee 2008 (en) Aistrigh
Democratic Party of Russia (en) Aistrigh
Russian Opposition Coordination Council (en) Aistrigh
Solidarnost (en) Aistrigh
IMDbnm0440716
kasparov.com agus kasparovchessfoundation.org
TwitterKasparov63
Autografo Garri Kasparov.jpg

Is ardmháistir fichille Rúiseach agus Iar-Churadh Domhanda é Garry Kasparov (rugadh 13 Aibreán 1963, i mBaku, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAsarbaiseáine). Is scríbhneoir agus gníomhaí polaitiúil é freisin.

Ba é Kasparov an Curadh Domhanda Fichille is óige riamh tar éis dhó an ceann is fearr a fháil ar Anatoly Karpov le scór 13-11 i sraith cluichí sa bhliain 1985 i Moscó. Bhí sé ina churadh oifigiúil go dtí an bhliain 1993 nuair a bhunaigh sé eagraíocht nua, an Professional Chess Assocation (PCA), tar éis conspóide le FIDE. Tugadh aitheantas dó mar Churadh Domhanda "Clasaiceach" go dtí gur chaill sé sraith cluichí i gcoinne Vladimir Kramnik sa bhliain 2000. Ba é an chéad Churadh Domhanda Fichille a chaill sraith cluichí in aghaidh ríomhaire nuair a fuair Deep Blue an ceann is fearr air le scór 3½–2½ sa bhliain 1997.

Bhí an grád is airde ar domhan ag Kasparov beagnach an t-am go léir ó 1986 go dtí gur éirigh sé as an imirt sa bhliain 2005. Bhí grád 2851 aige ar liosta FIDE mhí Iúil 1999, an grád is airde riamh.

D'éirigh Kasparov as imirt fichille go gairmiúil sa bhliain 2005 chun bheith gníomhach sa pholaitíocht agus sa scríbhneoireacht. Bhunaigh sé an Tosach Cathartha Aontaithe agus bhí sé mar bhall den ghrúpa An Rúis Eile a bhí in éadan rialtais Vladímír Pútín. Ba iarrthóir é i dtoghchán uachtaránachta na Rúise sa bhliain 2008 ach d'aistarraing sé níos déanaí.

Craobh an Domhain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Kasparov tar éis na Craoibhe Domhanda a bhuachaint sa bhliain 1985.
  • 1984 (Moscó) Karpov 5 Kasparov 3 (+5 = 40 -3) Cháiligh Kasparov chun sraithe cluichí a imirt in éadan an churaidh domhanda Karpov. De réir na rialacha bheadh an bua ag an gcéad imreoir le 6 bhua. Thosaigh Karpov go maith agus bhí sé 4-0 chun tosaigh tar éis 9 gcluiche agus 5-0 chun tosaigh tar éis 27 gcluiche. Níor ghéill Kasparov agus bhí an bua aige aige i gcluiche 32 agus sna cluichí 47 agus 48. Chuir FIDE an tsraith cluichí ar ceal tar éis an 48ú cluiche. Ba í an chúis a thug FIDE ná go raibh imní orthu faoi shláinte na n-imreoirí (chaill Karpov 10kg de mheáchan i rith na sraithe cluichí). Ba chonspóid mhór é an cealúchán ag an am agus dúirt an bheirt imreoirí gurb fhearr leo leanacht ar aghaidh.
  • 1985 (Moscó) - Kasparov 13 Karpov 11 (+5 =16 -3) Bhí na sean-rialacha i bhfeidhm sa tsraith cluichí seo. Bhí 24 chluiche sa tsraith agus bheadh an bua ag an imreoir le scór 12½. Choimeádfadh an curadh an teideal i gcás comhscóir. Bhain Kasparov an teideal mar churadh domhanda ó Karpov sa sraith seo.
  • 1986 (Londain agus Leningrad (Cathair Pheadair)) - Kasparov 12½ Karpov 11½ (+5 = 15 -4)
  • 1987 (Sevilla) - Kasparov 12 Karpov 12 (+4 = 16 - 4) Choimeád Kasparov an teideal - bhí ar Karpov an bua a fháil chun an teidil a bhaint dó.
  • 1990 (Nua-Eabhrac agus Lyon) - Kasparov 12½ Karpov 11½
  • 1993 (Londain) - Kasparov 12½ Nigel Short
  • 1995 (Nua-Eabhrac) - Kasparov 10½ Viswanathan Anand 7½ (+4 =13 - 1) Sraith de 20 cluiche a bhí i gceist anseo
  • 2000 (Londain) - Kasparov 6½ Vladimir Kramnik 8½ (+0 = 13 -2) Sraith de 16 chluiche a bhí i gceist anseo agus chaill Kasparov a theideal.

Bhí na sraitheanna cluichí sa bhliain 1993 agus 1995 eagraithe ag an PCA. D'eagraigh an comhlacht Braingames an tsraith cluichí sa bhliain 2000.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]