Anatoly Karpov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAnatoly Karpov
Beathaisnéis
Breith23 Bealtaine 1951
72 bliana d'aois
Zlatoust, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Dhúma an Stáit
12 Deireadh Fómhair 2021 –
Téarma parlaiminte: 8th State Duma of the Russian Federation (en) Aistrigh

Ball de Dhúma an Stáit
5 Deireadh Fómhair 2016 – 12 Deireadh Fómhair 2021
Téarma parlaiminte: 7th State Duma of the Russian Federation (en) Aistrigh

Ball de Dhúma an Stáit
21 Nollaig 2011 – 5 Deireadh Fómhair 2016
Téarma parlaiminte: 6th State Duma of the Russian Federation (en) Aistrigh

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síEconomics Faculty of Saint Petersburg State University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilollamh le heacnamaíocht
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Moscó Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmimreoir fichille, iriseoir, scríbhneoir, polaiteoir, ball de Dhúma an Stáit Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stáit Chathair Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Spáinnis agus an Rúisis
Tír spóirtan Rúis
An tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtficheall Cuir in eagar ar Wikidata
Teideal duine fichilleMaster of Sport of USSR in Chess (en) Aistrigh (1966)
Máistir Idirnáisiúnta (1969)
Ardmháistir (1970)
Traenálaí Sinsearach FIDE (2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Rátáil Elo (uas.)2,780 (Iúil 1994)
Aitheantas imreoir FIDE4100026 Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
198828ú hOilimpiad na Fichille
198627ú hOilimpiad na Fichille
198225ú hOilimpiad na Fichille
198024ú hOilimpiad na Fichille
197421ú hOilimpiad na Fichille
197220ú hOilimpiad na Fichille Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Veu de Anatoly Karpov (an Rúisis) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinaekarpov.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0440024 Allocine: 35537 Allmovie: p119946
Facebook: officialKarpov Twitter: karpovanatolye Instagram: karpov.chess.official Cuir in eagar ar Wikidata

Is ardmháistir fichille Rúiseach-Sóivéadach agus polaiteoir é Anatoly Yevgenyevich Karpov (rugadh 23 Bealtaine 1951). Bhí sé ar an 12ú Curadh Fichille an Domhain ó 1975 go 1985, Curadh Fichille an Domhain de réir FIDE trí huaire (1993, 1996, 1998) agus buaiteoir sé huaire d'Olympiad fichille, mar bhall ar foireann APSS (1972, 1974, 1980, 1982, 1986, 1988). Bhuaigh Karpov os cionn 160 comórtas fichille agus bhí rátáil Elo de 2780 aige ina bhuaic. Bhí sé sa chéad háit sa rangú na n-imreoirí ar feadh 102 mí san iomlán, an tríú tréimhse is faide, taobh thiar de Magnus Carlsen agus Garry Kasparov, ó cuireadh tús le liosta rangú FIDE i 1970. Is ball tofa den Duma sa Rúis é Karpov freisin.

Luathbhlianta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Karpov i dteaghlach Rúiseach ar 23 Bealtaine 1951 i Zlatoust i réigiún na hÚraile san tAontas Sóivéadach. D'fhoghlaim sé fichille a imirt ag ceithre bliana d'aois agus ba sciobtha a tháinig chun cinn.[1] Mar sin, bhí sé ina iarrthóir don teideal mháistir ag aois 11. Ag 12 bliain d'aois glacadh leis isteach sa scoil fichille iomráiteach Mikhail Botvinnik, cé nach raibh Botvinnik féin rothógtha leis an ógánach. Duirt sé a leanas faoin Karpov óg: "Níl cliú ar bith ag an mbuachaill faoi fichille, agus níl dada i ndán dó sa ghairm seo."[2]

D’admhaigh Karpov nach raibh tuiscint domhain aige ar theoiric fichille ag an am sin, agus scríobh sé ina dhiaidh sin gur bhain sé feidhm mór as an obair bhaile a leag Botvinnik air, mar chur sé iallacht air féachaint ar leabhair fichille agus oibriú go dícheallach.[3] Tháinig feabhas tapaidh sin ar Karpov faoi theagasc Botvinnik agus bhí sé ar an máistir Sóivéadach ab óige sa stair ag cúig bliana déag d'aois i 1966; chothromaigh sé seo an curiarracht a bhunaigh Boris Spassky i 1952.[4]

Chríochnaigh Karpov sa chéad áit ina chéad chomórtas idirnáisiúnta, i Třinec, An Pholainn, roinnt míonna ina dhiaidh sin. I 1967, bhuaigh sé an comórtas bliantúil Niemeyer i Groningen, an Ísiltír. Bhuaigh Karpov bonn óir as barr feabhais acadúil san ardscoil agus chuaigh sé isteach in Ollscoil Stáit Moscó i 1968 chun staidéar a dhéanamh ar an matamaitic. D’aistrigh sé go dtí Ollscoil Stáit Leningrad ina dhiaidh sin, agus bhainfeadh sé céim amach san eacnamaíocht faoi dheireadh. Cúis amháin leis an aistriú ná a bheith níos gaire dá chóiste, ardmháistir Semyon Furman, a raibh cónaí air i Leningrad. Ina chuid scríbhinní, aithníonn Karpov Furman mar phríomhthionchar ar a fhorbairt mar imreoir den scoth.[2]

I 1969, bhí Karpov ar an gcéad imreoir Sóivéadach ó Spassky (1955) a bhuaigh craobh domhanda na sóisear  i Stócólm (10/11) gan cluiche ar bith caillte aige.[5] Thuill an bua seo an teideal máistir idirnáisiúnta dó. I 1970, thuill Karpov an teideal ardmháistir ag comórtas idirnáisiúnta i gCaracas, Veiniséala.

Curadh an domhain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shroich rátáil Elo Karpov ó 2540 i 1971 go 2660 i 1973,[6] nuair a bhain sé an dara háit amach i gcraobhchomórtas Shóivéadaigh 1973, pointe amháin taobh thiar de Spassky.[7] Mar sin cháiligh sé don comórtas idirchriosach i Leningrad, an chéad céim sa phróiseas le iomaitheoir a aimsiú chun dúshlán a thabhairt do Bobby Fischer sa chraobhchomórtas domhanda 1975. Chríochnaigh sé sa chéad áit ar chomhscór le Viktor Korchnoi ag cáiliú don comórtas cailliú 1974. Sna babhtaí ceathrú ceannais fuair Karpov an lámh in uachtar ar Lev Polugaevsky agus sna babhtaí leathcheannais bhuaigh sé ar an t-iar-churadh Boris Spassky. Bhí Karpov ar taifead ag rá gur chreid sé go mbuafeadh Spassky go héasca ach, cé gur bhuaigh Spassky an chéad chluiche i stíl mhaith, bhain imirt ghéar, ionsaitheach ó Karpov bua iomlán amach dó le scór +4−1=6. Sa cluiche ceannais (in aghaidh Viktor Korchnoi arís) bhí Karpov chun tosaigh go luath, ag buachan an dara cluiche agus an séú cluiche. Cé gur éirigh Korchnoi streachailt ar ais sa chluiche ní raibh sé in ann é a shábháil agus bhuaigh Karpov +3−2=19, ag bogadh ar aghaidh le dúshlán a thabhairt do Fischer.

Korchnoi agus Karpov san Iosrael, 1974.

Ní fhacthas an cluiche seo riamh áfach, mar gheall ar na héilimh Fischer, ní hamháin go mbeadh an buaiteoir ar an gcéad imreoir a shroicheadh deich mbua (gan chomscór a chur san áireamh) ach freisin go gcoinneodh an curadh a choróin dá mbeadh an scór ceangailte 9-9. Dhiúltaigh Karpov agus FIDE, an Comhaontas Idirnáisiúnta na Fichille, na coinníollacha seo a ghlacadh agus thug sé 1 Aibreán 1975 mar spriocdháta don dá imreoir chun aontú an cluiche a imirt faoi na rialacha arna gceadú ag FIDE.[8] Nuair nár aontaigh Fischer, dhearbhaigh Uachtarán FIDE Max Euwe ar 3 Aibreán 1975 go raibh Fischer tar éis a theideal a fhorghéilleadh agus gurbh é Karpov an Curadh Domhanda nua. Rinne Karpov iarracht níos déanaí cluiche eile a bhunú le Fischer, ach theip ar an gcaibidlíocht. Chuir sé seo Karpov óg isteach sa ról mar Chraobh an Domhain gan an t-iarchuradh a shárú.

Agus é meáite a chruthú gur curadh tuillteanach é féin, ghlac Karpov páirt i mbeagnach gach mórchomórtas ar feadh na ndeich mbliana atá romhainn. Bhuaigh sé comórtas Milano go diongbháilte i 1975, agus ghlac sé a chéad cheann de thrí theideal Sóivéadach i 1976. Bhuaigh sé sraith iontach de chomórtais i gcoinne na n-imreoirí is láidre ar domhan agus mar thoradh air sin, d'aontaigh an chuid is mó go luath go raibh an teideal curadh domhanda tuillte ag Karpov.[9]

Korchnoi agus Karpov i Merano, 1981.

Sa bhliain 1978, bhí a chéad chosaint ag Karpov in aghaidh Viktor Korchnoi, an comhraic a bhuaigh sé ar an mbealach don teideal. Imríodh an cluiche i Baguio, Na hOileáin Fhilipíneacha agus bhí sé bua ag teastáil ón mbuaiteoir. Mar a tharla i 1974, bhí Karpov chun tosaigh go luath, ag buachan an t-ochtú cluiche tar éis seacht gcomhscór i dtosach an cluiche. Nuair a bhí an scór +5−2=20 i bhfabhar Karpov, rinne Korchnoi teacht aniar agus bhuaigh sé trí cinn de na ceithre chluiche eile chun an scór a chothromú. Bhuaigh Karpov an chéad chluiche eile ansin chun an teideal a choinneáil (+6−5=21). Trí bliana ina dhiaidh sin, tháinig Korchnoi ar ais mar dhúshlánaí tar éis an comórtas cáiliú a bhuachan i gcoinne Gearmánach Robert Hübner. D'imir siad i Merano san Iodáil agus chuimhnítear an cluiche mar "An Stánáil i Merano” (The Massacre of Merano as Béarla) mar gheall ar an bua éasca ag Karpov (+6−2=10).

Kasparov[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a stádas mar an t-imreoir is fearr ar domhan deimhnithe ag Karpov faoin am gur tháinig Garry Kasparov chun solais mar dhúshlánaí. Throid Kasparov, nach raibh ach 21 bliain d'aois, trí comórtas cáilíochta, ag bualadh Smyslov agus Korchnoi i measc imreoirí eile. Sa chluiche le Karpov, an Craobh Domhanda Fichille 1984 i Moscó, ba iad na rialacha ná gurbh é an chéad imreoir a bhuaigh sé chluiche a bhuaigh an cluiche. Chuaigh Karpov chun tosaigh 4-0 tar éis naoi gcluiche. Bhain Kasparov comhscór amach sna chéad 17 cluiche eile, áfach (curiarracht i gcluichí craobh domhanda) agus  níor fuair Karpov a chúigiú bua go dtí cluiche 27. I gcluiche 31 bhí Karpov in áit mhaith chun an bua a fháil ach níor éirigh leis leas a bhaint as agus ghlac sé le comhscór. Bhuaigh Kasparov den chéad uair sa chéad chluiche eile agus ina dhiaidh sin tháinig 14 comhscór eile.

Kasparov agus Karpov, 1985.

Bhí farasbarr láidir ag Karpov i gcluiche 41 ach rinne sé botún arís agus níor eirigh sé an bua cinniúnach a bhaint amach. Tar éis cúig comhscór eile, bhuaigh Kasparov cluichí 47 agus 48 agus bhí sé soiléir go raibh Karpov san fhaopach, go fisiciúil is go síceolaíoch. Deirtear go chaill Karpov 10kg le linn an sraith cluiche, a mhair cúig mhí.[10] Cé go raibh Karpov chun cinn 5-3, cheap go leor trachtairí go raibh seans mór go mbainfeadh Kasparov amach an buachaint. Ag an pointe seo, chuir Uachtarán FIDE Florencio Campomanes deireadh leis an gcluiche go haontaobhach, ag lua sláinte na n-imreoirí, cé gur duirt na himreoirí féin araon go raibh siad ag iarraidh leanúint leis an cluiche.

Cluiche 16, Craobh Domhanda Fichille 1985 idir Anatoly Karpov (bán) agus Garry Kasparov (dubh).

Socraíodh athimirt níos déanaí i 1985. D’athraigh FIDE na rialacha ar ais go dtí an fhormáid roimhe seo, le sraith teoranta do 24 cluiche agus Karpov ag coinneáil a teideal  i gcás comhscór 12-12. Gealleadh athimirt do Karpov sa chás gur chaill sé. Bhain Kasparov geit as Karpov lena rogha tionscnamh sa chéad chluiche, rud a d'fhág go raibh cumraíocht  nach raibh imeartha ag Karpov riamh tar éis cúig bogadh. Chaill Karpov an cluiche ach tháinig sé ar ais i gcluichí 5 agus 6 a bhuaigh sé, agus é chun tosaigh. Chomromaigh Kasparov an scór nuair a bhuaigh sé cluiche 11 áfach agus i gcluiche 16, a luadh go minic mar a shárshaothar, chuaigh sé chun cinn arís. Tháinig an cluiche seo chun suntais mar gheall ar chur Kasparov ridire go domhain i measc píosaí Karpov chomh luath le bogadh 16 (léaráid ar dheis), an 'ridire ochtapais' mar a thugtar air, a d'fhan ansin go dtí bogadh 34, nuair a cuireadh iallach ar Karpov a bhanríon a íobairt chun é a bhaint. Chaill Karpov.

Sna seacht gcluiche eile, bhuaigh gach imreoir cluiche amháin agus chríochnaigh na cluichí eile i gcomhscór. Sa chluiche deiridh mar sin bhí sé ar Karpov buachan a bhaint amach chun an sraith a chothromaigh agus a theideal a choinneáil. D'imir sé go ionsaitheach dá réir, ag ionsaí rí Kasparov chomh luath le bogadh 15. D'íobair Kasparov dhá ceithearnach agus sheol sé frith-ionsaí. Faoi bhrú ama, rinne Karpov earráidí cinntitheacha ar bhogadh 36 agus bogadh 40 agus bhuaigh Kasparov Craobh Domhanda Fichille tar éis Karpov éirí as ar bhogadh 42.

Tar éis a réime mar churadh domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhan Karpov ina chéile comhraic iontach (agus uimhir 2 ar an domhan) go dtí lár na 1990í. Thug sé dúshlán Kasparov i dtrí chluiche Craobh Domhanda Fichille eile i 1986 (i Londain agus i Leningrad), 1987 (i Sevilla) agus 1990 (i Nua-Eabhrac agus Lyon). Bhí na trí chluiche iontach chlósáilte: ba iad na scóir ná 11½–12½ (+4−5=15), 12–12 (+4−4=16), agus 11½–12½ (+3−4=17). Sna trí chluiche ar fad, bhí seans ag Karpov an buachan a fháil suas go dtí na cluichí deiridh. Bhí deireadh le cluiche Seville 1987 thar a bheith drámatúil. Bhuaigh Karpov an 23ú cluiche nuair a rinne Kasparov míríomh. Sa chluiche deiridh, gan de dhíth ach tarraingt chun an teideal a bhuachan, d’éirigh Karpov faoi bhrú ama agus níor éirigh leis comhscór beagnach éigeantach a fheiceáil. ag cailleadh agus ag ligean do Kasparov an teideal a choinneáil. Arís eile, lig sé an deis thairis. Sa cúig chluiche craobhchomórtais dhomhanda, bhain Karpov amach 19 bua, 21 caillteanas, agus 104 comhscór i 144 cluiche.[11] Ar an iomlán, d'imir Karpov cúig chluiche in aghaidh Kasparov don teideal ó 1984 go 1990 gan é a shárú.

Karpov i 1993.


Sa bhliain 1992, chaill Karpov sa chomórtas cháilíochta in aghaidh Nigel Short ach nuair a scar Kasparov agus Short ó FIDE agus a gcluiche Craobh Domhanda Fichille féin a imirt i 1993, bhuaigh Karpov an teideal Curadh Domhanda FIDE in aghaidh Jan Timman na hÍsiltíre. Ar cheann de mhórghníomhartha Karpov bhí bua i gcomórtas fichille Linares 1994. Bhí Karpov, Kasparov, Shirov, Kramnik, Anand, Kamsky, Topalov, Ivanchuk, Gelfand agus Judit Polgár i measc na hiomaitheoirí. Le meánrátáil Elo de 2685, ba é an comórtas is laidre riamh go dtí sin.  Ag cuimhneamh ar sin, dúirt Kasparov roinnt laethanta roimh an gcomórtas go bhféadfaí curadh domhanda a thabhairt ar an mbuaiteoir. B’fhéidir gur spreag an raitéas seo Karpov mar d’imir sé an comórtas is fearr dá shaol. Níor chaill sé cluiche ar bith agus fuair sé 11 phointe as 13 (an céatadán is fearr ar domhan ó bhuaigh Alekhine San Remo i 1930), ag críochnú 2½ pointe chun tosaigh ar Kasparov agus Shirov sa dara háit. Bheadh a fheidhmíocht comórtas de réir rátáil Elo (2985) fós ar an rátáil feidhmíochta is airde ó aon imreoir sa stair go dtí 2009, nuair a bhuaigh Magnus Carlsen an comórtas fichille Pearl Spring le rátáil 3002. Chosain Karpov a theideal FIDE i gcoinne Gata Kamsky (+6−3=9) i 1996. Sa bhliain 1998, d'athraigh FIDE struchtúr cáilíochta don Craobh Domhanda, le comórtas mór díbeartha in ionad comórtas ciorclach. Sa chéad cheann de na comórtais seo 1998, cuireadh an curadh Karpov díreach isteach sa chluiche ceannais, ag sárú Viswanathan Anand (+2−2=2, 2-0 sa chluiche réitigh). An chéad uair eile, áfach, athraíodh an struchtúr arís agus bhí ar an gcuradh cáiliú. Dhiúltaigh Karpov a theideal a chosaint agus narbh é curadh domhanda FIDE tar éis 1999.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Keene, Raymond (Deireadh Fomhair 1978). "Anatoly Karpov". Chess Life & Review Vol. XXIII, no. 10.: 539. 
  2. 2.0 2.1 Arrabal, Fernando (Márta 1992). "Getting It Off His Chess". The New York Times. 
  3. Karpov, A. (1992). "Karpov on Karpov: A Memoirs of a Chess World Champion". Atheneum. ISSN 0-689-12060-5. 
  4. Editorial Staff (2022-04-15). "Boris Spassky: The Life and Legacy of a Chess Grandmaster" (en-US). The Chess Journal. Dáta rochtana: 2023-07-24.
  5. "Wch U20 fin-A 1969 - 365Chess.com Tournaments". www.365chess.com. Dáta rochtana: 2023-07-25.
  6. "FIDE rating history :: Karpov, Anatoly". www.olimpbase.org. Dáta rochtana: 2023-07-27.
  7. "OlimpBase :: 41st Soviet Chess Championship, Moscow 1973". www.olimpbase.org. Dáta rochtana: 2023-07-27.
  8. Hochberg, Burt (May 1975). ""News & Views". Chess Life and Review". United States Chess Federation.. 
  9. Seirawan, Yasser (2005). "Winning Chess Strategies". Microsoft Press. ISSN 978-1857443851. 
  10. "Karpov - Kasparov World Championship Match 1984/85". www.chessgames.com. Dáta rochtana: 2023-07-30.
  11. "Kasparov - Karpov Statistics : World Chess Championship". www.mark-weeks.com. Dáta rochtana: 2023-08-01.