Lyon
![]() | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Lyon (fr) Lugdunum (la) ![]() | |||||||||||||
|
|||||||||||||
![]() ![]() | |||||||||||||
| |||||||||||||
Ainmnithe in ómós |
Lugdunum ![]() | ||||||||||||
Suíomh | |||||||||||||
| |||||||||||||
| |||||||||||||
Príomhchathair de |
Metropolis of Lyon (en) ![]() Rhône-Alpes (–2016) Rhône (en) ![]() arrondissement of Lyon (en) ![]() Auvergne-Rhône-Alpes (en) ![]() departmental district of the Rhône (en) ![]() Gallia Lugdunensis (27 "RCh"–486) Q88521126 ![]() ![]() | ||||||||||||
Daonra | |||||||||||||
Iomlán |
522,969 (2019) ![]() | ||||||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||||||
Cuid de |
Metropolis of Lyon (en) ![]() ![]() | ||||||||||||
Achar dromchla |
47.87 km² ![]() | ||||||||||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce |
An Róin, Saône agus Tête d'Or Lake (en) ![]() ![]() | ||||||||||||
Airde |
173 m ![]() | ||||||||||||
Ar theorainn le | |||||||||||||
Sonraí stairiúla | |||||||||||||
Leanann sé/sí |
Vaise, Saint-Rambert-l'Île-Barbe, La Guillotière, La Croix-Rousse agus Lugdunum ![]() | ||||||||||||
Eachtra barrthábhachtach | |||||||||||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||||||||||
• Mayor of Lyon (en) ![]() ![]() |
Grégory Doucet (Iúil 4, 2020) ![]() | ||||||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||||||
Cód poist |
69001, 69002, 69003, 69004, 69005, 69006, 69007, 69008 agus 69009 ![]() | ||||||||||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||||||||||
Eile | |||||||||||||
| |||||||||||||
Láithreán gréasáin |
lyon.fr ![]() |
Is cathair í Lyon i lár-oirthear na Fraince. Is í Lyon an triú cathair is mó san Fhrainc, tar éis Párais agus Marseille. Is cathair mhór gnó í Lyon, agus í suite idir Páras agus Marseille. Tá cáil ar an gcathair mar phríomhchathair ghastrónómachais na Fraince agus bhí páirt mór ag Lyon i stair thionscal na scannán freisin. Tá an fhoireann sacair Olympique Lyonnais lonnaithe sa chathair.
Is í Lyon an dara ceantar ceannchathartha is mó san Fhrainc nuair a cuirtear a bruachbhailte agus na cathracha timpeall uirthi san áireamh. Bhí daonra 1,783,400 sa cheantar ceannchathartha sa bhliain 2007.
Is lárionad mór tionsclaíoch í Lyon don tionscal peitriceimiceach, don tionscal cógaisíochta agus don tionscal biteicneolaíochta. Tá tionscal mór bogearraí sa chathair freisin, agus é dírithe go mór ar fhíschluichí.
Is préfecture (príomhchathair) an Rhône (département) í Lyon agus is priomhchathair réigiún Rhône-Alpes í freisin. Thug UNESCO aitheantas don chathair mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda.
Bhíodh cáil ag Lyon i gcónaí mar phríomhchathair thionscal an síoda agus is lárionad faisin í an chathair fós. Tá ceanncheathrú Interpol agus Euronews lonnaithe sa chathair freisin.