Cluiche ríomhaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cláir ar ríomhaire pearsanta nó mionríomhaire a ligeann do dhuine aonair nó grúpa cluichí a imirt. Tugadh an chéad chluiche ríomhaire isteach sna Stáit Aontaithe sna 1970idí. Pong an t-ainm a bhí air, foirm shimplí den leadóg boird.

Bíonn an chuid is mó de na cluichí seo ceangailte le scáileán nó VDU (aonad amharcthaispeána), agus tugtar físchluichí orthu freisin. Cuimsíonn siad iarmhairtí ildaite amhairc is fuaimeanna de gach saghas. Is féidir gur cluiche fichille nó cártaí a bheidh ann agus an t-usáideoir ag imirt i gcoinne an ríomhaire, nó tiomáint gluaisteán le beirt úsáideoirí i gcoimhlint le chéile i rás. Tá cuid mhaith de na cluichí bunaithe ar théamaí cogaidh is scannáin cosúil le Star Wars. Tá cuid mhaith eile bunaithe ar spóirt is seanchluichí boird. Is féidir gur cluiche gnó a bheidh ann, baincéireacht nó eile, inar féidir le grúpa imirt chun fadhbanna is dúshláin gnó a shárú agus ceachtanna a fhoghlaim as torthaí drochshocruithe. I gcuid mhaith cluichí ríomhairí, is gá don imreoir dúshlán a shárú (ainmhí allta a chloí, mar shampla) agus caighdeán a bhaint amach (airde ar shliabh nó faill a dhreapadh, mar shampla) roimh dhul ar aghaidh don chéad staid eile. Oibrítear an cluiche le méarchlár ríomhaire, luamhán stiúrtha, nó luch. Tá cluichí á saothrú ina gcaitheann an t-imreoir scáthlán nó clogad is/nó lámhainní le braiteoirí éagsúla ceangailte leis an ríomhaire chun réaltacht fhíorúil a chruthú. Bíonn leaganacha móra de na cluichí ann le haghaidh stuaraí is ionaid phoiblí siamsaíochta eile. Is comhlachtaí suntasacha a tháirgeann cluichí mar seo, Nintendo is Sega.[1]

Cogaíocht aeir, gabháil scáileáin ó chluiche bunaithe ar chomhrac idir fórsaí Libia agus SAM sa bhliain 1981

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cluichí ríomhaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 149.