Viswanathan Anand

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Viswanathan Anand
Viswanathan Anand (2016).jpeg
Saol
Ainm iomlánவிசுவநாதன் ஆனந்த்
Eolas breitheChennai, 11 Nollaig 1969 (53 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn India
Áit chónaitheChennai
Oideachas
Alma materLoyola College (en) Aistrigh
Loyola College (en) Aistrigh Bachelor of Commerce (en) Aistrigh
Don Bosco Matriculation Higher Secondary School (en) Aistrigh
Ollscoil Madras
St. Bede's Anglo Indian Higher Secondary School (en) Aistrigh
Gairm
Gairmimreoir fichille agus scríbhneoir
Duaiseanna
BallraíochtOSG Baden-Baden (en) Aistrigh
Cannes Échecs (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinAn Hiondúchas
IMDbnm6529479
Twittervishy64theking

Is ficheallaí é Viswanathan Anand (11 Nollaig 1969 a rugadh i Chennai, san India).

Vishy Anand

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Anand Comórtas Chraobh Fichille na hIndia nuair nach raibh sé ach 16 bliana d'aois. Bhí cáil air i gcónaí ó thaobh cé chomh tapaidh a d'imríodh sé. Aithníodh é mar cheann de na himreoirí is fearr ar domhain é ó thús na 1990í i leith.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig sé i gcomharbacht ar Vladimir Kramnik mar Churadh Domhanda Fichille ar an 29 Meán Fómhair 2007, nuair a bhuaigh sé Comórtas Chraobh an Domhain i gCathair Mheicsiceo. Fuair sé an ceann is fearr ar Kramnik i sraith cluichí don chraobh dhomhanda i mBonn, an Ghearmáin i mí Deireadh Fómhair 2008 (+3 -1 =7).

Choimeád Anand an chraobh dhomhanda nuair a bhuaigh sé ar Veselin Topalov i sraith cluichí i Sóifia sa bhliain 2010. Bhí na fir dubha aige sa chluiche deireanach ar an 11 Bealtaine ach fuair sé an ceann is fearr ar Topalov chun bua 6.5-5.5 a fháil.

Chaill Anand an teideal sa bhliain 2013 tar éis dó cailliúnt i sraith cluichí i gcoinne Magnus Carlsen (+0 -3 =7).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]