Emanuel Lasker

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEmanuel Lasker
Beathaisnéis
Breith24 Nollaig 1868
Barlinek, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Eanáir 1941
72 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Beth Olam 40°41′43″N 73°53′10″W / 40.6953031°N 73.8859961°W / 40.6953031; -73.8859961 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Heidelberg
Ollscoil Erlangen-Nürnberg Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Tráchtas acadúilUber Reihen auf der Convergenzgrenze (1900 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaMax Noether
Gníomhaíocht
Réimse oibreAilgéabar, ficheall, matamaitic agus fealsúnacht
Gairmmatamaiticeoir, fealsamh, imreoir beiriste, imreoir fichille, cumadóir fichille Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Tulane Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis agus an Pholainnis
Tír spóirtImpireacht na Gearmáine Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtficheall Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMartha Cohn Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínBerthold Lasker
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 631 Cuir in eagar ar Wikidata

Imreoir fichille, matamaiticeoir agus fealsamh Gearmánach ab ea Emanuel Lasker (24 Nollaig 1868 – 11 Eanáir 1941) a bhí ina churadh domhanda ar feadh 27 bliain, ó 1894, an réimeas is faide d'aon curadh domhain fichille. In ard a réime, bhí Lasker ar cheann de na seaimpíní is ceannasaí, agus meastar go ginearálta é fós mar cheann de na himreoirí is láidre sa stair. Dúirt cuid dá chomhaoisigh gur bhain Lasker úsáid as cur chuige "síceolaíoch" i leith ficheall, agus fiú gur imir sé go fo-optamach uaireanta d'aon ghnó chun mearbhall a chur ar a chéile comhraic. Léiríonn anailís ríomhaire comhaimseartha, áfach, nach ndearna sé ach mearbhall a chur ar a chéile comhraic agus nach raibh sé ach chun tosaigh ar lucht a linne.[1]

Bhí eolas maith ag Lasker ar anailísí tionscnaimh ach níor aontaigh sé le go leor acu. D’fhoilsigh sé irisí fichille agus cúig leabhar fichille, ach bhí sé deacair ar imreoirí agus ar thráchtairí níos déanaí ceachtanna a bhaint as a mhodhanna. Chuir sé go mór le forbairt cluichí eile. Bhí sé ina imreoir beiriste conartha den chéad scoth agus scríobh sé faoi bheiriste, Go, agus a aireagán féin, Lasca. Feictear mar suntasach fós a chuid leabhar faoi chluichí san anailís matamaitice ar chluichí cártaí. Matamaiticeoir taighde ab ea Lasker a raibh cáil air mar gheall ar an méid a chuir sé le hailgéabar cómhalartach. Is beag aird a thugtar ar a shaothar fealsúnachta agus liteartha inniu, áfach.

Luathbhlianta 1868–1894[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lasker ina fhear óg.

Rugadh Emanuel Lasker ar an 24 Nollaig 1868, ag Berlinchen i Neumark (Barlinek, sa Pholainn anois), mac le cantóir Giúdach. Ag aon bhliain déag d'aois, cuireadh é chun staidéar a dhéanamh ar an matamaitic i mBeirlín, áit a raibh cónaí air lena dheartháir Berthold, ocht mbliana ina shinsear, a mhúin dó conas ficheall a imirt. Bhí Berthold i measc na deich n-imreoirí is fearr ar domhan go luath sna 1890idí.[2] Chun cur lena n-ioncam, d'imir Emanuel Lasker ficheall agus cluichí cártaí le haghaidh geallta beaga, go háirithe ag an Caifé Kaiserhof.[3]

Bhuaigh Lasker comórtas bliantúil Café Kaiserhof 1888/89 agus comórtas den dara roinn ag séú comhdháil Chónaidhm Ficheall na Gearmáine i Breslau. Thuill na héachtaí seo an teideal "máistir" do Lasker. Chuir sé seo ar a chumas imirt i gcomórtais máistir-leibhéal agus mar sin sheol sé a ghairm fichille. Tar éis dó críochnú sa dara háit i gcomórtas idirnáisiúnta in Amstardam, bhuaigh Lasker dhá chomórtas i Londain san earrach 1892, an dara (agus níos láidre) ceann gan cluiche a chailleadh. I Nua-Eabhrac i 1893 bhuaigh sé na trí chluiche déag ar fad, ceann den chúpla uair i stair fichille a bhfuil scór foirfe bainte amach ag imreoir i gcomórtas suntasach.[4]

Bhain sé sraith de bhua in aghaidh comhraic den scoth ó 1889 go 1893: Curt von Bardeleben, 1889; Jacques Mieses, 1889; Henry Edward Bird, 1890; Berthold Englisch, 1890; Joseph Henry Blackburne, 1892; Jackson Showalter, 1892-93 agus Celso Golmayo Zúpide, 1893. In 1893, d'aistrigh Lasker go dtí na Stáit Aontaithe, tír inar chaith sé dhá bhliain ina dhiaidh sin. Ansin, thug Lasker dúshlán do Siegbert Tarrasch, fear a bhí tar éis trí chomórtas idirnáisiúnta a bhuachan i ndiaidh a chéile go gairid. Dhiúltaigh Tarrasch go sotalach, ag rá gur cheart do Lasker cruthú gurbh fhiú é imirt leis cúpla mórimeacht idirnáisiúnta a bhuachan.[5] Tar éis an diúltaithe seo, d'fhreagair Lasker le dúshlán a thabhairt don churadh domhanda a bhí i réim agus an t-imreoir is láidre ar domhan, Wilhelm Steinitz.

Réim mar churadh domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lasker agus Steinitz i Filideilfia, 1894

Ar dtús, gheall Lasker US$5,000 a ardú don chluiche in aghaidh Steinitz. Tharla go raibh sé seo ró-uaillmhianach agus aontaíodh ar chluiche ag geallta de $3,000 an taobh. Bhí fadhbanna ag Lasker an t-airgead a chruinniú fós, áfach, agus d'aontaigh Steinitz le sraith laghdaithe nó gurbh é $2,000 an figiúr deiridh, a bhí níos lú ná cuid de chluichí níos luaithe Steinitz. Imríodh an cluiche i 1894 i Nua-Eabhrac, Filideilfia agus Montréal, Ceanada. Cheapadh go mbuafadh Steinitz go héasca (ag Steinitz féin) agus b'ábhar iontais é mar sin nuair a bhuaigh Lasker an chéad chluiche. Tháinig Steinitz ar ais le buachaint sa dara cluiche agus bhí sé in ann an t-iarmhéid a choinneáil go dtí an séú cluiche. As sin amach, áfach, bhuaigh Lasker na cluichí go léir ó chluiche 7 go dtí an 11ú cluiche. D'iarr Steinitz sos seachtaine agus nuair a thosaigh an cluiche arís, bhí feabhas air agus bhuaigh sé an 13ú agus an 14ú cluichí. Tar éis buachaint Lasker sa 15ú agus 16ú, áfach, ní raibh Steinitz in ann cúiteamh a dhéanamh ar a chaillteanais níos luaithe. Ar an 26 Bealtaine, tháinig Lasker mar an dara Curadh Fichille Domhanda aitheanta go foirmiúil.

Rinne imreoirí agus iriseoirí beag is fiú de rath Lasker. Rinneadh gearán nach raibh an dá imreoir eile de na ceithre cinn is fearr, Siegbert Tarrasch agus Mikhail Chigorin, imeartha ag Lasker riamh. Tar éis an chluiche dúirt roinnt tráchtairí, go háirithe Tarrasch, gur bhuaigh Lasker go príomha toisc go raibh Steinitz sean (58 bliain d'aois i 1894).[6] D'fhreagair Emanuel Lasker na cáineadh seo trí thaifead imeartha níos suntasaí fós a chruthú. Tháinig sé sa tríú háit i Hastings 1895, taobh thiar de Pillsbury agus Chigorin ach chun tosaigh ar Tarrasch agus Steinitz, agus ansin bhuaigh sé an chéad duais ag comórtais láidre i St Petersburg 1895–96 (scoth-comórtas de ceithre imreoir, chun tosaigh ar Steinitz, Pillsbury agus Chigorin), Nuremberg (1896), Londain (1899) agus Páras (1900); roinn sé an chéad áit ag Cambridge Springs 1904 i gCuimhneachán Chigorin i St Petersburg 1909.[7]

Lasker agus Tarrasch, 1908

Cé gur éirigh go maith leis in imirt go ginearálta, chuaigh Lasker deich mbliana idir an athchluiche a bhuachan in aghaidh Steinitz 1897 agus craobh an domhain a chosaint arís. D’imir sé le Frank Marshall i gCraobh Dhomhanda Fichille 1907 agus threascair sé a chéile comhraic, nár éirigh leis cluiche amháin a bhuachan, 11½–3½. Tar éis go leor easaontais, socraíodh cluiche don Craobh Domhanda idir Lasker agus a dheargnamhaid Tarrasch faoi dheireadh i 1908, a cuireadh ar siúl i Düsseldorf agus i München. In ainneoin na ratha Lasker, lean Tarrasch ar aghaidh ag déanamh dímheasa air mar imreoir, ag meas air mar imreoir a bhuaigh a chuid cluichí ach a bhuíochas le cleasanna amhrasacha seachas loighic.

Cluiche 2 idir Siegbert Tarrasch agus Emanuel Lasker 19ú Lúnasa 1908, bearta 1-19 (bán).

Ag an searmanas oscailte, dhiúltaigh Tarrasch labhairt le Lasker, ach ag rá: "An tUasal Lasker, níl ach trí fhocal agam le rá leat: marbhsháinn!" (Schach und Matt as Gearmáinis).[8] D’ainneoin a leithéid d'fhéinmhuinín, scriosadh Tarrasch ar an gclár fichille. Bhuaigh Lasker ceithre cinn de na chéad chúig chluiche, ag imirt cineál fichille nach bhféadfadh Tarrasch a thuiscint. Mar shampla, sa dara cluiche, tar éis 19 bearta (léaráid ar dheis) bhí ceithearnach caillte ag Lasker, le droch-easpag agus ceithearnaigh dhúbailte aige. Ag an bpointe seo bhí an chuma air go raibh an bua ag Tarrasch, ach 20 bearta níos déanaí b'éigean dó éirí as. Ar deireadh bhuaigh Lasker an cluiche 10½–5½. Mhaígh Tarrasch gurbh í an aimsir fhliuch ba chúis lena bhua.[9]

Thug Lasker faoin dúshlán i 1909 agus 1910 ón Dawid Janowski, eisimirceach Polannach, agus bhuaigh sé go héasca 8-2 agus 9½-1½ faoi seach. Ní aithnítear go huilíoch stádas an chéad cheann de na cluichí seo mar chluiche chraobh an domhain. Idir na cluichí seo, bhí comórtas ní ba dhéine ann ag Carl Schlechter, imreoir Ostra-Ungárach. Bhí aithne ar Schlechter mar gheall ar a easpa ionsaitheachta agus a iompraíochta uasal, a ghlac le beagnach gach tairiscint tarraingthe mar chúirtéis agus a bhain am óna chlog féin nuair a tháinig a chéile comhraic déanach chuig cluiche.[9] Tar éis ceithre comhscór bhuaigh Schlechter an cúigiú cluiche, agus bhí sé chun tosaigh i lár an chluiche. Ceithre comhscór eile ina dhiaidh sin agus bhí an cluiche deireanach cinniúnach. Rinne Schlechter iarracht an bua a bhaint amach go tactactúil agus bhain buntáiste mór leis, ach chaill sé bua soiléir ar an 35ú beart, lean sé ag togáil seansanna, iad ag dul i méidle rith an ama. Sa deireadh chaill sé agus chríochnaigh an sraith 5-5. De réir na rialacha, d’fhan Lasker mar churadh domhanda. Tuairimítear gur imir Schlechter fichille neamhghnách contúirteach sa deichiú cluiche seo mar gheall ar théarmaí an chluiche a éiligh bhuachan le farasbarr de dhá chluiche. Tá díospóid faoi seo, áfach. Dréachtaigh na rialacha seo nuair a bhí 30 cluiche sa sraith. Laghdaíodh an cluiche go deich gcluiche, áfach, agus d’aontaigh Lasker an t-éilieamh seo a leagan ar leataobh.

Capablanca agus Lasker i 1925.

Sa bhliain 1911 fuair Lasker dúshlán ón réalta nua José Raúl Capablanca. Tháinig deireadh leis an idirbheartaíocht fhada de bharr na coinníollacha a d'éiligh an bheirt imreoirí, agus go dtí 1914 ní raibh Lasker agus Capablanca ag caint le chéile. Rinneadh iarrachtaí freisin cluiche a shocrú i gcoinne Akiba Rubinstein, a bhí ag an am ag imirt ar a laghad chomh láidir le Lasker agus níos láidre ná Capablanca. Ní raibh lucht aitheantais chomh saibhir ag Rubinstein a bhí riachtanach chun an t-airgead a ardú do dhúshlán teideal domhanda, áfach, agus níor tháinig dada dá thoradh riamh. Faoin am ar shocraigh Lasker agus Capablance téarmaí, idir an dá linn, tharla an Chéad Chogadh Domhanda agus níor tharla an cluiche go dtí 1921.

Roimh an cluiche le Capablanca, bhí Lasker tar éis éirí as a theideal an bhliain roimhe sin agus ghéill sé don Cúbach, ag glacadh leis nach dtarlóidh cluiche eatarthu riamh. Déanta na fírinne, d'éirigh le díograiseoirí fichille i La Habana $20,000 a bhailiú chun an cluiche a mhaoiniú ar an gcoinníoll go n-imreofaí ann agus chuir sé seo ina luí ar Lasker páirt a ghlacadh. Go teicniúil, áfach, d'imir sé an cluiche mar iomaitheoir agus Capablanca mar curadh reatha. Imríodh an cluiche idir Márta agus Aibreán 1921. Tar éis ceithre comhscór, rinne Lasker botún leis na píosaí dubha i gcor deiridh cothrom agus chaill sé. Cuireann an stíl cruinn Capablanca ar a chumas comhscór a fháil sna ceithre chluiche eile gan dul i bhfiontar. Tar éis do Capablanca an 10ú, 11ú agus 14ú cluiche a bhuachan, d'éirigh Lasker as an gcluiche. Níor thuig sé cé chomh chrua agus a bheadh sé ag imirt in aeráid thrópaiceach, agus níor thaitin an t-ionad (casaíne bríomhar) leis.[5] Cé gur dhearbhaigh sé go poiblí go raibh sé ar scor ó chraobh an domhain, lean Lasker ar aghaidh ag imirt comórtais ar feadh cúpla bliain eile, ag imirt go láidir i Moravská Ostrava (1ú áit) 1923 agus ag comórtas fichille Nua-Eabhrac 1924 (1½ phointe chun tosaigh ar Capablanca) agus an 2ú áit ag Moscó i 1925 (1½ pointe taobh thiar de Efim Bogoljubow, ½ pointe chun tosaigh ar Capablanca). Tar éis Moscó d'éirigh sé as go héifeachtach fichille tromchúiseach.

Deireadh a shaoil agus gníomhaíochtaí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn chomórtas fichille Moscó 1925, fuair Lasker teileagram á chur in iúl dó go raibh dráma a scríobh sé féin agus a dheartháir Berthold, Vom Menschen die Geschichte ("Stair an Chine Daonna"), glactha lena léiriú ag amharclann i mBeirlín. Bhí sé chomh shásta leis an scéala seo gur chaill sé go dona an lá céanna.[10] Níor éirigh leis an dráma, áfach.[11] Scríobh Lasker roinnt saothar liteartha, seachas leabhair ar fichille agus cluichí eile. Sna 1930í d'oibrigh sé mar iriseoir ag tuairisciú ar bheiriste do nuachtáin Ollannacha agus Gearmánacha. Fuair a dheartháir Berthold bás i 1928, agus lean tréimhse dheacair sa Ghearmáin tar éis teacht i gcumhacht Adolf Hitler agus feachtas na Naitsithe idirdhealaithe agus imeaglaithe i gcoinne na nGiúdach. Baineadh maoin agus saoránacht de Lasker agus a bhean Martha, arbh Giúdaigh iad araon, agus d'fhág siad an Ghearmáin 1933.

Lonnaigh siad san APSS ar chuireadh ó Nikolai Krylenko, Aire Spóirt agus díograiseoir fichille. San APSS, fuair Lasker saoránacht Shóivéadaigh agus ghlac sé cónaí buan i Moscó. Tugadh post dó ag Institiúid na Matamaitice i Moscó agus d'oibrigh sé mar thraenálaí d'fhoireann náisiúnta an USSR. D’fhill sé ar ficheall chun airgid a thuilleadh, ag críochnú sa 5ú háit i Zürich 1934 agus sa 3ú háit i Moscó 1935 (neamhbhuaite, ½ pointe taobh thiar de Mikhail Botvinnik agus Salo Flohr agus chun tosaigh ar Capablanca) i measc torthaí maithe eile. De réir mar a mhéadaigh an chois Stailíneachas sna 1930í, d'áistrigh Lasker agus a bhean chéile go dtí na Stáit Aontaithe i 1937. Fuair sé bás de bharr ionfhabhtú duáin i Nua-Eabhrac ar 11 Eanáir, 1941, agus é 72 bliain d'aois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Life and Chess of Emanuel Lasker" (as en) . 
  2. "Chessmetrics Player Profile: Berthold Lasker". chessmetrics.com. Dáta rochtana: 2023-07-06.
  3. Reuben Fine (1952). ""Emanuel Lasker". The World's Great Chess Games". Andre Deutsch. ISSN 0-679-13046-2. 
  4. David Hooper, Kenneth Whyld (1992). "The Oxford Companion to Chess": l. 81. Oxford University Press. ISSN 0-19-866164-9. 
  5. 5.0 5.1 J. Hannak (1959). "Emanuel Lasker: The Life of a Chess Master": l. 31, 196-7. Simon & Schuster. ISSN 0-486-26706-7. 
  6. "Chess World Champions - Emanuel Lasker". www.chesscorner.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-10-26. Dáta rochtana: 2023-07-08.
  7. Reuben Fine (1952). ""Emanuel Lasker". The World's Great Chess Games". ISSN 0-679-13046-2. 
  8. Deutscher Ärzteverlag GmbH, Redaktion Deutsches Ärzteblatt. "Lasker und Tarrasch – die Antipoden" (de). Deutsches Ärzteblatt. Dáta rochtana: 2023-07-08. “Für Sie, Herr Dr. Lasker, habe ich nur drei Worte: ‚Schach und Matt!”
  9. 9.0 9.1 Nicolas Giffard (1993). "Le Guide des Échecs": l. 398. Éditions Robert Laffont. 
  10. "Production of Lasker trainer cancelled" (en). Chess News (2007-04-07). Dáta rochtana: 2023-07-11.
  11. "Log in or Subscribe – ChessCafe.com". chesscafe.com. Dáta rochtana: 2023-07-11.