Paul Morphy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaul Morphy
Ainm sa teanga dhúchais(en) Paul Charles Morphy
Beathaisnéis
Breith22 Meitheamh 1837
New Orleans, Louisiana Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Iúil 1884
47 bliana d'aois
New Orleans, Louisiana Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Stróc)
Áit adhlacthaSaint Louis Cemetery No. 1 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Tulane
Spring Hill College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir fichille, teoiricí fichille Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Tír spóirtStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtficheall Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 737 Cuir in eagar ar Wikidata

Imreoir fichille Meiriceánach ab ea Paul Charles Morphy (22 Meitheamh, 1837 – 10 Iúil, 1884), a bhí gníomhach sula raibh craobh domhanda ag fichille, ach aithníodh go forleathan gurbh é an máistir fichille ba mhó dá ré. Bhuaigh sé an chéad "American Chess Congress" i 1857, agus fuair sé an lámh in uachtar ar gach comhraic go héasca. Thaistil Morphy ansin go Sasana agus go dtí an Fhrainc chun dúshlán a thabhairt do phríomhimreoirí na hEorpa. D'imir sé cluichí foirmeálta agus neamhfhoirmeálta le formhór na bpríomhimreoirí Sasanacha agus Francacha, agus imreoirí mó le rá ó thíortha eile, Adolf Anderssen na Gearmáine go áirithe. Bhuaigh sé gach cluiche arís le farasbarr suntasach. D'fhill sé ansin ar na Stáit Aontaithe, agus roimh i bhfad d'fhág sé ficheall ina diaidh. B'iontas fichille é, agus aontaítear go ginearálta go raibh Morphy i bhfad chun cinn ar a linn féin, cé go bhfuil easaontas ann faoin conas ba chóir a chuid imeartha a chúr i gcomparáid le himreoirí den 20ú céad.