Francois-Andre Philidor
Ainm sa teanga dhúchais | (fr) François-André Danican Philidor |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 7 Meán Fómhair 1726 Dreux, An Fhrainc |
Bás | 31 Lúnasa 1795 68 bliana d'aois Londain, England |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceol, cumadóireacht, ficheall agus cumadóireacht |
Gairm | aisteoir, cumadóir, ceoltóir, pianódóir, imreoir fichille, teoiricí fichille |
Seánra | Ceoldráma |
Gluaiseacht | Ceol clasaiceach |
Teangacha | An Fhraincis |
Uirlis | Pianó |
Tír spóirt | an Fhrainc |
Spórt | ficheall |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Teaghlach | Philidor family (en) |
Athair | André Danican Philidor |
Siblín | Anne Danican Philidor |
Cumadóir Francach agus imreoir fichille ab ea François-André Danican Philidor (7 Meán Fómhair 1726 – 31 Lúnasa 1795). Chuir sé le forbairt an opéra comique. Meastar go forleathan é mar an t-imreoir fichille is fearr dá aois; ceapadh mar lámhleabhar caighdeánach fichille é a leabhar Analyse du jeu des Échecs le céad bliain ar a laghad. Shíolraigh Philidor ó theaghlach cáiliúil ceoltóirí agus cumadóirí. Danican an t-ainm bunaidh a bhí ar a mhuintir, ach thug Louis XIII an leasainm Philidor ar a sheanathair François-André, toisc gur chuir a sheinm óbó i gcuimhne don rí virtuoso Iodálach darb ainm Filidori. Mar sin tháinig Philidor ó chúlra gairmiúil ceoil agus mheas sé nach raibh i ficheall ach caitheamh aimsire, cé gur de bharr a chumas fichille go príomha a chuimhnítear air inniu.[1]
Gairm mar chumadóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Philidor isteach i gcór ríoga Louis XV i 1732 ag 6 bliana d’aois, agus rinne sé a chéad iarracht ar cheol a chumadh ag aois 11. Thug an cór léiriú don rí beagnach gach lá, agus nuair a bhí na hamhránaithe ag fanacht le teacht an rí, d'imir siad ficheall chun a leadrán a mhaolú. Deirtear gur spreag sé seo suim Philidor san fhicheall. Ag tosú thart ar 1740, bhí sé ina chónaí agus ag obair i bPáras mar thaibheoir, múinteoir agus cóipeoir ceoil. Le linn an ama seo bhuail Philidor le Diderot, a thug Philidor le subtil (cáiréiseach) air in Le neveu de Rameau. Chaith sé cuid mhaith den tréimhse 1745–1754 i Londain agus bhí baint aige le Samuel Johnson agus Charles Burney. D’fhill sé ar an Fhrainc i 1754 agus chaith sé a dhúthracht uilig leis an gcumadóireacht cheoil. Bhí an-tóir ar a chuid ceoldrámaí sna 1750idí agus na 1760idí. Ba iad na trí shaothar is rathúla a bhí aige ná Le sorcier (1764), Tom Jones (Henry Fielding, 1765), agus Ernelinde, princesse de Norvège (1767). Bhí Philidor i measc na gcumadóirí ceoldráma is mó le rá sa Fhrainc ar feadh tamaill, agus le linn a ghairmréime ceoil rinne os cionn 20 opéras comiques agus dhá tragédies-lyriques. Scríobh sé cantatas agus móitéiteanna freisin.
Mheas roinnt daoine go raibh a cheol ró-Iodálach áfach, agus, amach ó na 1770idí, thosaigh a chuid ceoil ag imeacht as faisean. Ag an am céanna, cé nach raibh ficheall imeartha i ndáiríre aige le fiche bliain, thosaigh Philidor chuirí a fháil ó Shasana (áit a raibh na chéad chlubanna fichille bunaithe le déanaí) chun páirt a ghlacadh i gcluichí taispeántais, agus é ag imirt le dallóg air go minic. Rinneadh gnáthamh bliantúil de na cuairteanna seo, agus íocadh luach saothair le Philidor ina leith. Mar sin, mar gheall ar mheath ghairm Philidor sa cheol, chuir sé dara gairm ar bun mar imreoir fichille, gníomhaíocht ar mheas sé go dtí seo mar 'caitheamh aimsire'.
Gairm fichille
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éirigh Philidor ina duine de imreoirí is fearr sa Fhrainc faoi stiúir Legall de Kermeur, an t-imreoir ab fhearr ó circa 1730 go 1755. Ar dtús, d'fhéadfadh Legall cis caisil a thabhairt do Philidor, is é sin le rá, d'imir an t-imreoir ní ba láidre gan ach caiseal amháin. Taobh istigh de thrí bliana, áfach, tharraing Philidor cothrom le Legall agus ansin sháraigh sé é. Thosaigh Philidor ag imirt go rialta timpeall na bliana 1740 ag Mecca fichille na Fraince, an Café de la Régence. Thug sé cuairt ar Shasana i 1747 agus bhuaigh sé glan ar Philipp Stamma ón tSiria i gcluiche, cé gur thug Philidor buntáiste do Stamma as an chéad bhogadh i ngach cluiche agus mheasúnaigh sé gach comhscór mar bhua do Stamma.[2]
D'fhill Philidor ar an bhFrainc sa bhliain 1754 tar éis naoi mbliana thar lear, an chuid is mó san Ísiltír agus i Sasana. Bhí sé ina imreoir i bhfad níos láidre anois agus bhí sé in ann an ceann is fearr a fháil ar Legall go deimhneach. Tar éis tréimhse fhada nár imir sé mórán fichille (féach thuas) thosaign Philidor chuirí a ghlacadh le imirt i Sasana in 1771, agus ón 1775 amach tháinigh sé go Sasana gach bliain le Ficheall a imirt ó Feabhra go Meitheamh go dtí a d'aistrigh sé go Sasana go buan i mí na Nollag 1792.
Blianta deiridh agus oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhág sé an Fhrainc mar gheall ar an Réabhlóid (1789–1799). Ní chuir Philidor a thuairimí polaitiúla in iúl go neamhbhalbh, agus is dóichi go raibh sé air teitheadh toisc go raibh a ainm ar liosta díbeartha a d'eisigh an Convention Nationale, mar gheall ar an mbaint traidisiúnta a mhuintire le teaghlaigh an Rí. Fuair Philidor bás nuair a bhí sé ar deoraíocht i Londain i 1795. Meastar go raibh sé an t-imreoir is fearr ar domhan le 50 bliain. Is dócha go raibh sé thart ar 200 pointe ELO níos fearr ná aon duine eile.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Metzner, Paul (1998). "Crescendo of the Virtuoso: Spectacle, Skill, and Self-Promotion in Paris during the Age of Revolution". Berkeley: University of California Press.
- ↑ Murray, H. J. R. (1913). "A History of Chess": l. 862. Oxford University Press.
- ↑ Andrew Soltis, "Tools of the Trade . . .", Chess Life, July 1995, l. 14.