Louis De La Bourdonnais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLouis De La Bourdonnais
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Louis-Charles Mahé de La Bourdonnais
Beathaisnéis
Breithc. 1796
La Réunion, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Nollaig 1840
43/44 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Kensal Green Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir fichille Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Tír spóirtan Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtficheall Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairLouis François Mahé de La Bourdonnais (en) Aistrigh
Duine muintearthaBertrand-François Mahé de La Bourdonnais (seanathair athartha) Cuir in eagar ar Wikidata

Imreoir fichille Francach ab ea Louis-Charles de La Bourdonnais (1795–1840), a mheastar gurbh é an t-imreoir is láidre ar domhan go luath sa 19ú haois. Rugadh La Bourdonnais ar oileán Réunion san Aigéan Indiach i 1795. D’fhoghlaim sé ficheall in 1814 agus thosaigh sé ar an gcluiche dáiríre in 1818, ag imirt go rialta sa Café de la Régence i bPáras, lárionad tábhachtach Eorpach fichille san 18ú agus 19ú haois.[1] Taobh istigh de chúpla bliain bhí sé ar dhuine de na himreoirí is fearr sa Café.

B'éigean do La Bourdonnais a bheatha a thuilleamh mar imreoir fichille gairmiúil tar éis dó a shaibhreas a chailleadh ar mhargaí talún. D’imir sé i ré sular bunaíodh Craobh Fichille an Domhain, ach measadh gurbh é an t-imreoir is láidre ar domhan ó 1821 amach é go dtí a bhás sa bhliain 1840. Ba é an cluiche is cáiliúla sa tréimhse seo ná sraith cluichí a d'imir sé in aghaidh an imreora fichille Éireannaigh, Alexander McDonnell, sa bhliain 1834 agus a fheictear sa la atá inniu mar chluiche chraobh an domhain neamhoifigiúil.

D’éag La Bourdonnais gan phingin i Londain ar 13 Nollaig 1840, tar éis dó a bheith iallach air a shealúchais go léir a dhíol chun a chreidiúnaithe a íocadh, a chuid éadaí san áireamh.[2] Socraíodh a adhlacadh faoi urchar méaróige d'uaigh a sheaniomaitheoir McDonnell i reilig Kensal Green i Londain.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Oxford Companion to Chess – David Hooper and Kenneth Whyld (1992) l. 56.
  2. Paul Metzner (1998). "Crescendo of the Virtuoso: Spectacle, Skill, and Self-Promotion in Paris during the Age of Revolution". Berkeley: University of California Press.
  3. Philip W Sergeant, A Century of British Chess, David McKay, 1934, l. 39.