An Bhulgáir
| |||||
Mana: Съединението прави силата (Bulgáiris: Tugann an t-aontas an cumhacht) | |||||
Amhrán náisiúnta: Mila Rodino | |||||
![]() | |||||
Príomhchathair | Sóifia 42°41′ Thuaidh 23°19′ Thoir | ||||
An chathair is mó | Sóifia | ||||
Teangacha oifigiúla | Bulgáiris | ||||
Rialtas | Daonlathas parlaiminteach Rosen Plevneliev (GERB) Boyko Borisov (GERB) | ||||
Neamhspleáchas - Féinrialtas - Fógraithe |
Ón Impireacht Otamánach 3 Márta 1878 29 Meán Fómhair 1908 | ||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
111,001.9 km² (102ú) 0.3% | ||||
Daonra • Meas. ó 2016 • Daonáireamh 2001 • Dlús |
7,101,859 (100ú) 7,932,984 [1] 64.9/km² (95ú) | ||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $66,113 miliiún (65ú) $8,500 (69ú) | ||||
Airgeadra | Lev (BGN )
| ||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
EET (UTC+2) EEST (UTC+3) | ||||
Fearann Idirlín | .bg | ||||
Glaochód | +359
| ||||
Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an Bhulgáir (Bulgáiris: България). Is í Sóifia an phríomhchathair agus an chathair is mó atá inti.
Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá sí ag críochantacht le cúig thír eile: an Rómáin sa tuaisceart, an tSeirbia agus Poblacht na Macadóine ar an taobh thiar, agus an Ghréig agus an Tuirc ar an taobh theas den Bhulgáir. Tá an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir den Bhulgáir.
An tír[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is í an Bhulgáir an 16ú tír is mó san Eoraip. Tá go léir sliabhraonta ann: mar shampla an Stara Planina agus Rodopi, agus sliabhraon Rila. Tá talamh maith le fáil ar na machairí sa tuaisceart agus sa deisceart.
Cúigí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Blagoevgrad
- Burgas
- Dobrich
- Gabrovo
- Haskovo
- Kardzhali
- Kyustendil
- Lovech
- Montana
- Pazardzhik
- Pernik
- Pleven
- Plovdiv
- Razgrad
- Rousse
- Shumen
- Silistra
- Sliven
- Smolyan
- Cúige Cathair Sofia
- Cúige Sofia
- Stara Zagora
- Targovishte
- Varna
- Veliko Tarnovo
- Vidin
- Vratsa
- Yambol
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa 7ú haois a cuireadh náisiún na Bulgáire ar bun, an chéád impireacht (632/681 – 1018). Mhair an dara himpireacht ó 1185 – 1396/1422, agus bhí an Bhulgáir mar chuid d'impireacht na dTurcach ar feadh tuairim is 500 bliain. Cuireadh an tríú stát neamhspleách ar bun ina dhiaidh sin. Ghabh sí leis an gCummanachas sa bhliain 1945 i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus bhí sé ina bhall de bhloc an Oirthir go dtí 1989/1990.
An Bhulgáir sa lá atá inniu ann[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is pobhlacht í an Bhulgáir anois. Ball den AE, NATO, na Náisiúin Aontaithe agus an World Trade Organization atá ann. 0.840 an Human Development Index (61ú háit ar domhan sa bhliain 2009). Dar le Freedom House, is tír "shaor" í.
Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]
Teanga Shlavach í an Bhulgáiris, agus í an-difriúil leis an gcuid is mó de na teangacha Slavacha eile, ós rud é go bhfuil sí tar éis córas díochlaonta na n-ainmfhocal a chailleadh ina iomláine. San am céanna, choinnigh an Bhulgáiris na haimsirí a chuaigh i léig sa chuid eile de na teangacha Slavacha, agus forbraíodh tuilleadh acu faoi thionchar na Gréigise agus na dteangacha Balcánacha - tá infhilleadh na mbriathar i bhfad níos casta sa Bhulgáiris ná sna teangacha Slavacha eile, agus a lán aimsirí comhshuite ann. Ón taobh eile de, áfach, chuaigh infinideach an bhriathair i léig sa Bhulgáiris go hiomlán. Níl ach an Mhacadóinis cosúil leis an mBulgáiris ó thaobh na gramadaí de, ach ansin, is iomaí Bulgárach a deir nach bhfuil sa Mhacadóinis ach canúint Bulgáirise.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
An tAontas Eorpach (AE) | ![]() |
---|---|---|
an Bheilg • an Bhulgáir • an Chipir • an Chróit • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Rómáin • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Tíortha iarrthacha | ||
an Íoslainn • an Mhacadóin Thuaidh • Montainéagró • an tSeirbia • an Tuirc |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |