Cnoc an Chrochaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCnoc an Chrochaire

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°34′32″N 8°05′41″W / 53.5756°N 8.0947°W / 53.5756; -8.0947
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Ros Comáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla1 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde82 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie1414410
Suíomh gréasáinroscommonhistory.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

Sráidbhaile i gContae Ros Comáin is ea Cnoc an Chrochaire[1] (Knockcroghery i mBéarla). Tá sé suite ar bhóthar an N61 idir bailte Átha Luain agus Ros Comáin, gar le Loch Rí ar Abhainn na Sionainne. Baineann sé le barúntacht Bhaile Átha Luain Thuaidh. Is ceann de na hionad daonraí is gaire le lár geografach na hÉireann é.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an sráidbhaile suite ag bun chnoc clochach, a thugann cosaint dó ón ghaoth a thagann isteach ó Bhá Gháille. Is uaidh sin a tháinig an chéad ainm a bhí ag an sráidbhaile, "An Creagán".

Le linn concas Oliver Cromwell ar Chonnacht I 1650-1652, chuir Sir Charles Coote léigear ar Chaisleán Gháille, tí chlainne Uí Cheallaigh. Dhiúltaigh muintir Uí Cheallaigh géilleadh, ach sa deireadh bhí an bua ag fórsa Coote agus tugadh muintir Uí Cheallaigh go dtí an Creagán agus crochadh iad ar an gcnoc céimithe díreadh ó thuaidh den sráidbhaile, ar a dtugtar "Hangman's Hill" inniu. Ina dhiaidh sin, tugadh "Cnoc an Chrochaire" ar an sráidbhaile.[2].

Eacnamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le 250 bliain anuas tá clú ar an sráidbhaile i ngeall ar dhúidíní a dhéanamh. Ag deireadh an 19ú haois bhí timpeall 100 duine i mbun an ghnó, ach cuireadh deireadh tobann leis ar 19ú Meitheamh 1921 nuair a chuir na Dúchrónaigh an sráidbhaile trí thine le linn Chogadh na Saoirse. Bhí ar chairde agus gaoil an dreama a fágadh gan dídean lóistín a thabhairt dóibh go dtí gur atógadh an sráidbhaile.

Inniu, tá ionad cuairteoirí agus saotharlann suite ar shuíomh mhonarcan Andrew agus P.J. Curley, ina ndéantar na dúidíní, ag baint úsáide as na seanteicnící. Tá Ionad Cuairteoirí an Dúidín suite i lár an bhaile.

Tá ceithre theach tábhairne sa sráidbhaile, "J.S. Murray's", "The Clay Pipe", "The Widow Pat's" agus "O' Brien's". Tá dhá shiopa grósaera ann - Murray's agus Horan's, agus stáisiún peitril agus díosail. Tá oifig poist agus bláthadóir suite ar an taobh thuaidh den bhaile.

Is féidir bia te a fháil ón Widow Pat's agus Horan's sa lá, agus ón veain i lár an bhaile níos déanaí san oíche.

Scriosadh Chnoc an Chrocaire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go moch ar maidin an 19ú Meitheamh 1921, chuireadh Cnoc an Chrocaire trí thine ag na Dúchrónaigh.[3] Díoltas a bhí ann mar gheall ar mharú Ghinearáil Briotanach i nGlasán. Cheap siad, go mícheart, gur tháinig na marfóirí ó Chnoc an Chrocaire. Tháinig na Dúchrónaigh i gceithre leoraí agus pháirceáil siad taobh amach den séipéal. Ar meisce, scaoil siad pilléirí san aer agus chuir siad dualgas ar na daoine teacht amach ar an tsráid.[4] Chuir siad na díonta tí trí thine go héasca le peitreal, ach níor éirigh leo le tithe Murray ná Flanagan, ná teach an tsagairt ach oiread, mar gheall ar na díonta sclátaí a bhí orthu. Bhrostaigh na daoine amach ar na sráideanna, gan am acu aon rud a thabhairt leo, agus iad fós gléasta don leaba.[5] Taobh istigh de tamall gearr, ní raibh fágtha san áit ach fothracha. Aththógadh an sráidbhaile le linn na mblianta ina dhiaidh sin.[6]

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Bunscoil Mhuire suite sa bhaile. Tá ceathrar mhúinteoir ann agus freastalaíonn an scoil ar pháistí go ginearálta, páistí faoi riachtanais speisialta san áireamh. Le linn an tsamhraidh, bíonn aonad uathachais ar siúl sa scoil.

Maraíodh Méabh i Loch Rí, Contae Ros Comáin, agus cuireadh í faoi charn ag Cnoc na Ré, Contae Shligigh

Creideamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an Caitleachas an creideamh is mó sa cheantar. Tá séipéal Caitleacach sa bhaile, "Séipéal Naomh Pádraig" ina bhfuil an Canónach Peadar Lavin mar an sagart paróiste. Bíonn aifreann ar siúl gach oíche Sathairn ag 7.00 san iarnóin. Bíonn aifreann i bparóistí Eoin Naofa agus Ráth Ara maidin ar an Domhnach.

Stáisiún Traenach Chnoc an Chrochaire

An Ceantar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síos an bhóthar, ar bhruach Loch Rí, tá Caisleán Gháille, daingean a tógadh sa 14ú haois, agus sa loch féin tá Inis Cliarán, oileán a ainmníodh (más fíor) as Clothra, deirfiúr na Banríona Méabh. Deir an scéal gur mharaigh Méabh a deirfiúr Eithne (Clothra) tar éis gur phós sí siúd Conchúr Mac Neasa, rí Uladh. Tógadh mac Eithne, Furbhaí, as a broinn, agus nuair a chuaigh sé sna fir mharaigh sé Méabh le cranntabhaill agus í á folcadh féin sa loch.

Stáisiún Traenach Chnoc an Chrochaire

Is díol spéise é Teach Screig, áit a bhí i seilbh na gCeallach, agus samplaí iontacha de Shílí na Gig le feiceáil ina thimpeall. Teach trí urlár é a tógadh sa 18ú haois.

Muintir na hÁite[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as Cnoc an Chrochaire Jimmy Murray, captaen fhoireann Ros Chomáin nuair a ghnóthaigh siad Craobh Peile na hÉireann sna blianta 1943 agus 1944. Fuair Jimmy bás sa bhliain 2007.

Ócáidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn Aonach Chnoc an Chrochaire ar siúl, de ghnáth, sa tríú seachtain de Mhí Mheán Fómhar, agus tarraingt an tslua ann as gach cearn.

Taisteal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh Stáisiún Traenach Chnoc an Chrochaire ar 13 Feabhra 1860 agus dúnadh é ar 17 Meitheamh 1963. Freastalaíonn an bus ó Chathair na Mart go Baile Átha Cliath ar Chnoc an Chrochaire gach lá.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cnoc an Chrochaire/Knockcroghery | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Knockcroghery Village Design Statement 2008".[nasc briste go buan]
  3. Healy, P., God Save All Here (Second Ed.) (2000) at p.20.
  4. Healy, P., God Save All Here (Second Ed.) (2000) at p.21.
  5. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-07-13. Dáta rochtana: 2010-06-23.
  6. Healy, P., God Save All Here (Second Ed.) (2000) at p.21.

Naisc sa Vicipéid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]