Iorras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilIorras

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°16′00″N 9°47′00″W / 54.2667°N 9.7833°W / 54.2667; -9.7833
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla850 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde730 m Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie176

Is barúntacht bheag in iarthuaisceart Chontae Maigh Eo in Éirinn é Iorras[1] (Erris as Béarla). Is é Béal an Mhuirthead an príomhbhaile sa gceantar. Tá Gaeltachtaí beaga lonnaithe ann.

Gaeltacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá achar de 905km2 i nGaeltacht Mhaigh Eo. Is ionann seo agus 19% den cheantar Gaeltachta iomlán agus tá trí cheantar ar leith i nGaeltacht an chontae – Acaill, Tuar Mhic Éadaigh agus Iorras.

Tá cainteoirí dúchais sna ceantair seo a leanas in Iorras: An Fál Mór, Tamhain na hUltaí, Corr Cloch, Glais, Eachléim, Tearmann, Tránn, An Mullach Rua, an Cartúr, An Baile Úr, Cill Ghallagáin, Ceathrú na gCloch, Port a' Chluaidh, Ros Dumhach agus Ceathrú Thaidhg. Is í Ceathrú Thaidhg an Ghaeltacht is láidre in Iorras. Is é Béal an Mhuirthead, atá suite 72km ó Bhéal an Átha, 80km ó Chaisleán an Bharraigh, agus 110km ó Aerfort Iarthar Éireann i gCnoc Mhuire, príomhbhaile Ghaeltacht Mhaigh Eo, cé nach bhfuil mórán Gaeilge le cloisteáil sa mbaile féin.

Sráidbhailte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]


Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Iorras/Erris | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.