Jump to content

An Eachléim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Eachléim)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Eachléim

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 06′ 57″ N, 10° 06′ 08″ O / 54.1158°N,10.1022°W / 54.1158; -10.1022
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde1 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie35252

Sráidbhaile beag tuaithe i gContae Mhaigh Eo is ea an Eachléim[1] ina bhfuil na gnáthfhoirgnimh, mar shampla bunscoil, siopa agus séipéal Tá ionad oidhreachta, Ionad Deirbhile Eachléim, suite ann.

D'eascair an t-ainm seo as na focail each (capall) agus léim, mar deirtear gur léim capall miotasach ó oirthear an cheantair chun an iarthair agus gur mar sin a thugtar Eachléim ar an talamh idir an dá áit.

Dar leis an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, stádas Gaeltachta ag leibhéal C a bheadh ag an gceantar thart ar an Eachléim. Dá mbeadh dhá theaghlach eile sa toghroinn ag cáiliú faoi dheontas Scéim Labhairt na Gaeilge, bheadh an Eachléim i dteideal aitheantas i gCatagóir B.

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]