Port an Chlóidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Port a' Chluaidh)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilPort an Chlóidh

Suíomh
Map
 54°19′37″N 9°46′19″W / 54.327021°N 9.77191°W / 54.327021; -9.77191
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie35407

Is sráidbhaile é Port an Chlóidh.[1] Tá sé suite in Iorras, in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo. Tá na siopaí is gaire i gCeathrú Thaidhg.

Ag an bpointe is fuide amach ag Barr na Rinne, os cionn Cuan Phort a’ Chlóidh, bhí foirgneamh beag a dtugtaí Teachaín a’ Watch air. Mar chéim chosanta thóg Seirbhís na nGardaí Cósta na tithe faire seo ar feadh an chósta chun súil a choinneáil ar na báid cogaidh i rith an Dara Cogadh Domhanda. In aice láimhe tá uimhir an stáisiúin ‘EIRE 63’ leagtha amach ar an talamh le clocha bána agus d’fhéadfaí é a fheiceáil ón aer. Bhí an t-iolar mara deireanach in Éirinn ina cónaí in Port an Chlóidh. Chonacthas an t-éan go deireanach i 1909.[2]



Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Port an Chlóidh/Portacloy | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Seán Lysaght. "Searching for eagles in Mayo and beyond" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-12-07.