Ceathrú Thaidhg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ceathrú Thaidhg
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Mayo Magnified.png
Daonra ( )
- Baile:
- Tuath:
 

?
Airde: 91m
Contae: Contae Mhaigh Eo
Cúige: Connachta

Ceantar in Iorras i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo in iarthar na hÉireann is ea Ceathrú Thaidhg (Carrowteige as Béarla). Tá Ceathrú Thaidhg suite i nGaeltacht Mhaigh Eo agus deirtear gurb é an ceantar seo an ceantar Gaeltachta is láidre sa gcontae. Deirtear achomh maith go bhfuil an Ghaeilge sa gceantar seo leath-bhealach idir Ghaeilge Chonamara agus Ghaeilig Thír Chonaill i dtaobh an fhoclóra dhó.

Tá baile Cheathrú Thaidhg suite in Iorras idir Cheathrú na gCloch agus Phort a' Chlóidh, dhá mhíle is fiche ó Bhéal an Mhuirthead. Tá sé cois trá agus lonnaithe idir dhá chnoc - Cnoc a' Ghairtéil agus Cnoc an Daimh. Tá teach an phosta, siopa, ionad eolais na Seanscoile, naíonra, scoil náisiúnta, halla, séipéal Mhuire gan Smál agus teach an phobail i gCeathrú Thaidhg. Tá na tithe scartha amach óna chéile. Tagann roinnt mhaith cuairteoirí chun an cheantair, agus scoláirí ag foghlaim Gaeilge. Níl tráigh ar bith sa mbaile féin ach tá sé gar do thrá na Rinne Rua.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]