Ros Dumhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRos Dumhach

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°16′54″N 9°47′59″W / 54.2817°N 9.7997°W / 54.2817; -9.7997
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde60 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie132919
Ros Dumhach

Baile fearainn agus sráidbhaile in iarthuaisceart Contae Mhaigh Eo is ea Ros Dumhach[1] (Ross Port as Béarla)[2]. Áirítear é faoin mbarúntacht Iorrais agus tá sé mar chuid den pharóiste Chill Chomáin. Tá sé lonnaithe gar do bhéal Cnocán na Líne ar an ros ina chruinnítear Abhainn Gleann na Muaidhe, Abhainn Muing na Bó agus Abhainn Gaoth Déanaí. Sreabhann siadsan go léir isteach san inbhear i Sruth Fada Conn. Tá achar de 1,446 acra ann.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba le Clann Bhairéid a bhí Ros Dumhach sa bhliain 1636.

Bournes

Thart ar an mbliain, fuair Thomas Bournes, ball de fórsa Chromeail ó Contae Shligigh seilbh ar an áit agus ar Muing na Bó ó Arthur Shaen.

Gás[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Mí Eanáir 2005 thosaigh Shell ag tógáil scaglann gáis i Ros Dumhach.[3][4][5] Ba cheist chonspóideach an tógáil ag an am, mar gheall ar imníthe shláinte, sábháilteacht agus truailliú. Bhí feachtas ann, Shell chun Sáile, i gcoinne na scéime.

Sa bhliain 2015, bronnadh ceadúnas ar Shell chun gás a thabhairt i dtír (ach le raon coinníollacha maidir lena úsáid).[6] Beidh Gort na Coiribe ídithe i gceann cúpla bliain.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ros Dumhach/Rossport | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Micheál Ó Conghóile - Baile Beag Ros Dumhach (CD - Glór Mhaigh Eo - 18)
  3. "Cúigear Ros Dumhach thíos le camastaíl Fhianna Fáil" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-09-01.
  4. "Non-Renewable Energy in Ireland". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2022-09-01.
  5. Google maps. "Vermilion Energy Corrib Gas plant · Unnamed Road, Bellagelly South, Co. Mayo, Ireland" (en). Vermilion Energy Corrib Gas plant · Unnamed Road, Bellagelly South, Co. Mayo, Ireland. Dáta rochtana: 2022-09-01.
  6. Nuacht RTÉ (2015-10-09). "Ceadúnas bronnta ar Shell scaglann gáis a fheidhmiú" (as ga). 
  7. "Energy crisis: Corrib gas field operator tells Taoiseach Michéal Martin they can extract fuel for another decade" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-09-01.