Jump to content

Baile Chruaich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Chruaich

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 01′ N, 9° 49′ O / 54.02°N,9.82°W / 54.02; -9.82
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Logainm.ie132901

Is sráidbhaile é Baile Chruaich.[1] Tá sé suite in Iorras, in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo.

Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich

Bhí Baile Chruaich ar an mbaile deireanach in Éirinn a fuair seirbhís cumhacht leictreachais san bhfeachtas a bhí ar bun ag Bord Soláthair an Leictreachais idir 1946-1965. Bhí polaiteoirí istigh ar an scéal agus chuir an sagart pobail peann le pár i 1957 agus dúirt leis an mBord Soláthair Leictreachais go raibh seisean tagtha go deireadh na feide.

Bhí an pobal ag fiafraí céard a bhí seisean a dhéanamh faoin dorchadas i mBaile Chruaich. Bhí 64% de mhuintir an cheantair ag iarraidh na seirbhíse ach b’fhachtas don Bhord Soláthair gur cur amú solais a bheadh ann: ní raibh, a dúradar, ach seacht dteach in aghaidh an mhíle chearnaigh sa gceantar sin. (Go hiondúil, bhí idir 15 agus 20 teach in aghaidh an mhíle chearnaigh in áiteacha ar feistíodh cuaillí agus cáblaí iontu roimhe seo). Tháinig an lá geal nuair a cuireadh an chumhacht go Baile Chruaich in 1966.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ “Baile Chruaich/Ballycroy | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. ↑ Máirtín Ó Catháin (11 Bealtaine 2026). "Radharc ar shaol nua sna spéartha dorcha i gConamara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-05-11.