Cill Ghallagáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cill Ghallagáin

Ceantar in Iorras in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo in iarthar na hÉireann is ea Cill a' Ghallagáin (Kilgalligan as Béarla). Ceantar Gaeltachta atá ann. Tá beagnach 800 logainm sa bparóiste.[1]

Tháinig an t-ainm ó Naomh Gallagáin. Bhí séipéal nó cillín aige sa nGort Dubh - an áit a bhfuil an teampall. Deir an seanchas gur cuireadh Gallagáin Naofa, naomh-phátrún an cheantair, faoin ardán cruinn sa gcúinne thiar thuaidh den teampall. Fuarthas leac ársa ar bharr an leachta agus cros greanta uirthi, agus bollán briste ina haice. Tá tobar Ghallagáin Naofa le feiceáil ann agus uisce fós ann.

Tá Trá na Rinne Rua agus na Fothantaí Dubha le fáil sa gceantar.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Beiner, Guy, Remembering the Year of the French: Irish folk history and social memory, University of Wisconsin Press, 2007