Dinnseanchas


Na miotais, an tírdhreach, an béaloideas agus an stair a bhaineann le áiteanna is ea dinnseanchas.[1] Comhfhocal is ea dinnseanchas, atá bunaithe ar na focail dind ‘áit ard, áit shuntasach nó cáiliúil’ móide an focal senchas ‘seanscéal, saíocht, nó traidisiún stairiúil’.
Is ionann an dinnseanchas agus cineál scéalaíochta faoi ghnéithe den tírdhreach ina ndéantar iarracht brí nó bunús ainm na háite a mhíniú trí bhíthin scéil, nó eile trí chuntas a thabhairt ar eachtra a tharla san áit atá ainmnithe, bíodh an scéal sin i bprós nó i bhfilíocht nó sa dá chuid, nó go deimhin ó bhéal ach oiread leo.[2]
Nósmhaireacht choiteann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé nach féidir linn a bheith iomlán cinnte faoi fheidhm agus sprioc an dinnseanchais, más iarracht a bhí ann an tírdhreach a thuiscint agus a mhíniú, feictear an nósmhaireacht chéanna i measc teangacha luatha agus i measc cultúr luath eile ar fud na cruinne. D’fhéadfaimis comparáid bhunúsach a dhéanamh idir an cineál ábhair atá aitheanta mar dhinnseanchas le scéalaíocht dhúchasach cultúr eile i bhfad i gcéin.
Féach ar an staidéar a rinne Keith Basso ar na hApáitsigh Iartharacha i Meiriceá Thuaidh, a léirigh go raibh feidhm chomhchosúil ag logainmneacha sa scéalaíocht dhúchasach sa chultúr sin, go háirithe nuair is comóradh ar eachtra stairiúil atá i gceist le logainm, seachas cur síos fisiciúil ar an áit.[3]
An réasúnaíocht a luaigh faisnéiseoir amháin, Charles Henry, le Basso ná go raibh trí chineál logainm nó próiseas cruthaithe i gceist le logainmneacha na nApáitseach. I dtosach, bhí na hainmneacha a bhain le gnéithe fisiciúla agus a raibh ainm orthu sula raibh aon phobal lonnaithe go buan sa cheantar; ansin, bhí na hainmneacha a cruthaíodh (bunaithe ar na gnéithe fisiciúla réamhráite) nuair a lonnaigh teaghlaigh áirithe ann; agus ar deireadh, bhí na hainmneacha a rinne comóradh ar shaol agus ar stair an phobail san áit.[4]
Traidisiúin litríochta agus béaloidis na Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuid lárnach de thraidisiúin litríochta agus béaloidis na Gaeilge is ea an dinnseanchas, ina bhfeidhmíonn an logainm mar eochair eolais chun scéal a insint.
Féach ar an Dinnseanchas: cnuasach scéalta ainmeolaíochta (Sean-Ghaeilge Dindsenchas) i Luathlitríocht na hÉireann, a thugann cur síos ar bhunúis na logainmneacha, agus ar thraidisiúin na n-imeachtaí agus na bpearsana gaolta leo.
Tá meáite ag scoláirí áirithe gur cuid den mhiotaseolaíocht iad sna scéalta seo, mar go ndéanann siad iarracht míniú a thabhairt ar ghnéithe nádúrtha an tírdhreacha. Dar le scoláirí eile, is cineál litríocht chumaisc atá i gceist, a tharraingíonn ar scéalta agus ar thréimhsí éagsúla sa litríocht chun seanrá aontaithe nua a chruthú ina gceanglaítear scéal le logainm.
Le fírinneach, ní heol dúinn an réasúnú ba bhonn leis an dinnseanchas a bhreacadh síos den chéad uair. Caithfear go raibh tábhacht nó feidhm ar leith ag an gcineál eolais atá caomhnaithe ann do lucht a scríofa nó don tsochaí mheánaoiseach Ghaelach – is é sin tuiscint an phobail ar bhunús an tírdhreacha agus brí na logainmneacha mórthimpeall orthu. Nó arbh é leagan amach na tíre agus teorainneacha na gcríoch a rianú in aigne an phobail a bhí i gceist – ról atá tugtha le fios b’fhéidir ag na focail críchaire ‘duine a rianaíonn críoch’ agus críchairecht ‘críocha a shocrú’. Chomh maith leis sin, aithnítear an dinnseanchas mar sheánra litríochta sna meánaoiseanna, agus é luaite mar cheann de na réimsí eolais a bhí le foghlaim san ochtú bliain oiliúna ag na filí, rud a thugann le fios go raibh scéalta faoi áiteanna agus brí a n-ainmneacha mar chuid riachtanach de ghairm na filíochta.
Cibé scéal é, níl scoláirí an lae inniu ar aon intinn maidir le bunús ná feidhm an dinnseanchais, ach is léir go raibh a leithéid ann ón naoú haois ar a laghad, gur tháinig borradh mór faoi mar sheánra litríochta i dtréimhse na MeánGhaeilge, go n-áirítear ábhar dinnseanchais de chineál éigin i measc formhór mór de na lámhscríbhinní Gaelacha atá ar marthain inniu, agus gur mhair macasamhail an traidisiúin go comhthreomhar sa traidisiún béil anuas go dtí ár linn féin.[2]
Is léir mar sin féin go raibh ról tábhachtach aige sa traidisiún béil in Éirinn agus in Albain, go háirithe sna scéalta faoi Fhionn mac Cumhaill agus na Fianna, mar atá léirithe san ábhar Fiannaíochta a taifeadadh lenár linn féin. Féach mar shampla an líon mór scéalta i mBailiúchán na Scol atá dírithe ar ainmneacha áite agus ar na heachtraí a tharla ag na láithreacha sin. Is minic go dtagraíonn an scéal do ghné fhisiciúil ar leith sa cheantar (carraig, aill, cnoc, coill, lochán) agus go mbaineann an scéal sin le heachtra a thit amach ar an láthair.
Braitheann cruthú, tuiscint agus úsáid logainmneacha ar phobal teanga, agus mar sin de, d’fhéadfadh sé gur léiriú iad na scéalta dinnseanchais ar na hiarrachtaí a rinne na Gaeil brí a bhaint as ainmneacha seanda nó comóradh a dhéanamh ar eachtra ar leith a tharla nó a bhí luaite sa seanchas.
D’fhéadfadh sé freisin gur ceiliúradh atá sna scéalta seo ar scileanna cruthaitheachta an aosa léinn sna meánaoiseanna, nó gur chuir siad míniú éigin ar fáil do phobal na teanga ar ghné shuntasach nó neamhghnách sa tírdhreach, mar atá léirithe dúinn i dtraidisiún na scéalaíochta béil.
Dinnseanchas meadarach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is éard atá i gceist leis an dinnseanchas meadarach ná an bailiúchán dánta ó thréimhse na Meán-Ghaeilge a bhaineann le háiteanna suntasacha nó cáiliúla in Éirinn san aimsir anallód, cosúil le hainmneacha aibhneacha, lochanna, sléibhte agus machairí na tíre, chomh maith le suímh seanda ríoga, dála Theamhair na Mí agus Ráth Cruachan Ros Comáin.
In ainneoin gur measadh le fada an lá gurb é míniú ar bhrí an logainm príomhaidhm mheasta an dinnseanchais, is minic go ndéantar neamhaird sna dánta agus i bprós an dinnseanchais ar shanasaíocht an logainm féin. Is nós an logainm a nascadh le hainm pearsanta carachtair éigin ón osnádúr nó ón miotaseolaíocht, beag beann ar na bríonna topagrafacha féideartha (agus follasacha!) atá ag na logainmneacha faoi chaibidil.
Tá bailiúchán tábhachtach ábhair ann san 11ú haois, ar a dtugtar Dindshenchas Érenn anois, ina bhfuil roinnt mhaith dánta dinnseanchais luaite le filí áirithe na Meán-Ghaeilge, agus go bhfuil samplaí eile d’fhilíocht agus de scéilíní próis an dinnseanchais ar fáil níos forleithne sa traidisiún scríofa, i scéalta na Rúraíochta agus na Fiannaíochta, mar shampla.
Úsáidí eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dinnseanchas (bailiúchán próis agus filíochta ó thréimhse na Meán-Ghaeilge)
- Bhí iris Ghaeilge agus Bhéarla darbh ainm Dinnseanchas, foilsithe ag An Cumann Logainmeacha idir 1964 agus 1975 le sé imleabhar, dírithe ar thaighde agus scoláireacht logainmneacha.[5]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ I mBéarla, lore of places, placelore nó toponymy. Uaireanta, topography
- 1 2 Liam Ó hAisibéil (Márta 2022). "Logainmneacha agus an dinnseanchas". Comhar / Ollscoil na Gaillimhe. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2026-04-20. Dáta rochtana: 2026.
- ↑ Keith Basso. "Client Challenge". www.scribd.com. Dáta rochtana: 2026-04-14.
- ↑ Basso, Keith (1996) Wisdom sits in places: landscape and language among the Western Apache (Albuquerque: University of New Mexico Press).
- ↑ Acmhainní logainmníochta, ar logainm.ie