Jump to content

Edward Gwynn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEdward Gwynn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Aibreán 1868
Ráth Mealtain, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Feabhra 1941
72 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Cholm Cille, Baile Átha Cliath
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreTeangacha Ceilteacha
Gairmúdar, teangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Átha Cliath, múinteoir ollscoile (1907–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Teaghlach
CéileOlive Mary Ponsonby (1905–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJohn David Gwynn, Edward Harold Gwynn, Lucy Margaret Gwynn, Arthur Montagu Gwynn, Olive Ruth Gwynn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Gwynn  agus Lucy Josephine O'Brien

Scoláire na Sean-Ghaeilge agus Litríochta Ceiltí ba ea Edward John Gwynn (Ráth Mealtain, Dún na nGall 1d Aibreán 1868 – 10ú Feabhra 1941 Baile Átha Cliath). Bhí sé fosta ina phropast Choláiste na Tríonóide ón mbliain 1927 go dtí 1937 agus ina Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1934 go 1937.

Rugadh Edward John (E.J.) Gwynn, at Aughnagaddy in Ráth Mealtain, Contae Dhún na nGall. John Gwynn D.D. agus Lucy Josephine O'Brien ba ea a thuistí.

D'fhreastail sé ar St Columba's College, Ráth Fearnáin, agus tar éis sin Coláiste na Tríonóide.[1][2] Sa bhliain 1888, bhain sé scoláireacht amach le léann clasaiceach.[3] Bhain sé céim le gradam amach, ag bua boinn óir i léann clasaiceach chomh maith le heitic agus loighic. Sa bhliain 1893, toghadh é ina Chomhalta an Choláiste.[4]

Thosaigh Gwynn ansin ag déanamh taighde ar an Sean-Ghaeilge, faoi choimirce Acadamh Ríoga na hÉireann. Toghadh ina bhall den Acadamh sa bhliain 1896, agus dhá bhliain níos deireanaí ceapadh é ina Ollamh le Teangacha Ceilteacha. Bhí sé ina Uachtaráin an Acadamh idir na blianta 1934 agus 1937.[4] D'fhoilsigh Gwynn an-chuid alt agus aistriúchán, ina measc a eagrán den Dinnseanchas, téacsanna faoi shaol na manach i dTamhlacht agus catalóg de lámhscríbhinní an Acadaimh.[1][4]

Sa bhliain 1903, bhí Gwynn páirteach i mbunú Scoil an Léinn Ghaelaigh i mBaile Átha Cliath, agus é ina léachtóir agus gobharnóir. Idir na blianta 1905 agus 1915, chuaigh sé i mbun seirbhíse leis an Commission for National Education. Sa bhliain 1907, ceapadh é mar an gcéad Léachtóir le Teangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide.[4]

Timpeall an ama seo, moladh plean conspóideach chun coláiste nua a bhunú le haghaidh daltaí Caitliceacha amháin, ceangailte go cónaidhmeach le Coláiste na Tríonóide. Mheas that the plan would prove unworkable, Gwynn nárbh fhéidir a lán úd a chur i bhfeidhm, agus labhair sé amach ina choinne. Caitheadh an plean i dtraipisí ina dhiaidh sin.

Le linn a shaoil, bronnadh ar Gwynn roinnt mhaith aitheantais as ucht a chuid oibre ar son scoláireachta Éireannaí. Fuair sé céim D.Litt.Celt. ó Ollscoil na hÉireann sa bhliain 1926, agus céimeanna dochtúra onóracha eile ó ollscoileanna Oxford, Glasgow, Wales agus Durham.[4]

Sa bhliain 1927, ceapadh Gwynn ina Phrapast Choláiste na Tríonóide. D'oibrigh sé go dtí gur éirigh sé tinn leis an eitinn, a bhuail air don chéad roimh 1913 agus b'éigean dó éirí as a phost sa bhliain 1937.[2] Rinneadh Comhalta Onórach de ag an am sin.[5]

Litir scríofa ag Edward Gwynn chuig a iníon chéile, 1939

Tar éis a bháis, thóg comhghleacaí leis chun cuimhne ní amháin a éirim aigne, ach freisin:[6]

that well-known smile, so full of mellow wisdom, infinite kindness and quietly amused tolerance of the foibles and extravagances of smaller minds.

Phós Edward Gwynn le hOlive Mary Ponsonby (1881–1970), iníon le Colonel Justinian Gordon Ponsonby, sa bhliain 1906.[7] Bhí chúigear clann acu:

  • John David Gwynn (1907–1998), aitheanta mar David nó J.D., a d'éirigh ina innealtóir sibhialta and chaith sé na blianta ag obair ar tionscnaimh cumhachta hidrileictrí srl.
  • Arthur Montague (A.M.) Gwynn (1908–2008), feithideolaí agus ansin dochtúir leighis, a raibh saol ilchineálach aige, san áireamh srianadh lotnaidí san Aifric; seirbhís in arm na Breataine, áit a bronnadh Military Cross air as ucht crógachta); taiscéalaíocht Antartach; agus ina eagarthóir Medical Journal of Australia.
  • Lucy Margaret (Pic) Gwynn (1911–1987), gníomhach mar oibrí deonach. Phós sí leis an ngeolaí Éireannach Frank Mitchell.
  • Edward Harold Gwynn (1912–2007), d'éirigh ina státseirbhíseach in Whitehall, a bhain céim Deputy Under-Secretary of State amach sa Ministry of Defence.
  • Olive Ruth Gwynn (1915–1981), bhain céim amach mar thréidlia sular phós sí leis an dealbhóir Éireannach, Oisín Kelly.[2]
  • The Metrical Dindshenchas, 5 iml, Hodges Figgis, Baile Átha Cliath, 1903–1935
  • The burning of Finn's house (le J. H. Lloyd), Ériu 1 (ll. 13–37), 1904
  • The priest and the bees, Ériu 2 (ll. 82–83), 1905
  • The three drinking-horns of Cormac ua Cuinn (eag. agus aistr.), Ériu 2 (ll. 186–188), 1905
  • On a source of O'Clery's Glossary, Hermathena 14:33 (ll. 464–480), 1907
  • Notes, Ériu 3 (ll. 190–193), 1907
  • On a source of O'Clery's Glossary, Hermathena 15:35 (ll. 389–396), 1909
  • An unrecorded gloss, Ériu 4 (lch. 182), 1908–10
  • De arreis, Ériu 5 (ll. 45–48), 1911
  • The monastery of Tallaght (le Walter J. Purton), Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann XXIX (C), *1911–1912
  • An Irish penitential, Ériu 7 (ll. 121–195), 1914
  • Catalogue of the Irish Manuscripts in the Library of Trinity College, Dublin (le T. K. Abbott), Hodges & Figgis, Baile Átha Cliath, 1921
  • Miscellanea: Eogan, Ériu 9 (ll. 27–30), 1921–23
  • Tomás Costelloe and O'Rourke’s wife (le Turlough O'Reilly), Ériu 9 (ll. 1–11), 1921–23
  • A note on O'Davoren’s glossary, Ériu 9 (ll. 157–158), 1921–23
  • The Rule of Tallaght, Hermathena 44, dara forlíonadh, 1927
  • Athirne’s mother, Zeitschrift für celtische Philologie 17 (ll. 153–156), 1928
  • The Dindshenchas in the Book of Uí Maine, Ériu 10 (ll. 68–91), 1926–28
  • Senbriathra Fithail, Revue Celtique 46 (ll. 268–271), 1929
  • Varia III, Ériu 11 (ll. 150–153), 1932
  • The Book of Armagh: The Patrician Documents (eag.), Irish Manuscripts Commission, 1937
  • Notes on the Irish penitential, Ériu 12 (ll. 245–249), 1938
  • An Old-Irish tract on the privileges and responsibilities of poets, Ériu 13 (ll. 1–60 & 220–236), 1942

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Burke's Irish Family Records, Burke's Peerage Ltd, 1976.
  2. 2.0 2.1 2.2 Us, A Family Album, Roger Gwynn, 2015.
  3. "Dublin University Calendar, A Special Supplemental Volume for the year 1906-7" (1907) III. Dublin: Hodges, Figgis, and Co. Ltd.. 
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Proceedings of the Royal Irish Academy, iml. XLVII, Aguisín I, 1941–42.
  5. Webb, D. A. (1992). "Trinity College Dublin Record Volume 1991". Dublin: Trinity College Dublin Press. 
  6. Dr E.J. Gwynn, An Appreciation, in The Irish Times, Feabhra 1941.
  7. Find A Grave Memorial #122309051.