Leabhar Mór Leacáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An dán 'Flann for Éirinn' ó Leabhar Mór Leacáin

Is lámhscríbhinn na meánaoise é an Leabhar (Mór) Leacáin, ARÉ, MS 23 P 2, scríofa idir 1397 agus 1418 i Castle Forbes, Leacán, i dtuath Thír Fhiachraigh, in aice le hInis Crabhann, Contae Shligigh. Caomhnaítear é i nAcadamh Ríoga na hÉireann.[1]

Scríobhadh an Leabhar Mór Leacain as Meán-Ghaeilge le Ádhamh Ó Cuirnín ar son Giolla Íosa Mór Mac Fhirbhisigh. Tógadh na hábhair ann ón Leabhar Laighneach, cóipeanna níos déanaí den Leabhar Gabhála na hÉireann, an dinnseanchas, an banseanchas agus Leabhar na gCeart.[1]

Ag am áirithe, bhí an leabhar i lámha James Ussher. Ina dhiaidh, thug James II na Sasana é don Coláiste Éireannach, Paris. In 1787, thug an Chevalier Ó Raghallaigh ar ais go hÉirinn é. Tháinig an Leabhar siar go Charles Vallancey, agus thug seisean é sa deireadh chun ARÉ.[2]

Bhí 30 leathanach ann i dtosach; is amhlaidh gur cailleadh 9 dóibh i 1724. Ina measc, bhí mórchuid tiomanta do ghinealaigh and stair na Lochannach agus teaghlach Lochlannach-Gaelach na hÉireann, nach bhfuil le fáil in aon áit eile.[3]

Tá na leathnaigh clúdaithe le substaint bhealaithe, a thugann cuma thrédhearcach dóibh agus a laghdaíonn a soléiteacht.[1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Jones' Celtic Encyclopedia.
  2. Mary Frances Cusack, ‘’An Illustrated History of Ireland’’ Project Gutenberg eBook.
  3. Alexander Bugge (eag. & aistr.), Duald Mac Firbis, On the Fomorians and the Norsemen. Christiania: J. Chr. Gundersens Bogtrykkeri. 1905. Féach réamhrá le Bugge.