Banseanchas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cnuasach na meánaoise é An Banshenchas de dhánta a thugann insintí gearra faoi mhná iomráiteacha le fáil i seanscéalta na nGael.[1]

Murab ionann is cuid mhór de luathlitríocht na Gaeilge, is féidir An Banshenchas a lua le húdar agus dáta ar leith. Deir an réamhrá gur chum Gilla Mo Dutu Úa Caiside, as Ard Brecáin i gContae na Mí, an saothar i 1147.

Ábhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá bunús stairiúil ag an An mBanshenchas, agus tosaíonn sé le hÉabha agus mná eile an tSean-Tiomna, leanann le mná seanscéalach i Miotaseolaíocht na nGael anáil is Éadaoin and Eimhear, agus críochnaíonn le pearsana sách stairiúla, ina measc roinnt mná de ríshliocht Gall-Ghaeil.

Is gearr iad na dánta, cúpla líne ar a mhéad. Seo sampla maidir le roinnt luathphearsana bíobalta:

Meán-Ghaeilge[2] Nua-Ghaeilge[3]

Adam. Seth. Sili caid[4] Cain.
cétchethror fer silta slúaig.
Eua Olla Pib is Pithib
sin bithin búain.
ro chlandsat claind sírfind sochraig
ria ndilind dochraig iar n-úair.
Eua oenben Adaim adbail.
Olla setig Séith cen locht.
Píb ainm do mnai Cain chintaig
sin rasin nir imgaib olc.
Pithib ben Sili na solud
gili na cobur a corp.

Ádhamh, Séat, Sili cáidh[5]agus Cáin
ceathrar síolta slua.
Eve, Olla, Pib agus Pithib
sin sa bhith buan
a rug clann shíorfhionn, sochrach
roimh An Díle, dochrach iar n-uair.
Éabha aonbhean Adám ábhal.
Olla céile Séat gan locht.
Pib ainm do bhean Cháin chiontaigh.
Níor éalaigh sí olc.
Pithib bean Sili an tsola.[6]
Níos gile ná cúr a corp.

Agus sampla eile maidir le roinnt ban seanscéalacha na hÉireann:

Meán-Ghaeilge[7] Nua-Ghaeilge[3]

Ben Echach Aireman Étain.
Ésa a ingen olc a hord.
ainm uathi for uachtur inaid.
cairdes tria chinaid ra chorb.
Mess Buachalla ingen Ésa.
tria thindrem bésa bad borb.
Mathair Conairi Móir moltair.
Mes Buachalla maith in mind
ua da hathair siur da mathair
úa d'Étaín fathaig ind find.

Bean Eochada Airemhan Éadaoin
Easa a hiníon, olc a hord.[8]
Ainm uaithi air uachtar- ionad,
caidreamh a cionta[9] re chorbadh.[10]
Meas Buachalla iníon Easa.
Trína tinreamh bhíodh maraí borb.
...

Tá eolas ar chuid de na scéalta a bhuí le foinsí eile, amhail is an Leabhar Gheineasas, Tochmharc Éadaoine, agus foinsí eile gan iomrá. Tá roinnt phearsana ann sa Bhanseanchas nach bhfuil inniu ach ainmneacha a thugann le fios go raibh scéalta anois fadchaillte ann, ach a bhí ar eolas ag an Caisideach agus a chomhaoiseacha.

Lámhscríbhinní[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Banseanchas le fáil sa Leabhar Laighneach, Leabhar Uí Mhaine, Leabhar Mór Leacáin agus lámhscríbhinní eile (cf. Dobbs). Maraon le dánta an dinnseanchais, tá dánta an banseanchais in éineacht le tráchtas próis, is dócha scríofa beagán níos faide anonn.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Is gaoil iad na focail seanchas agus seanchaí.
  2. Banseanchas, sa Leabhar Laighneach, ll. 533-534, ar CELT
  3. 3.0 3.1 Á aistriú sách focal ar fhocal, go liteartha agus go litriúil, ón Mheán-Ghaeilge ag Marcas
  4. [dil.ie/7682 1 cáid] ar eDIL
  5. Lit. ar teanglann.ie FGB
  6. sola, mana maith, ar teanglann.ie
  7. Banseanchas, sa Leabhar Laighneach, lch. 539, ar CELT
  8. ord2
  9. cion3
  10. corbadh