An Mheán-Ghaeilge

Ba í an Mheán-Ghaeilge (Gaoidhealg as Mheán-Ghaeilge) príomhtheanga na hÉireann, hAlban agus Mhanann ón 10ú haois go dtí an 12ú haois.
De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na Sean-Ghaeilge, agus an Mheán-Ghaeilge ag teacht ina háit. Teanga cineál measctha is ea an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon chaighdeán nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus ghramadach chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir forcheartú a fheiceáil ansin - is é sin, iarrachtaí teipthe ar chloí le caighdeán na Sean-Ghaeilge nach bhfuil ceart de réir an chaighdeáin sin ná de réir chaint na ndaoine.
Tabhair faoi deara go dtugann téacsleabhair áirithe "Meán-Ghaeilge" ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach freisin. Ní botún é seo go díreach, ach cleachtas a d'imigh as úsáid idir an dá linn.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |