An tSean-Ghaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn tSean-Ghaeilge

Cineálteanga mharbh agus teanga stairiúil
Úsáid
Cainteoirí dúchais0
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ceilteacha
Ceiltis na nOileán
teangacha Gaelacha
an Ghaeilge
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Cóid
ISO 639-2sga
ISO 639-3sga
Glottologoldi1245
Linguasphere50-AAA-ad
IETFsga

Sa tseachtú haois a tháinig an chéad leagan caighdeánaithe den Ghaeilge, an tSean-Ghaeilge (GuithealgGoidelc), ar an bhfód, agus í sách difriúil fós leis an gcineál Gaeilge a labhraítear inniu.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ogham

gramadach agus litriú na bhfocal sna scríbhinní Oghaim ní ba seanaimseartha ná an tSean-Ghaeilge féin, cé go mbaineann an chuid is deireanaí de na hOghamchlocha leis an tréimhse chéanna. Mar sin, is dócha go ndearna na manaigh iarracht d'aon turas ar stíl nua scríbhneoireachta a thabhairt isteach nach mbeadh cosúil le stíl "Phágánta" na nOghamchloch.

D'úsáidtí an tSean-Ghaeilge, ar dtús, i ngluaiseanna míniúcháin a chuirtí le téacsanna Laidine, le cuidiú leis na daltaí óga nach raibh ach ag foghlaim theanga na Críostaíochta Caitlicí.

 An Bíobla (1 Cor 2-3) a scríobh manach Éireannach i Sankt Gallen, An Eilvéis.

De réir a chéile, áfach, thosaigh na manaigh ag breacadh síos na scéalta miotaseolaíochta, leithéidí na Rúraíochta is na Fiannaíochta. Ní raibh siad chomh drochamhrasach i leith na seanscéalta págánacha agus a shílfeá, ach mar sin féin bhain siad gach tagairt nithiúil don chreideamh réamh-Chríostaí de na leaganacha a rinne siad de na scéalta seo. Mar sin, fág is go bhfuil blas na págántachta ar na seanscéalta Gaelacha ó thaobh an spioraid agus an tsaoldearcaidh, is deacair aon tagairt do dhéithe págánta na gCeilteach a aithint iontu.

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áirítear litríocht na Gaeilge ar ceann de na traidisiúin liteartha is sine san Eoraip in aon teanga nach í an Laidin í. Bhí an Laidin á saothrú in Éirinn ó theacht na Críostaíochta freisin, ar ndóigh, ach bhí na Gaeil i bhfad ní ba luaithe ag saothrú a dteanga féin sa litríocht ná an chuid ba mhó de mhuintir Iarthar na hEorpa.

Is follasach gurb í an litríocht chráifeach an litríocht ba shine i Sean-Ghaeilge, agus gur theastaigh ó na manaigh Éireannacha ábhar reiligiúnda a scríobh do na daoine ina dteanga dhúchais féin. Is dócha gur cumadh na chéad iomainn eaglasta agus na chéad urnaithe fileata sa Ghaeilge chomh moch leis an séú haois.

8ú haois:  Collectio Canonum Hibernensis sa Trier Stadtbibliothek (137 Fol 56), An Ghearmáin, agus níos déanaí, an Civitate Dei (Augustinus)

Is é Amra Choluim Chille an píosa is sine den chineál seo litríochta atá fágtha againn. Gaeilge thar a bheith seanársa atá ann, níos ársa fiú ná an chuid is mó den tSean-Ghaeilge, agus cuma sheanfhaiseanta ar an meadaracht a chleachtaítear ansin fosta. Is dóigh leis na saineolaithe gurbh é Dallán Forgaill a cheap an saothar seo i ndeireadh na séú haoise, nuair a fuair Colm Cille bás.

Sa tréimhse chéanna a scríobhadh Félire Oengusso. Mar is léir ón teideal, féilire atá ann agus é scríofa i bhfoirm fhileata: tá dán ansin do gach lá i rith na bliana, agus ábhar reiligiúnda ann, nó tugann gach dán acu seo cur síos ar naomh an lae agus ar na héachtaí a rinne sé ar mhaith leis an gcreideamh.

Saothar tábhachtach eile den chineál chéanna is ea Saltair na Rann ó dheireadh na deichiú haoise.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]