Gaeilge Chonnacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de llenguaGaeilge Chonnacht
Eapainm Cúige Chonnacht
Cineál canúint
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Nostraitic
Eoráiseach
Na teangacha Ind-Eorpacha
Na teangacha Ceilteacha
Ceiltis na nOileán
na teangacha Gaelacha
An Ghaeilge
timpeall 900

Is í Gaeilge Chonnacht an cineál Gaeilge a labhraítear i gCúige Chonnacht, is é sin, i gContae na Gaillimhe agus i gContae Mhaigh Eo. Labhraítear Gaeilge Chonnacht in áiteanna éagsúla eile sa tír; ar ndóigh i nGaeltacht na Mí (Ráth Cairn agus Baile Ghib). Tá Gaeilge Chontae na Gaillimhe réasúnta láidir i gcónaí, ach is dócha nach bhfuil an teanga róláidir in aon áit i Maigh Eo a thuilleadh. Is í Ceathrú Thaidhg (nó Dún Chaocháin i gcoitinne) an áit is láidre Gaeilge i gContae Mhaigh Eo.

armas

Maidir leis na canúintí gaolmhara a chuaigh in éag le déanaí, bhí lucht curtha in eagar an Linguistic Atlas and Survey of the Irish Dialects[1] ábalta cuid mhaith eolais a bhailiú ó na cainteoirí deireanacha i ndeisceart Chontae Shligigh agus in iardheisceart Chontae Liatroma, chomh maith le Contae an Chláir.

Na chéad chanúineolaithe a chuaigh i ngleic le canúintí nua-aimseartha na Gaeilge, bhí siad den tuairim gur chóir gan ach dhá mhórchanúint Gaeilge a aithint, is é sin, an ceann thuaidh agus an ceann theas, agus an teorainn idir an dá mhórghrúpa seo canúintí ag rith trasna na hÉireann ó Chaoláire na Gaillimhe go Cuan Bhaile Átha Cliath. Inniu, glactar leis go bhfuil sé níos praiticiúla trí mhórchanúint - Gaeilge Uladh, Gaeilge Chonnacht agus Gaeilge na Mumhan - a aithint, agus go bhfuil cúiseanna teangeolaíochta leis an deighilt seo, sa bhreis ar na cúiseanna follasacha tíreolaíochta.

Fochanúintí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an deighilt a dhéanann Ruairí Ó hUiginn ar na fochanúintí éagsúla san aiste a scríobh sé do Stair na Gaeilge (lch. 543) ná:

  • Gaeilge Oileáin Árann agus Chois Fharraige. Is é seo an cineál Gaeilge a mhúintear sa leabhar cáiliúil le Mícheál Ó Siadhail, Learning Irish. Sa chanúint seo, fágtar an -th- agus an -ch- caol idir gutaí ar lár, ionas go ndéantar [bˠo:ɾˠ] ("bó'r") den fhocal bóthar agus [dˠɾˠaɪdˠ] nó [dˠɾˠe:dˠ] ("draighead", "draed") den fhocal droichead. Seo an cineál Gaeilge a bhí ó dhúchas ag Máirtín Ó Cadhain, rud atá le haithint go soiléir ar a chuid scríbhneoireachta.
  • Gaeilge Oirthear na Gaillimhe, is é sin, Gaeilge Bhaile an Chláir. Is féidir staidéar a dhéanamh ar an gcanúint seo i bhfoirm scríofa sa bhailiúchán béaloidis úd Seanchas Thomáis Laighléis, a chuir Tomás de Bhaldraithe in eagar[2]. Sa chanúint seo, déantar leofa de leo agus díofa de díbh, rud ba mhó a shamhlófaí le Gaeilge Uladh.
  • Gaeilge Iarthar Chonamara. Seo an cineál Gaeilge a chloisfeá i Ros an Mhíl, sa Cheathrú Rua, i gCarna, agus i Ros Muc, agus seo an cineál Gaeilge is mó a bhí acu siúd a chuaigh go Ráth Cairn thiar sna tríochaidí leis an áit a thabhairt chun míntíreachais. Sa chanúint seo, ní dhéantar bór de bóthar, ach ina dhiaidh sin féin tá sí iontach cosúil le Gaeilge Chois Fharraige.
  • Gaeilge Thuaisceart Chonamara, is é sin, Gaeilge Shraith Salach, mar shampla. Sa chineál seo Gaeilge, déantar [uː] fada de -adh i ndeireadh na bhfocal, rud atá níos cosúla le Gaeilge Mhaigh Eo agus le Gaeilge Uladh ná le Gaeilge Dheisceart na Gaillimhe, a dhéanann guta cúnta (guta doiléir, schwa) den chineál seo foirceann.
  • Gaeilge Dheisceart Mhaigh Eo, is é sin, Gaeilge Thuar Mhic Éadaigh, agus is iomaí saintréithe a chuidíonn sí leis an gcineál Gaeilge a labhraítear in Iorras. Deirtear gurb iad na cineálacha seo na canúintí is cóngaraí don Ghaeilge Chlasaiceach maidir leis an bhfoghraíocht.[3]
  • Gaeilge Oileán Acla. Tá tionchar láidir ó Ghaeilge Uladh le sonrú i bhfoclóir na canúna seo, ó chuir cuid mhór daoine ó Chúige Uladh fúthu san áit thiar sa tseachtú haois déag.
  • Gaeilge Íochtar Chonnacht - is é sin, Gaeilge Thuaisceart Mhaigh Eo a labhraítear in Iorras (Tabhair faoi deara go dtagraíonn "íochtar tíre" don tuaisceart agus "uachtar tíre" don deisceart sna logainmneacha go minic - gnás atá bun os cionn leis an dóigh a dtaispeántar an tír sna mapaí). Mar shampla, déantar [ɪç] nó [ç] de -ith i ndeireadh focal difriúil mar maith [mˠaç] agus bith [bʲɪç] agus déantar [uː] de -adh (dhá airí atá le cloisteáil i nGaeilge Uladh, freisin). Tabhair faoi deara nach bhfuil an chanúint leathslí idir Gaeilge Chonamara, agus Gaeilge Thír Chonaill go díreach. Tá cúpla dearbh-airí ag an gcanúint seo nach bhfeicteá in aon chanúint eile ar fud na tíre, mar atá, mar shampla, an fordhealú coimeádach idir ceithre leagan na bhfóinéimí /l/ (/l̪ˠ~lˠ~lʲ~l̠ʲ/) agus /n/ (/n̪ˠ~nˠ~nʲ~n̠ʲ/), agus bá na ngutaí gairide i ndeireadh na bhfocal, tar éis consain neamhghlóraigh (mar shampla i chun an tsiopa [ənˠ ə tʲʊpˠ], ina mbáitear an [ə] de siopa)[4] agus a lán saintréithe eile. Faoi dheireadh, áfach, tá sí sách cosúil leis an gcineál Gaeilge a labhraítear in Oileán Acla, agus, mar a luaítear thuas, le Gaeilge Thuar Mhic Éadaigh.

Focail[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • aibéil (Mhaigh Eo) go tapaidh nó go sciobtha
  • aiteall sos báistí, turadh
  • araíocht: tá an lá in araíocht tá cuma mhaith ar an lá (go háirithe ag tabhairt le fios go bhfuil an lá oiriúnach d'obair de chineál ar leith, iascaireacht ach go háirithe)
  • bád aeir eitleán
  • bailithe imithe (díreach cosúil le Gaeilge na Mumhan)
  • báisteach is mó a úsáidtear, in áit fearthainn
  • bladhrúch bladhrach, búirfeach
  • blaoch glaoch. Tabhair faoi deara ag blaoch is ag bladhrúch = ag glaoch is ag búirfigh
  • bosca ceoil mileoidean
  • cantal drochghiúmar
  • cantalach cancránach, cnáimhseálach
  • casadh: is gnách ceol a chasadh i nGaeilge Chonnacht, in áit é a sheinm
  • céardós cén sórt, cén cineál
  • cinnt: leagan den bhriathar cinneadh é, ach is é is ciall leis ná "sárú, bheith ródheacair, teip": chinn sé orm ciall ar bith a bhaint as an méid seo níor éirigh liom ciall ar bith a bhaint as an méid seo; tá sé ag cinnt orm, tá sé cinnte orm, ciall ar bith a bhaint as an méid seo 7rl.
  • coisméig coiscéim
  • comhairleachan comhairliú
  • crúóg práinn, deifir, fuadar. (Crua-aenna is brí leis an bhfocal crúóga(í) i nGaeilge Uladh.)
  • cruthachtáil cruthú
  • cuisliméir (nó cuisliméara, de réir ghramadach na canúna) custaiméir
  • deargadh adhaint, fadú, lasadh (tine). An bhfuil deargadh agat? An bhfuil cipíní nó lastóir agat le haghaidh mo thoitín?
  • drochmhúinte olc, mallaithe, feargach. Daoine a bhíonn drochmhúinte i gConnachtaibh; i nGaeilge Uladh, áfach, is do na hainmhithe, na madraí mar shampla, is minice a thagraíonn an aidiacht seo.
  • éist!: úsáidtear an briathar seo sa chiall "ná bac!", "fág socair!", "éirigh as!"
  • eiteachtáil eiteach, diúltú
  • fainic! aire! rabhadh! seachain thú féin! togh do choiscéim!
  • foscadh (nó fascadh) fothain, cosaint ar an mbáisteach nó ar an ngaoth
  • gail gal, toit, tobac; gail a chaitheamh tobac a chaitheamh
  • geábh turas (sa dhá chiall: "turas taistil", nó "iarracht amháin")
  • ghoil, ag goil: seo an cineál comhthruailliú de dul agus gabháil a d'fheicfeá i nGaeilge Uladh freisin
  • gnaith gnó
  • gúm scéim, plean, tionscadal. Focal é seo a bhí ag Tomás Laighléis. Is é an focal seo is bun le ainm an tí foilsitheoreachta úd An Gúm - ar dtús, níor thagair ainm an fhoilsitheora ach don scéim aistriúcháin.
  • lagachan lagú
  • leanacht leanúint
  • mórán: ní úsáidtear é ach amháin ar lorg briathar diúltach: tá neart acu ann a deirtear, agus níl mórán acu ann. Bheadh sé ceart go leor tá mórán acu ann a rá i nGaeilge Uladh, ach níl cuma chomh nádúrtha céanna ar an leagan sin i nGaeilge Chonnacht.
  • múr báisteach throm
  • ní mé ní fheadar, níl a fhios agam. Roimh cheisteanna reitriciúla is mó a chloisfeá é. Ní mé an bhfuil crothán céille ag an amadán sin. "An bhfuil crothán céille ag an amadán sin, meas tú?"
  • olc: Is éard atá i gceist le duine olc ná duine ar furasta fearg a chur air, duine taghdach. Duine mallaithe a thabharfadh muintir na Mumhan ar a leithéid.
  • scafánta luath
  • scaladh: tá an ghrian ag scaladh tá an ghrian ag taithneamh
  • sciobtha luath
  • taobhachtáil taobhú
  • tar éis: bíonn a lán leaganacha éagsúla de seo le cloisteáil sa chanúint: ar théis, léis, mar shampla. Tabhair faoi deara tar éis (is) go, ar théis (is) gó sa chiall cé go: Ar théis is nár chreid mé féin sna daoine maithe ariamh, bíonn a lán rudaí neamhshaolta ann.
  • tíocht teacht
  • togha an-mhaith, ar fheabhas. Chloisfeá mar aidiacht é, fiú: tá an rud seo togha.
  • ruainne a úsáidtear in áit blúire
  • sráid an clós timpeall an tí
  • toisiú (Maigh Eo) tosú
  • trust muinín a bheith agat as. Iasacht sheanársa é an focal seo i nGaeilge Chonnacht, agus is féidir córas iomlán réimnithe an bhriathair a chur i bhfeidhm air: duine a thrust; níor thrust mé an scabhaitéara sin ariamh ní raibh muinín agam as an scabhaitéir sin riamh
  • údar: úsáidtear sa chiall "cúis", "fáth" é freisin
  • úmachan (Maigh Eo) "ullmhú don turas"

Leabhair i nGaeilge Chonnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • ÁR nOILEÁN - TUILE 'S TRÁ. Bailiúchán Bhéaloideas Árann. Mná Fiontracha, gan dáta. ISBN 0-9546061-1-6
  • BECKER, Heinrich (Eag.): I mBéal na Farraige. I gComhar le hOllscoil Wuppertal (Bergische Universität) sa Ghearmáin agus le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1997 (béaloideas) Conamara/Cois Fhairrge
  • BREATHNACH, Pádraic: Buicéad Poitín agus scéalta eile. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1978/1986 (gearrscéalta) Maigh Cuilinn
  • Bean Aonair agus scéalta eile. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1984 (gearrscéalta) Maigh Cuilinn
  • Ar na Tamhnacha. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1987 (gearrscéalta) Maigh Cuilinn
  • Gróga Cloch. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1990 (úrscéal) Maigh Cuilinn
  • An Pincín agus scéalta eile. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1996 (gearrscéalta) Maigh Cuilinn
  • As na Cúlacha. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1998 (úrscéal) Maigh Cuilinn
  • (Eag.)Maigh Cuilinn - a Táisc is a Tuairisc. Cló Chonamara, Indreabhán 1986 (béaloideas) Maigh Cuilinn
  • DE BHALDRAITHE, Tomás (Eag.): Seanchas Thomáis Laighléis. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1977/1981 (béaloideas) Baile an Chláir
  • IDIR MNÁ - Scríbhneoirí Ban Ros Muc. Pléaráca Chonamara, Ros Muc 1995 (cuimhní cinn, seanchas, béaloideas) Ros Muc, Conamara
  • MAC AMHLAIGH, Dónall: Beoir Bhaile agus scéalta eile. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1981 Conamara
  • Dialann Deoraí. Réamhrá le Niall Ó Dónaill. An Clóchomhar Teoranta, 1960/1966/1970. (dírbheathaisnéis) Conamara
  • MAC AN IOMAIRE, Séamas: Cladaí Chonamara. An Gúm, Baile Átha Cliath 1985 (seanchas) Conamara
  • MAC CON IOMAIRE, Liam: Breandán Ó hEithir - Iomramh Aonair. Cló IarChonnachta, Indreabhán 2000 (beathaisnéis) Conamara - Árainn
  • MAC LOCHLAINN, Alf: Fiáin na Bocs a Bhí ann an tAm Sin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1999 (stair áitiúil) Conamara
  • MAG RUAIDHRÍ, Mícheál: Le Linn m'Óige. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2001 (cuimhní cinn) Tuaisceart Mhaigh Eo
  • MAG UIDHIR, Séamas: Fánaíocht i gContae Mhaigh Eo. An Gúm, Baile Átha Cliath 1994 Tuaisceart Mhaigh Eo
  • NÍ MHAINNÍN, Cáit: Cuimhní Cinn Cháit Ní Mhainnín. Cló IarChonnachta, Indreabhán 2000 (dírbheathaisnéis) Conamara
  • Ó BAOILL, Pádraig (Eag.): Glórtha ár Sinsear. Béaloideas Oirdheisceart na Gaillimhe. I gcomhar le Loughrea History Project. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2005. (béaloideas) (Oirthear na Gaillimhe)
  • Ó CADHAIN, Máirtín: Athnuachan. Coiscéim. Baile Átha Cliath 1995 (úrscéal) Conamara
  • An Braon Broghach. An Gúm, Baile Átha Cliath 1991 (gearrscéalta) Conamara
  • Barbed Wire. Arna cur in eagar ag Cathal Ó hÁinle. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002 (úrscéal) Conamara
  • Caiscín. Altanna san Irish Times 1953/56. Arna gcur in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1998 (iriseoireacht) Conamara
  • Cois Caoláire. Sáirséal - Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 2004 (géarrscéalta) Conamara
  • Cré na Cille. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1949/1965 (úrscéal) Conamara
  • Idir Shúgradh agus Dáiríre. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1975 (gearrscéalta) Conamara
  • Tone Inné agus Inniu. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1999 (stair, polaitíocht) Conamara
  • An tSraith dhá Tógáil. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1970/1981 (gearrscéalta) Conamara
  • An tSraith Tógtha. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1977 (gearrscéalta) Conamara
  • An tSraith ar Lár. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1986 (gearrscéalta) Conamara
  • Ó Cadhain i bhFeasta. Eag. Seán Ó Laighin. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1990 (aistí, iriseoireacht, stair, polaitíocht, ábhar ilghnéitheach) Conamara
  • An Ghaeilge Bheo - Destined to Pass. Eagarthóir: Seán Ó Laighin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002. (taighde agus tuairimí) Conamara (Béarla atá i gcuid den leabhar.)
  • Caithfear Éisteacht! Aistí Mháirtín Uí Chadhain in Comhar. Eagarthóir: Liam Prút. Comhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1999 (aistí) Conamara
  • Ó CAITHLÍN, Antoine ("Tony Catherine Antoine William"): A Chomhairle Féin do Mhac Anna. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1999 (béaloideas) Oileán Acla
  • Seanfhocail as Acaill. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1995 (béaloideas) Oileán Acla
  • Ó CATHÁIN, Séamas agus Caitlín Uí Sheighin (Eag): A Mhuintir Dhú Chaocháin, Labhraigí Feasta! Cló Chonamara, Indreabhán 1987 (béaloideas) Tuaisceart Mhaigh Eo
  • (Eag): Le Gradam is le Spraoi. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1996 (béaloideas) Tuaisceart Mhaigh Eo
  • Ó CEALLAIGH, Colm: Brídín. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán 1995 (úrscéal) Conamara
  • Meilt Mhuilte Dé. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002 (úrscéal) Conamara
  • Clann na Feannóige. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2004 (gearrscéalta) Conamara
  • Ó CEANNABHÁIN, Peadar (Eag.): Éamon a Búrc - Scéalta. Leabhar Thaighde, an dóú himleabhar is dhá scór. An Clóchomhar, Baile Átha Cliath 1983/2000 (béaloideas) Conamara
  • Ó COINCHEANAINN, Peadar: Inis Meáin - seanchas agus scéalta. Bill Doyle a mhaisigh, Pádraig Ó Siadhail a chóirigh an t-eagrán seo. An Gúm, Baile Átha Cliath 1993 (srair áitiúil) Oileáin Árann
  • Ó CONAOLA, Dara: Amuigh Liom Féin. Ceardshiopa Inis Oírr Teoranta, Inis Oírr 1988 (scéal) Oileáin Árann
  • Cor in Aghaidh an Chaim. Ceardshiopa Inis Oírr Teoranta, Inis Oírr 1983 (scéal) Oileáin Árann
  • Ó CONGHAILE, Mícheál: Mac an tSagairt. Cló Iar-Chonnachta, Béal an Daingin 1986 (gearrscéalta) Conamara
  • Seachrán Jeaic Sheáin Johnny. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán 2002 (úrscéal) Conamara
  • Ó CONGHAILE, Seán: Cois Fharraige le mo Linnse. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1974/1984 (seanchas) Conamara
  • Ó CORBÁIN, Seán: Daoine Dathúla an Iarthair. Cló Chaisil, Baile Átha Cliath 2005. Oirthear na Gaillimhe
  • Ó CURRAOIN, Seán (Eag.): Iascairín Chloch na Cora - Scéalta agus Seanchas ó Bhearna agus na Forbacha. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2000 Bearna - Na Forbacha
  • Ó DUINNSHLÉIBHE, Tomás: Taidhgín. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1995 (úrscéal) Tuar Mhic Éadaigh
  • Ó FINNEADHA, Cóil Learaí: Tórramh an Bhardail agus Scéalta Eile. An Gúm, Baile Átha Cliath 1995. (gearrscéalta) Conamara
  • Ó FLAITHEARTA, Liam: Dúil. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1970 (gearrscéalta) Oileáin Árann
  • Ó GIOLLAGÁIN, Conchúir (Eag.): Stairsheanchas Mhicil Chonraí - Ón Máimín go Ráth Cairn. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1999 (béaloideas, cuimhní cinn, dírbheathaisnéis) Ráth Cairn
  • Ó GRÁINNE, Diarmuid (Eag.): Máire Phatch Mhóir Uí Churraoin - A Scéal Féin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1995/1997 (dírbheathaisnéis) Conamara
  • Ó hEITHIR, Breandán: An Chaint sa tSráidbhaile. Eagarthóir: Caoilfhionn Nic Pháidín. Comhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1991 (iriseoireacht) Oileáin Árann
  • Lig Sinn i gCathú. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1983 (úrscéal) Oileáin Árann
  • Sionnach ar mo Dhuán. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1988 (úrscéal) Oileáin Árann
  • Ó LAIGHIN, Pádraig G.: Bánú Phartraí agus Thuar Mhic Éadaigh. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1997 (stair áitiúil) Deisceart Mhaigh Eo
  • Ó MÁILLE, Tomás: An Béal Beo. An Gúm, Baile Átha Cliath 2002 (teanga)
  • An tIomaire Rua. Cogadh na Saoirse i dTuaisceart Chonamara. Máirtín Ó Cadhain a chóirigh an t-eagrán nua seo. An Gúm, Baile Átha Cliath 2007. (stair)
  • Ó NEACHTAIN, Joe Steve: Clochmhóin. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1998 (gearrscéalta) Conamara
  • Scread Mhaidine. Cló IarChonnachta, Indreabhán 2003 (úrscéal)
  • Lámh Láidir. Cló IarChonnachta, Indreabhán 2005 (úrscéal)
  • Ó RÁIGHNE, Mícheál: Bóithrín na hAille Báine. Cló IarChonnachta, Indreabhán, Conamara 1994 (úrscéal) Conamara
  • Deoir ón tSúil. Cló IarChonnachta, Indreabhán, Conamara 1993 (úrscéal) Conamara
  • Nach Iomaí Cor sa Saol. Cló IarChonnachta, Indreabhán, Conamara 2002 (úrscéal) Conamara
  • Ó RUADHÁIN, Seán: Pádhraic Mháire Bhán. An Gúm, Baile Átha Cliath 1994 Tuaisceart Mhaigh Eo
  • RIDIRE AN GHÁIRE DHUIBH agus scéalta eile. Mícheál Mac Ruairí a d'inis. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1993 Tuaisceart Mhaigh Eo
  • SCÉALTA MHÁIRTÍN NEILE, bailiúchán scéalta ó Árainn. Holger Pedersen a thóg síos, Ole Munch-Pedersen a chuir in eagar. Comhairle Bhéaloideasa Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 1994 (béaloideas) Oileáin Árann

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó hUiginn, Ruairí: Gaeilge Chonnacht. Lch. 539-609 i: Stair na Gaeilge in ómós do Phádraig Ó Fiannachta, curtha in eagar ag Kim McCone, Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad 1994.
  • Ó Murchú, Séamas, An Teanga Bheo - Gaeilge Chonamara. Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath 1998.
  • Mhac an Fhailigh, Éamonn (1968), The Irish of Erris, Co. Mayo, Dublin Institute for Advanced Studies, ISBN 0-901282-02-2

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Linguistic Atlas and Survey of the Irish Dialects. Dublin: Dublin. Institute for Advanced Studies. Wagner, H. (1959)
  2. Seanchas Thomáis Laighléis · Eag. Tomás de Bhaldraithe. €20.00 2011. ISBN 978-1-906883-17-1 (978-1-906883-17-1) (CIC www.cic.ie). Clúd. Bog.
  3. De Búrca, Seán (1958), "The Irish of Tourmakeady", Dublin Institute for Advanced Studies, ISBN 0-901282-49-9
  4. Mhac An Fhailigh, Éamonn (1968), The Irish of Erris, Co. Mayo, Dublin Institute for Advanced Studies, ISBN 0-901282-02-2

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]